Méid an Téacs

Scléip …ardán don óige le Gael Linn !

Meán Fómhair 30, 2016

scleip2017cludach

Tá deis iontach á thabhairt do dhéagóirí a gcuid dtalainne a léiriú ar ardán ag Scléip Gael Linn.

Comórtas  spreagúil agus spraíúil é Scléip atá  á dírithe go sonrach ar na hiarbhunscoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta, ina  bhfuil an bhéim ar na healaíona comhaimseartha.  Bíonn deis ag amhránaithe, ceoltóirí, damhsóirí agus aisteoirí dul ar stáitse os comhair lucht féachana agus moltóirí proifisiúnta,in amharclanna ó cheann ceann na tíre. Beidh réamhbhabhtaí réigiúnacha á n-eagrús i dTaibhdhearc na Gaillimhe ar an Mháirt, 22 Samhain 2016, in Amharclann an Ionaid Óige, Mainistir Fhear Muí, Co. Chorcaí ar an gCéadaoin, 23 Samhain, in amharclann Clasach, Baile Átha Cliath ar an Mháirt, 29 Samhain agus in Amharclann an Gharáiste, Muineachán,  Déardaoin, 1 Nollaig, 2016. Beidh an craobhchomórtas ansin san amharclann Clasach, Baile Átha  Cliath ar an 2 Feabhra 2017. Tá an spriocdáta do iontrálacha ag teannadh linn – Dé Luain, 24 Deireadh Fómhair, 2016 !  Tá gach eolas faoi Scléip, mar aon le foirmeacha iontrála,  ar fáil ó 01:6751200 nó ag an nasc seo http://www.gael-linn.ie/default.aspx?treeid=268&id=36