Méid an Téacs

Tús spraíúil uile oileáin curtha le Bliain na Gaeilge 2013

Samhain 28, 2012

Seoladh Bliain na Gaeilge 2013, ceiliúradh bliana tiomanta don teanga, ag an deireadh seachtaine i mbailte fud fad na tíre.

Reáchtáladh imeachtaí don chlann ar an Domhnach i mBaile Átha Cliath, Béal Feirste, Doire, Inis, Maigh Eo agus Gaillimh mar chuid de Spraoi sa Phobal, ag cur tús dathannach leis an gceiliúradh bliana tiomanta don Ghaeilge a thitfidh amach sa bhliain 2013.

Bhailigh na sluaite le chéile sna ceantair éagsúla ina raibh ceol, rince, caint agus imeachtaí don óige ar siúl mar chuid don ócáid speisialta agus scaoil na pobail uile 120 balún ag 3pm mar cheiliúradh ar 120 bliain d’athbheochan na Gaeilge.

Bhí aíonna speisialta i láthair leis an fhéile a sheoladh i ngach ceantar. Cuireadh fáilte roimh Naoise Ó Muirí, Ard-Mhéara Bhaile Átha Cliath ar Shráid an Rí Theas sa phríomhchathair, áit a raibh ceol beo agus céilí mór. Bhí an t-aisteoir Dónall Mac Giolla Chóill mar aoi ag an gCultúrlann i mBéal Feirste, rinne Méara Dhoire Kevin Campbell an fhéile a sheoladh ag Droichead na Síochána agus bhí Frank Fahy, Leas-Mhéara Chathair na Gaillimhe agus an t-aisteoir Eithne Nic Enrí mar aíonna speisialta ag an gceiliúradh i gCathair na Gaillimhe.

Reáchtálfar a lán imeachtaí éagsúla le linn Bhliain na Gaeilge 2013 ag a mbeidh deis ag pobal uile na tíre agus pobail i dtíortha éagsúla ar fud an domhain leas a bhaint as a gcuid Gaeilge.

Dúirt Julian de Spáinn, Eagraí Sheoladh Náisiúnta Bhliain na Gaeilge 2013: “Tá sé mar aidhm ag Bliain na Gaeilge an pobal a ghríosú agus a chumasú chun an Ghaeilge a úsáid. Táimid ag iarraidh ar gach duine úsáid a bhaint as an nGaeilge lena gcuid cairde, gaolta, comhghleacaithe agus eile a bhliain 2013, páirt a ghlacadh sna comórtais a bheidh á reáchtáil do Bhliain na Gaeilge, agus páirt a ghlacadh sna himeachtaí éagsúla a luaitear ar www.gaeilge2013.ie ”.

Beidh imeachtaí speisialta á n-eagrú ag os cionn 50 eagraíocht rannpháirtithe le linn na féile idir cheolchoirmeacha, imeachtaí spóirt, fhéilte agus neart eile. Táthar ag súil go rachaidh an fhéile bliana agus go háirithe na himeachtaí iontacha a bheidh ag titim amach go mór i bhfeidhm ar an bpobal agus ar a chuid spéise sa teanga. Clárófar na himeachtaí uile ar fhéilire Bhliain na Gaeilge atá le fáil anois ag www.gaeilge2013.ie.

Foilsithe ar Gaelport.com