Méid an Téacs

Spraoicheist Gael Linn 2013 i gCeatharlach

Meitheamh 25, 2013

Reachtáileadh ócáid an-speisialta trí Ghaeilge i gCeatharlach le déanaí do dhaltaí ins na hardranganna i mbunscoileanna an cheantair.

Spraoicheist an tSamhraidh a bhí i gceist, eagraithe ag Gael Linn i gcomhar le Glór Cheatharlach, agus d’éirigh go hiontach leis an ócáid. Ghlach breis is tríocha foireann páirt sa spraoicheist atá seanbhunaithe anois agus aitheanta mar cheann de na buaicphointí i saol na Gaeilge do dhaoine óga i gCeatharlach.

Bhí halla spóirt na Gaelscoile lán go béal go luath tar éis a deich a chlog ar maidin.Thángadar ag siúl, i gcarranna agus i mbusanna ó dheich scoil. Bhíodar ann ó Scoil Mhuire gan Smál, Gleann Uisean, Gaelscoil Eoghain Uí Thuairisc, Scoil an Easboig Uí Fhoghlú, Tigh an Raoireann, Scoil Chailíní an Teaghlaigh Naofa, Scoil Naomh Bríd Mhuinebheag, An Bóthar Glas, Baile na mBreathnach agud Díseart Diarmada.

Bhí éagsúlacht an-mhaith agus réimse an-leathan de cheisteanna le freagairt bunaithe ar spórt agus ceol, scannáin agus cláracha teilifíse, leabhair agus eolas ginearálta. Niamh de Búrca thar cheann Gael Linn a bhí ag cur na gceisteanna agus bhí muintir Ghlór Cheatharlach i mbun marcála. Tugadh raidhse de spotdhuaiseanna amach i rith an ama. Bhain cuid de na foirne scóranna an-ard amach le foireann na Gaelscoile ag barr an liosta le caoga seacht marc as seasca. Ar an bhfoireann bhí Leon Mac Conchoille, Rachel Ní Chaomhánaigh, Grace Ní Cheallaigh agus Lúc Ó hÉideáin. Scoil Dhiarmada as Díseart Diarmada a tháinig sa dara háit agus bhí Ciarán Ó Raghallaigh, Jennifer Ní Icí, Gavin Ó Raghallaigh agus Finn Ó Dúill ag ceiliúradh. Bhain foireann eile na Gaelscoile ina raibh Tadhg Ó Ceallaigh, Graeme Harland, Aindriú Mac Eochaidh agus Cathal Ó Muireacháin an tríú háit amach. Bronnadh duaiseanna, plaiceanna agus caipíní Gael Linn ar na foirne buachach uile.

Chun clabhsúr a chur leis an ócáid chuir roinnt de na daltaí ceolchoirm bheag i láthair. Bhí ceol uirlise ó pháistí Ghleann Uisean agus na Gaelscoile agus chan cailíní an Teaghlaigh Naofa agus daltaí ón mBóthar Glas cúpla amhrán. Ócáid agus imeacht an-taitneamhach dar leis na daltaí agus múinteoirí uile. Maidin álainn trí Ghaeilge mar chuid den lá scoile ach lasmuigh den seomra ranga. Ghabh Niamh de Búrca buíochas leis na daltaí agus na múinteoirí, le Glór Cheatharlach agus le bainistíocht na Gaelscoile as a dtacaíocht do Spraoicheist Gael Linn 2013.

Carlow Nationalist – Glór Cheatharlach

www.carlow-nationalist.ie

Foilsithe ar 25 Meitheamh 2013