Siansa 2017!
Márta 3, 2017
Ar an dara lá d’Aibreán, sa Cheoláras Náisiúnta, beidh ocht ngrúpa thradisiúnta in iomaíocht do dhuaischiste €4,500. Tá Siansa Gael Linn ar cheann de phríomhchomórtais cheoil agus amhránaíochta na tíre, a chothaíonn dlúthcheangal idir an Ghaeilge, an ceol agus an óige. Tháinig na grúpaí a bheidh ar ardán anocht trí chóras réamhbhabhtaí ó mhí na Samhna seo caite. Tosóidh an oíche ag 7.30 agus beidh Áine Hensey ina láithreoir.