Méid an Téacs

Sparántachtaí taighde bronnta ar mhic léinn An M. Oid. san Oideachas Lán-Ghaeilge i gColáiste Mhuire gan Smál

Deireadh Fómhair 11, 2017

Sparántachtaí taighde bronnta ar mhic léinn An M. Oid. san Oideachas Lán-Ghaeilge i gColáiste Mhuire gan Smál

Ar an Satharn, 07 Deireadh Fómhair 2017, bhronn Cathaoirleach na Comhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG), An tUas. Dónal Ó hAiniféin, spárántachtaí taighde ar mhic léinn an M. Oid. san Oideachas Lán-Ghaeilge i gColáiste Mhuire gan Smál, Luimneach. Bronnadh naoi sparánacht déag arbh fhiú suas le €6,000 an ceann iad in aghaidh an mhic léinn. Ag an ócáid, dúirt an tUas. Dónal Ó hAiniféin “Tá COGG an-sásta tacú leis na mic léinn ar an gclár iarchéime iontach seo agus tá ardmholadh tuillte ag foireann Choláiste Mhuire gan Smál as ceannródaíocht a léiriú san earnáil seo, earnáil atá de shíor i mbun éabhlóide”.

Tús turais nua sa ghort: An Dr T.J. Ó Ceallaigh, Comhordaitheoir an Chláir, Hayley Roe, mac léinn an chláir agus An tUas. Dónal Ó h’Ainiféin, Cathaoirleach COGG

Tús curtha leis an Aistear Taighde:  An Dr T.J. Ó Ceallaigh, Comhordaitheoir an Chláir, Bríd Ní Fhéinne, mac léinn an chláir agus An tUas. Dónal Ó h’Ainiféin, Cathaoirleach COGG

Léirigh Comhordaitheoir an Chláir, An Dr T.J. Ó Ceallaigh gur céimeanna ríthábhachtacha iad ullmhú agus forbairt ghairmiúil na múinteoirí in éabhlóid an tumoideachais éifeachtaigh teanga in Éirinn. Dúirt sé, “In ainneoin nádúr éagsúil agus dinimiciúil na gclár tumoideachais, tá easnamh mór taighde ar raon leathan topaicí a bhaineann le forbairt múinteoirí sa tumoideachas. Níos mó ná riamh, tá gá le béim a chur ar thaighde agus ar oideachas agus forbairt ghairmiúil leanúnach múinteoirí chun machnamh agus iniúchadh a dhéanamh ar bhuanna agus ar dhua an oideachais lán-Ghaeilge sa Ghaeltacht agus lasmuigh di. Tá plé gairmiúil lánbhrí den sórt sin ríthábhachtach le haghaidh rath agus fhás leanúnach an oideachais lán-Ghaeilge in Éirinn agus le haghaidh an tumoideachais ar fud na cruinne. Táimid an-bhuíoch do COGG as ucht na tacaíochta.”

Dúirt Príomhfheidhmeannach COGG, Muireann Ní MhóráinTréaslaím le Coláiste Mhuire gan Smál agus leis an Dr TJ Ó Ceallaigh as an gcúrsa máistreachta seo a fhorbairt ag tréimhse cinniúnach don oideachas Gaeltachta agus lán-Ghaeilge. Is cinnte go mbainfidh na mic léinn, agus dá réir sin a gcuid scoileanna, an-tairbhe as”.

Seoladh an clár iarchéime, An M. Oid. san Oideachas Lán-Ghaeilge, i gColáiste Mhuire gan Smál i 2013. Is é seo an chéad chlár iarchéime sa tír le sraith modúl atá comhtháite, comhleanúnach agus idirghaolmhar le freastal go sonrach ar oideoirí tumoideachais agus ar ghairmithe eile a bhíonn ag obair i réimse an oideachais lán-Ghaeilge sa Ghaeltacht agus lasmuigh di. Ma tá tuilleadh eolais uait a bhaineann leis an gclár trasearnála cumaisc foghlama seo, An M. Oid. san Oideachas Lán-Ghaeilge, is féidir teacht ar eolas ar leith anseo nó teagmháil a dhéanamh leis an gComhordaitheoir Cláir, An Dr T.J. Ó Ceallaigh ag tj.oceallaigh@mic.ul.ie

Ar chúl: Cathaoirleach na Comhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG), An tUas. Dónal Ó h’Ainiféin, An Dr Neasa Ní Chuaig, Léachtóir ar an gClár, An Dr T.J. Ó Ceallaigh, Comhordaitheoir an Chláir, Peadar Ó Tuathail, Joe Ó hEachteirn Sa lár: Donncha Ó Treasaigh, Bríd Ní Fhéinne, Eliosia Ní Lorcáin, Bríd Ní Sheighin, Lisa Nic Dhoinnléibhe, Máire Uí Dhifaigh, Orlaith Ní Fhoghlú, Hayley Roe, Aoife Ní Dhonnabháin, Yvonne de Faoite Suite chun tosaigh: Máirtín Pléimeann, Méabh Nic an tSaoir, Muireann Ní Arrachtáin, Niamh Uí Chadhla, Elaine Ní Longaigh, Máiréad Ní Chatháin Uí Chonchúir