Méid an Téacs

Seoladh An Traein: leabhrán ar an aistriú do pháistí ón naíonra chuig an scoil lán-Ghaeilge

Meán Fómhair 16, 2011

Ó 2009 ar aghaidh tá Forbairt Naíonraí Teo. agus Gaelscoileanna Teo. ag obair ar thionscadal taighde faoin aistriú ón naíonra go dtí an ghaelscoil, urraithe ag Foras na Gaeilge agus ag an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige. Mar thoradh ar an taighde sin, déanta ag an Dr. Máire Mhic Mhathúna, Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath, tá leabhrán, An Traein, le moltaí agus eolas do mhúinteoirí agus do stiúrthóirí naíonraí maraon le páipéar cúlra curtha le chéile agus seolfar an leabhrán in Áras Fhoras na Gaeilge, Baile Átha Cliath 2 ag 15.00 Dé Máirt seo chugainn, 20 Meán Fómhair.

Bíonn tionchar fadtéarmach ag aistriú maith ón naíonra go dtí an bhunscoil ar chumas foghlama na bpáistí tríd an mbunscoil ar fad. Tá sé d’aidhm ag an leabhrán, An Traein, cabhrú le stiúrthóirí naíonra, le múinteoirí gaelscoile, agus tríothusan le páistí agus le tuismitheoirí/caomhnóirí, an t-aistriú ón naíonra go dtí an ghaelscoil a dhéanamh go réidh, socair, sásúil.

Pléitear na príomhathruithe sa timpeallacht fhisiciúil, na hathruithe sóisialta agus féiniúlachta agus na hathruithe oideachasúla a mbíonn páistí ag dul in gleic leo agus iad ag aistriú ón naíonra/réamhscoil go dtí an bhunscoil. Tugtar cuntas inti ar na saintréithe a bhaineann leis an luath-thumoideachas agus ar chúrsaí teanga sna naíonraí agus sna gaelscoileanna. Déantar cur síos ar obair an naíonra agus ar shúgradh mar mhodh foghlama ag páistí óga.

Dar le Máire Uí Bhriain, Cathaoirleach Forbairt Naíonraí Teoranta, “is tréimhse an-tábhachtach i saol linbh í an tréimhse forbartha idir 0 agus 6 bliana d’aois. Trasnaíonn an tréimhse seo an t-am a chaitheann páistí i naíonraí agus i ranganna na naíonáin sa bhunscoil. Mar sin beidh ana-chabhair sa leabhrán nua seo don dá leibhéal agus tá súil againn go rachaidh sé chun leasa na bpáistí.”

Agus é ag tagairt don leabhrán dúirt Mícheál Ó Broin, Uachtarán Gaelscoileanna Teo. “Tá cosúlachtaí níos cinnte ag teacht chun cinn anois maidir leis an modh oibre atá i ranganna na naíonáin agus sa naíonra. Léirítear seo tríd an creatchuraclam don luath-óige, Aistear, agus i gcuraclam na naíonáin sa bhunscoil. Tugann an páipéar cúlra atá ar fáil don leabhrán seo léiriú ar na cosúlachtaí seo maraon le léiriú ar an gcreatlach náisiúnta cáilíochta a bhaineann le hardchaighdeáin i gcúram agus in oideachas na luath-óige, Síolta, caighdeáin a dhéanann tagairt shonrach don aistriú ón réamhscoil chuig an bhunscoil. Is rud nuálach í a leithéid de leabhrán bheith ar fáil do scoileanna agus do naíonraí agus táimid ag tnúth leis an toradh a fheiceáil thar na blianta romhainn.”

Chun an leas is fearr a bhaint as an taighde tá súil ag an dá eagraíocht scéim phíolótach a chur sa tsúil le linn 2012 chun an dea-chleachtas bunaithe ar thorthaí agus ar fhianaise a chinntiú. Beidh an scéim seo ina chabhair mhór do naíonraí agus gaelscoileanna sa todhchaí, leis an gcleachtas is fearr agus is úsáidí a aithint agus a chur i bhfeidhm chun an t-aistriú is oiriúnaí agus is éasca a chinntiú do pháistí.

Is í GAELSCOILEANNA TEO. eagraíocht chomhordaitheach na scoileanna lán-Ghaeilge.  Cabhraíonn sí le tuismitheoirí agus le grúpaí áitiúla scoileanna nua a bhunú agus tacaíonn sí leis na scoileanna atá bunaithe cheana féin. Is féidir tuilleadh eolais faoin eagraíocht a fháil ó www.gaelscoileanna.ie

Is cuideachta dheonach uile-Éireann í Forbairt Naíonraí Teoranta, a thacaíonn le seirbhísí, cúram agus oideachas trí Ghaeilge a chur chun cinn do pháistí ó aois an chliabháin ar aghaidh. Cuireann Forbairt Naíonraí Teoranta tacaíocht ar fáil chun na seirbhísí trí Ghaeilge seo thíos a bhunú, a bhuanú agus a riaradh: naíolanna, naíonraí, seirbhísí aois scoile, campaí samhraidh, agus grúpaí tuismitheoirí/caomhnóirí agus leanaí. Tuilleadh eolais ar fáil ó www.naionrai.ie.

Faigheann Forbairt Naíonraí Teoranta maoiniú ó Fhoras na Gaeilge agus ón Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige.

A thuilleadh eolais:

Forbairt Naíonraí Teoranta

Clíona Frost 086-0403709

Gaelscoileanna Teo.

Nóra Ní Loingsigh 01-8535191/ 087-6737560