Méid an Téacs

Tús curtha le hathleasú pátrúnachta i scoileanna na tíre

Deireadh Fómhair 24, 2012

Chuir an tAire Oideachais Ruairí Quinn tús leis an chéad chéim i dtreo bunscoileanna i 44 ceantar a dhífheistiú ó stiúir na hEaglaise Caitlicí de bharr éilimh mhór i measc tuismitheoirí ag lorg córas pátrúnachta a oireann dá gcuid riachtanas.

Chun go cinnteofar go mbeidh mianta an phobail san áireamh, tá suirbhé anois á scaipeadh i measc tuismitheoirí i gcúig cheantar ina bhfuil scoileanna faoi stiúir na hEaglaise Caitlicí le dul faoi phátrúnacht úr: An tInbhear Mór, Caisleán an Bharraigh, Fionnbhrú, Baile Átha Troim agus an Trá Mhór.

Cuirfear tús le scaipeadh na suirbhéanna sa 39 ceantar eile an mhí seo chugainn agus táthar ag súil go mbeidh pátrúin úra curtha i ngníomh faoi mhí Mheán Fómhair na bliana seo chugainn má chuireann an líon ceart tuismitheoirí a dtuairimí in iúl.

Is iad An Foras Pátrúnachta; Educate Together; an VEC; National Learning Network; agus Redeemed Christian Church of God na pátrúin a bheidh ag dul san iomaíocht don chúig cheantar seo agus tá treoirlínte géara curtha i bhfeidhm ag an Roinn Oideachais do na patrúin i dtaobh láimhseála chun go scaipfear eolas i measc tuismitheoirí ar bhealach ceart agus cothrom.

Sa suirbhé, a bheidh á scaipeadh den chuid is mó ar líne, iarrfar ar thuismitheoirí más mian leo réimse níos leithne de phátrúin ar scoileanna, ansin iarrfar orthu vóta a dhéanamh in ord tosaíochta ar na patrúin atá tar éis suim a thaispeáint i dtaobh scoileanna a stiúradh ina gceantair. Iarrfar ar thuismitheoirí chomh maith ar mhian leo scoileanna aon ghnéis nó scoileanna comh-oideachais.

Anuas air sin beidh deis ag tuismitheoirí a léiriú ar mhian leo a bpáistí a chur chuig scoil Béarla nó lán-Ghaeilge.

Is é An Foras Pátrúnachta an príomh-rogha maidir le pátrúnacht do thuismitheoirí ar mhian leo an ghaelscolaíocht agus an tumoideachas a chur chun cinn ina gceantar féin. Tá 61 bunscoil agus 3 meánscoil faoi phátrúnacht an Forais faoi láthair agus na daltaí sna scoileanna sin tumtha sa Ghaeilge ón gcéad lá a fhreastalaíonn siad.

“Tá An Foras Pátrúnachta ábalta freastal ar na mianta éagsúla atá ag tuismitheoirí ó thaobh oideachas lán-Ghaeilge agus sainspiorad Ilchreidmheach, Idirchreidmheach nó Caitliceach.” a dúirt Ard-Rúnaí An Fhorais Phátrúnachta, Caoimhín Ó hEaghra.

Tá an tAire Ruairí Quinn ag iarraidh ar thuismitheoirí an suirbhé a chomhlíonadh roimh 9 Samhain 2012. Tá gach eolas maidir leis an athleasú pátrúnachta ar fáil ar www.foras.ie agus is féidir teacht ar leagan leictreonach den suirbhé ar www.education.ie.

GAELPORT.COM