Méid an Téacs

Scléip Gael Linn 2017 faoi lánseol!

Samhain 23, 2016

gg-3-idirbhliain-an-eachreidh

Buaiteoirí an chomórtais Rince Cruthaitheach ( Grúpaí) Sinsear, scoláirí  na hIdirbhliana ó Choláiste an Eachréidh, Baile Átha an Rí

Cuireadh tús spleodrach le Scléip 2017 i nGaillimh le déanaí, le scoth an cheoil, na hamhránaíochta, na haisteoireachta agus an rince !  Is éard atá i Scléip ná comórtas tallainne spreagúil agus spraíúil atá  dírithe go sonrach ar na hiarbhunscoileanna lán-Ghaeilge.  Eagraithe ag Gael Linn, is ardán don óige é a chuireann béim ar na healaíona comhaimseartha agus ar chruthaitheacht agus ar chumadóireacht na rannpháirtithe.  Bíonn deis ag daltaí ceol, amhráin, cóireagrafaíocht agus sceitsí nuachumtha a chur ar stáitse os comhair lucht féachana agus moltóir proifisiúnta, in amharclanna ó cheann ceann na tíre.

Reáchtáladh réamhbhabhta réigiúnach an iarthair den chomórtas i dTaibhdhearc na Gaillimhe ar an Mháirt, 22 Samhain. Chuaigh scoláirí ó  Choláiste an Eachréidh, Baile Átha an Rí, Coláiste Chroí Mhuire, An Spidéal, Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua,  Coláiste Naomh Éinne, Inis Mór, Coláiste Naomh Eoin, Inis Meáin  agus Gaelcholáiste Luimnigh ar ardán san amharclann stairiúil seo.  Agus ba é an chéad uair é ag scoláirí ó Choláiste Cholmcille, Indreabhán agus Coláiste Muire, Tuar Mhic Éadaigh,  a bheith rannpháirteach san ócáid bhliantúil seo!  Thréaslaigh na moltóirí, Mícheál Ó Ciaraidh agus  Méabh Ní Thuathaláin, leis na ceoltóirí, amhránaithe, aisteoirí agus rinceoirí uilig a chur taispeántais ilchineálacha os comhair an tslua mhóir a bhí i láthair.  Rachaidh na buaiteoirí  seo a leanas  ar aghaidh go dtí an craobhchomórtas ar an 2  Feabhra 2017, in amharclann Clasach, Baile Átha Cliath – comhghairdeas leo uilig !

Rince Cruthaitheach – Aonair ( Sóisear ):

Raphi Nic an Ghearr, Coláiste an Eachréidh, Baile Átha an Rí

Rince Cruthaitheach – Grúpaí ( Sinsear ):

Idirbhliain an Eachréidh, Coláiste an Eachréidh, Baile Átha an Rí

Sceitse Nuachumtha ( Sóisear ):

Luaithrín’, Grúpa ‘Balor’, Coláiste an Eachréidh, Baile Átha an Rí

Sceitse Nuachumtha ( Sinsear ):

‘Coróin na Foraoise’, Coláiste Naomh Eoin, Inis Meáin, Oileáin Árainn

Ceol Aonair Comhaimseartha ( Sóisear ):

Bláithín Ní Ghallachóir, Coláiste an Eachréidh, Baile Átha an Rí

Ceol Aonair Comhaimseartha ( Sinsear ):

Ruairc Ó Murchú, Coláiste Chroí Mhuire, An Spidéal, Co. na Gaillimhe

Slua-amhránaíocht ( Sóisear ):

‘Binneas’, Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe

Slua-amhránaíocht ( Sinsear ):

‘Pléasc’, Coláiste Naomh Éinne, Cill Rónáin, Inis Mór, Oileáin Árainn

Amhránaíocht Aonair Chomhaimseartha le féintionlacan (Sóisear ):

Rhianna Nic Dhomhnaill, Coláiste an Eachréidh, Baile Átha an Rí

Amhránaíocht Aonair Chomhaimseartha le féintionlacan (Sinsear ):

Sonny Ní Chathasaigh, Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe

Grúpaí Amhránaíochta Chomhairseartha le féintionlacan ( Sóisear ):

‘Grád A’, Coláiste Chroí Mhuire, An Spidéal

Grúpaí Amhránaíochta Chomhairseartha le féintionlacan ( Sinsear ):

Sorcha Ní Choncharraige, Stiofán Ó Ceallaigh, Mark Ó Gormáin Dálaigh, Coláiste an Eachréidh, Baile Átha an Rí

Tá Gael Linn an-sásta go bhfuil ardú tagtha ar líon na scoileanna atá ag glacadh páirte i gcomórtas Scléip arís i mbliana. Beidh réamhbhabhtaí réigiúnacha eile á n-eagrú sna laethanta amach romhainn , san Ionad Óige, Mainistir Fhear Muí, Co. Chorcaí ar an gCéadaoin, 23 Samhain,   in amharclann Clasach, Baile Átha Cliath ar an Mháirt, 29 Samhain, agus in Amharclann an Gharáiste,  Déardaoin, 1 Nollaig, 2016agus fógrófar na torthaí  in am tráth !  Coinnigh súil amach ar leathanach Facebook Scléip Gael Linn do ghrianghraif ó na hócáidí éagsúla.