Méid an Téacs

Spás Súgartha Nua i nGaelscoil Uí Riada

Iúil 1, 2016

Spás 5

#

 

 

 

Osclaíodh  spás súgartha nua i nGaelscoil Uí Riada, Wilton, Corcaigh,  ar an 7ú Meitheamh.  ‘Cúl an Tí’ a thug muintir na scoile ar an spás iontach seo.  Is áit súgartha í – ach le dífríocht – ‘siad daltaí na scoile a bhí lárnach i bpleanáil an spáis. Chabhraigh baill ón Roinn Teiripe Saothair in Ollscoil Chorcaí leis an scoil le dearadh an spáis agus lorgaíodar tuairimí na ndaoine a bheadh á úsáid – na daltaí féin.

Tá na gnéithe  ann a bhionn i ngach spás – sleamhnán, balla dreapadóireachta, dréimire rópa, bíomaí chun cothromaíocht a fhorbairt.  I dteannta sin tá bothán ann gur féidir le daltaí suí lena gcairde agus ciorcal cainte a úsáidtear mar sheomra ranga ‘amuigh faoin aer’.

Is as adhmad agus ábhair nadúrtha atá sé tógtha agus fágtar cúinní ag fás go fiáin leis.  Is breá le daltaí na scoile ó naíonáin go dtí na hardranganna ‘Cúl an Tí’ agus é lán de ‘iontaisí an tsaoil’.