Méid an Téacs

Tús curtha leis an bpróiseas clárúcháin i nGaelcholáiste an Phiarsaigh

Márta 19, 2013

Cuireadh tús leis an bpróiseas clárúcháin do Ghaelcholáiste nua, a osclófar i nDún Droma i mBaile Átha Cliath in 2014.

Bhailigh slua mór le chéile i mBaile na Lobhar chun an t-eolas is déanaí faoi Ghaelcholáiste an Phiarsaigh a chloisteáil. Tá An Foras Pátrúnachta ina phatrún ar an nGaelcholáiste nua. Freastalóidh an scoil, a bhfuil éiteas ilchreidmheach aici, ar an éileamh mór atá ar iarbhunscoileanna lán-Ghaeilge i ndeisceart Bhaile Átha Cliath.

Dar le Caoimhín Ó hEaghra, Ard Rúnaí ar an bhForas Pátrúnachta, tá an Foras Pátrúnachta agus an Roinn Oideachais ag obair le chéile faoi láthair chun suíomh sealadach agus suíomh buan a aimsiú don scoil.

Dúirt Cathaoirleach an ghrúpa bunaithe, Lorcán Mac Gabhann, go bhfuil siad ag súil go mbeidh an scoil in ann freastal ar an éileamh sa cheantar d’oideachas lán-Ghaeilge.

Tá an fhoirm chlárúcháin chomh maith leis an bpolasaí iontrála ar fáil ar an suíomh idirlín www.gaelcholaiste.com