Méid an Téacs

Tús leis an bpróiseas chun scoileanna faoin Eaglais Chaitliceach a aistriú go pátrúin eile

Deireadh Fómhair 22, 2012

Thug an t-Aire Ruairí Quinn fios don phobal inniu maidir leis an gcéad chuid den phróiseas i ndífheistiú scoileanna Caitliceacha. Tá suirbhé á dhéanamh chun mianta tuismitheoirí a mheas maidir le cén cineál bunscoil atá uathu dá gceantar.

Deir Ard-Rúnaí An Foras Pátrúnachta, Caoimhín Ó hEaghra, “Tá an Roinn Oideachais agus Scileanna ag tabhairt níos mó roghanna do thuismitheoirí, sa phróiseas seo, ar an gcineál scoil gur mian leo ó thaobh an meán teagaisc agus sainspiorad na scoile.” Lean Ó hEaghra ag rá, “Tá An Foras Pátrúnachta ábalta freastal ar na mianta éagsúla atá ag tuismitheoirí ó thaobh oideachas lán-Ghaeilge agus sainspiorad Ilchreidmheach, Idirchreidmheach nó Caitliceach.”

Tá tús á chur leis an suirbhé i gcúig cheantar: An tInbhear Mór, Caisleán an Bharraigh, Fionnbhrú (lena n-áirítear An Choill Mhór Thiar agus Beaumont), Baile Átha Troim agus an Trá Mhór. Tá an tAire ag iarraidh ar thuismitheoirí ó na ceantair seo dul ar líne agus an suirbhé a líonadh roimh an Aoine, 09 Samhain 2012. Is féidir an suirbhé a fháil ar suíomh na Roinne ag www.education.ie nó is féidir gach eolas a fháil ar ár suíomh ag www.foras.ie.

Deir ó hEaghra ‘gur deis iontach é seo do thuismitheoirí ar mhaith leo oideachas lán-Ghaeilge a chur chun cinn ina gceantar. Is fiú dóibh an suirbhé a líonadh agus scoil lán-Ghaeilge faoi An Foras Pátrúnachta a roghnú’. Lean Ó hEaghra ar aghaidh ‘más mian le tuismitheoirí scoil lán-Ghaeilge ba chóir dóibh na buntáistí atá leis a mhíniú do thuismitheoirí eile agus a dtacaíocht a lorg.

Tá An Foras Pátrúnachta ag soláthar éagsúlacht agus iolrachas agus ag freastal ar éileamh thuismitheoirí ó bunaíodh é i 1993. Beidh eolas cuimsitheach mar gheall ar an bpróiseas ar suíomh An Foras Pátrúnachta (www.foras.ie) agus beimid ar fáil chun eolas a sholáthar ar bhuntáistí oideachas lán-Ghaeilge, an sainspiorad Ilchreidmheach nó fúinn mar phátrún.

Le haghaidh agallaimh nó tuilleadh eolais, dean teagmháil le:
Caoimhín Ó hEaghra:: 01-6294110 :: eolas@foras.ie
Siobhán Seoighe :: 01-6294110 :: eolas@foras.ie

Féach blag nua AN FORAS PÁTRÚNACHTA anseo.