Méid an Téacs

Siansa Gael Linn 2016 – BUA AN CHEOIL AG SCOLÁIRÍ CHOLÁISTÍ EOIN AGUS ÍOSAGÁIN !

Aibreán 18, 2016

Círéib

Círéib:  Curaidh Siansa Gael Linn 2016, an grúpa ‘Círéib’, ó Choláiste Eoin agus Coláiste Íosagáin.

 

Siansa16-Buaiteoirí

Siansa16-Buaiteoirí: An grúpa ‘Círéib’ ó Choláiste Eoin agus Coláiste Íosagáin, Baile an Bhóthair, Baile Átha Cliath ag glacadh lena nduais ó Phríomhfheidhmeannach Gael Linn, Antoine Ó Coileáin.  Sa phictiúr chomh maith tá (ar chúl ar chlé ), Robert Heuston, Irish Music Magazine agus ( ar chúl ar dheis ) Bairbre Uí Choisdealbha, RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Is iad an grúpa ‘Círéib’ ó Choláiste Eoin agus Coláiste Íosagáin, Baile Átha Cliath, seaimpíní Siansa Gael Linn na bliana seo. Fuair siad an ceann is fearr ar sheacht gcinn eile de ghrúpaí thraidisiúnta sa Chraobh a bhí ar siúl  sa Cheoláras Náisiúnta ar an Domhnach, 17 Aibreán. Gael Linn a eagraíonn an comórtas bliantúil seo do ghrúpaí óga faoi 19 mbliana, le cabhair ó RTÉ Raidió na Gaeltachta agus ó Irish Music Magazine.

Bhí an Ceoláras Náisiúnta lán go béal le comhscoláirí agus cairde ceoil na n-iomaitheoirí. Is iad baill an ghrúpa bhuacaigh ná Fiona Nic Gamhna, Micheál Ó Grálaigh, Seán Ó Casaide, Stiofán Ó Casaide, Caoimhe Blennerhassett, Clodagh Ní Dhaltúin, Fergal De Fuitléigh agus Cathal Ó Muirgheasa, agus thug siad leo Trófaí Gael Linn chomh maith le seic ar €2,500. An grúpa “Fuaimeanna Shliabh Luachra”  ó Cill Chuimín, Co. Chiarraí a fuair an  dara duais de €1,250 agus sa tríú háit bhí an grúpa ‘Gluaiseacht’ ó Iarthar Chorcaí, a fuair seic ar €750.

Ba iad na ceoltóirí aitheanta Dónal O’Connor, Niamh Ní Charra agus Declan Masterson a bhí ag moltóireacht ar an oíche agus óna gcuid cainte ina dhiaidh, bhí sé soiléir go rabhadar breá sásta le caighdeán na gceoltóirí agus na n-amhránaithe óga a bhí cloiste acu. Bhí an-áthas ar Dhónal agus ar Niamh gur ghlac na grúpaí leis an gcomhairle a thugadar dóibh, ag ceardlanna a eagraíodh dóibh, ag an dara céim den chomórtas – rud a chuir lena gcaighdeán ag an gCraobh.

Chomh maith leo siúd a bhí i láthair, bhí na mílte eile ag éisteacht leis an gceolchoirm beo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta. Áine Hensey a chuir an clár i láthair agus bhí an léiritheoir, Bairbre Uí Choisdealbha i láthair freisin, chun comhghairdeas a dhéanamh leis na duaiseoirí. ‘Bíonn láithreoirí na gclár ceoil sa stáisiún againne an-tógtha le lucht páirtíochta Siansa mar go mbíonn siad i gcónaí ábalta tabhairt faoi agallaimh leo i nGaeilge, bíodh is nach as an nGaeltacht a bhformhór’ a dúirt Bairbre.

Agus é ag gabháil buíochais le RTÉ Raidió na Gaeltachta, Irish Music Magazine, agus leis na grúpaí féin, dúirt Antoine Ó Coileáin, Príomhfheidhmeannach Gael Linn go raibh Siansa an-tábhachtach mar fheithicil chun an ceol agus an Ghaeilge a chaomhnú. ‘Tá stair fhada ag Gael Linn ó thaobh chur chun cinn an cheoil  agus na hamhránaíochta traidisiúnta Gaeilge. Ní gá ach breathnú ar lipéad ceoil  Gael Linn le liosta na gceirníní a cuireadh amach le 50 bliain anuas a fheiceáil, leithéidí  Sheosaimh Uí Éanaigh, Sheáin Uí Riada agus Clannad go Téada agus grúpaí eile sa lá atá inniu ann. Tá Siansa ag teacht ar réalta ’ a dúirt sé.

Craolfar clár teilifíse de chuid Red Shoe Productions ar bhuaicphointí Siansa Gael Linn 2016 ar TG4 ar an Luan, 2 Bealtaine, ar 5.25 i.n.

Tuilleadh eolais:  Niamh de Búrca 01:6753303/niamh@gael-linn.ie