Méid an Téacs

Tá Tyrone Productions ag Lorg na mBunscoileanna Lán-Ghaeilge is Siamsúla in Éirinn

Deireadh Fómhair 13, 2015

bbeo

An í do bhunscoil áitiúil an scoil is éirimiúla sa tír? An bhfuil na daltaí, tuismitheoirí, múinteoirí agus an fhoireann cliste críonna? Ar bhreá leat deis dul ag obair le réalta móra na Gaeltacha Seo Linn?

Tá muid ag lorg na mbunscoileanna lán-Ghaeilge is siamsúla agus éirimiúla in Éirinn chun páirt a ghlacadh i sraith teaghlaigh nua agus spleodrach le haghaidh TG4.

Tá muid ag iarraidh go bhfeicfidh an lucht féachana cé chomh suáilceach agus cumasach atá do chuid daltaí, chomh maith le ceiliúradh a dhéanamh ar obair chrua foirne na scoile. Is deis iontach, faoi leith í seo taispeáint don tír cé chomh speisialta agus atá do scoil!

Cuirfidh muid an tallann is fearr i láthair – mar sin, má tá teaghlach iontach ceolmhar, banna scoile den scoth, scil aisteach nó ar leith, píosa grinn, taispeántas spóirt suntasach, filíocht fonnmhar nó cleas draíochta dochreidte ag tárlú i do scoilse, tá muid ag iarraidh cloisteáil uait.

Gheobhaidh na scoileanna a roghnófar an deis dul ag obair le mórcheoltóirí na Gaeilge, Seo Linn, a bhfuil fíor-ghaisce déanta acu ar YouTube lena gcuid físeáin ceoil spreagúla Coláiste Lurgan. Le cabhair ó Seo Linn, ullmhóidh na scoileanna léiriúcháin ceoil den chéad scoth, as amhrán reatha aistrithe go Gaeilge, agus beidh sé seo mar bhuaicphointe de gach clár.

Mar sin, má theastaíonn uaidh do scoilse clú agus cáil a bhaint amach, tapaigh do dheis!

Níl ort ach ríomhphost a sheoladh chuig scoileanna@tyrone-productions.ie le haghaidh na sonraí ar fad agus foirm iarratais.

Seol isteach do iarratas chomh luath agus is féidir – Is é an Spriocdáta le haghaidh iarratais ná 30ú Deiridh Fómhair, 2015.