Méid an Téacs

Sraith Eolaíochta TG4

Meán Fómhair 15, 2015

Tá Meangadh Fíbín ag taifeadadh sraith eolaíochta do dhaoine óga do TG4 i mí Meán Fómhair 2015.  Tá muid ag cuardach daoine óga le spéis faoi leith san eolaíocht a bhainfeadh sult as páirt a ghlacadh sa léiriúchán teilifíse spraíúil seo.

Ba chóir go mbeadh na heolaithe óga seo:

  • Ina gcainteoirí líofa Gaeilge
  • Idir 10-12 bliain d’aois
  • Gealgháireach agus cairdiúil
  • Ar fáil fá choinne 1-2 lá taifeadadh i nGaillimh ón 28ú Meán Fómhair -9ú Deireadh Fómhair 2015 (i gcuideachta tuismitheora/caomhnóra; cuirfear lóistín ar fáil)

Treoirlínte maidir leis an bhFíseán a Chur Isteach

Tá muid ag iarraidh ar ár n-eolaithe óga uile mír fhíseáin ghearr díobh féin a chur isteach!

Maidir le d’fhíseán, ba chóir:

  • Nach mbeadh sé níos faide ná 2 nóiméad
  • Go mbeifeá féin le feiceáil ann agus tú ag labhairt Gaeilge
  • Go n-inseodh sé beagán dúinn fút féin
  • Go léireodh sé dúinn go bhfuil spéis faoi leith agat san eolaíocht.

Seol do fhíseán chugainn ar ríomhphost chuig: meangadh@gmail.com roimh 21ú Meán Fómhair 2015.

I do ríomhphost, scríobh an méid seo a leanas ann le do thoil: d’ainm, d’aois, do sheoladh, do shonraí teagmhála agus deimhniú go mbeidh tú ar fáil le haghaidh 1-2 lá taifeadadh i nGaillimh idir 28 Meán Fómhair- 9 Deireadh Fómhair 2015.

Ba chóir go ndéanfadh duine fásta maoirseacht ar gach iarratas ríomhphoist. Coinneofar go príobháideach na físeáin a chuirtear isteach agus scriosfar iad chomh luath agus a bheidh próiseas roghnú na n-aisteoirí críochnaithe.