Méid an Téacs

Sraith Nua Raidió do Scrúdú Béil na hArdteiste

Márta 15, 2013

Beidh an tsraith nua Scrúdú Béil na hArdteiste le cloisteáil ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ó 18-21 Márta, dírithe ar dhaltaí ardteiste atá ag réiteach do bhéaltriail na Gaeilge.

Ó 2012, tá béim ar leith ar an scrúdú béil Gaeilge agus tá sciar na marcanna don scrúdú ardaithe ó 25% go 40%.  Beidh Scrúdú Béil na hArdteiste dírithe go sonrach ar an tsraith pictiúr atá mar chuid den scrúdú anois, a bhfuil 33% de na marcanna ag dul dó.

Beidh cúig shraith pictiúr ó chúrsa na bliana seo á gclúdach i ngach eagrán sa tsraith, agus beidh bréagscrúduithe á gcur ar dhaltaí ó Ghaelcholáiste an Chláir sna cláracha.  Beidh podchraoltaí le fáil do gach sraith pictiúr ag www.rte.ie/rnag/scrudubeilnahardteiste.html.

Cuideoidh na cláracha le daltaí cur lena stór focal, agus tabharfaidh sé samplaí dóibh de cheisteanna go bhféadfaí a chur orthu.  Beidh moltaí san áireamh freisin, bunaithe ar na bréagscúduithe a cloisfimid, faoi bhealaí go bhféadfadh na daltaí feabhas a chur ar a gcuid freagraí.

Is iad an comhlacht Edgecast Media a rinne an tsraith seo, agus is é Conn Ó Muíneacháin léiritheoir agus láithreoir na sraithe.

Beidh Scrúdú Béil na hArdteiste le cloisteáil ag 7pm ó Luan go Déardaoin 18–21 Márta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, agus déanfar athchraoladh ar an tsraith le linn sheachtain na Cásca ó 2–5 Aibreán.

Is féidir le daltaí éisteacht leis na cláracha ar an raidió, ar líne ag www.rte.ie/rnag nó éisteacht siar leis na cláracha ar Sheinnteoir Raidió RTÉ www.rte.ie/radioplayer .

RTÉ Raidió na Gaeltachta

Tuilleadh Eolais:
Caitríona Ní Bhaoill, Oifigeach Poiblíochta, RTÉ Raidió na Gaeltachta

caitriona.nibhaoill@rte.ie

086 8769585