Méid an Téacs

Taispeántais thaitneamhacha sa Taibhdhearc ag Scléip 2018  !

Samhain 22, 2017

Chuir taispeántais thaitneamhacha ó iarbhunscoileanna an iarthair tús bhreá le Scléip Gael Linn 2018 i dTaibhdhearc na Gaillimhe ar an Mháirt, 21 Samhain seo caite !  Ba é seo an chéad réamhbhabhta réigiúnach den chomórtas tallainne seo, a thugann deis do scoláirí ó na hiarbhunscoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta, dul ar stáitse os comhair lucht féachana agus moltóirí proifisiúnta, in amharclanna ó cheann ceann na tíre.

Tá Gael Linn an-sásta go bhfuil ardú tagtha ar líon na scoileanna atá ag glacadh páirte i gcomórtas Scléip arís i mbliana.

Dírithe ar na healaíona comhaimseartha, tá sé ( 6 ) rannóg ar fad i gceist sa chomórtas – Amhranaíocht Aonair le féintionlacan, Grúpaí Amhránaíochta le féintionlacan, Slua-Amhránaíocht, Ceol Aonair, Rince Cruthaitheach agus Sceitse Nuachumtha.

Páirteach sa réamhbhabhta sa Taibhdhearc bhí  daltaí ó Choláiste an Eachréidh, Baile Átha an Rí, Coláiste Chroí Mhuire, An Spidéal, Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua,  Gaelcholáiste Luimnigh,  agus don chéad uair Scoil Phobail Mhic Dara, Carna,  Coláiste na Coiribe, Coláiste Naomh Feichín, Corr na Móna agus Coláiste Mhuire, Tuar Mhic Éadaigh.  Bhí na moltóirí, Mícheál Ó Ciaraidh agus  Méabh Ní Thuathaláin, an-tógtha  leis na ceoltóirí, amhránaithe, aisteoirí agus rinceoirí uilig a chur taispeántais ilchineálacha os comhair an tslua mhóir a bhí i láthair.  Rachaidh na buaiteoirí  seo a leanas  ar aghaidh go dtí an craobhchomórtas ar an gCéadaoin, 31 Eanáir, in amharclann Clasach, Baile Átha Cliath – comhghairdeas leo uilig !

GG 20 Idirbhliain SPMD, Carna

Grúpa amhránaíochta na hIdirbhliana ó Scoil Phobail Mhic Dara, Carna – buaiteoirí an chomórtais ‘Amhránaíocht Comhaimseartha le Féintionlacan – Sinsear’

GG 6 Col an Eachréidh

Ba iad scoláirí Choláiste an Eachréidh, Baile Átha an Rí a bhuaigh an comórtas ‘Slua-Amhránaíocht’

GG 4 Dara agus Rónán

Dara Ó Ceallaigh agus Rónán Ó Ceallaigh ó Choláiste na Coiribe, Gaillimh – buaiteoirí an chomórtais ‘Rince Cruthaitheach – Sinsear’.

GG 1 Feichín Naofa

Bhuaigh ‘Speirling’ ó Choláiste Naomh Feichín, Corr na Móna, an comórtas ‘Rince Cruthaitheach – Sóisear’.

Amhránaíocht Comhaimseartha, le féintionlacan ( Aonair ) – Sóisear
1. Sorcha Ní Choncarraige, Coláiste an Eachréidh, Baile Átha an Rí

Amhránaíocht Comhaimseartha, le féintionlacan ( Aonair ) – Sinsear

  1. Róisín Seoighe, Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua

Amhránaíocht Comhaimseartha, le féintionlacan (Grúpaí) – Sóisear

  1. ‘Saol an Deiscirt’, Gaelcholáiste Luimnigh

Amhránaíocht Comhaimseartha, le féintionlacan (Grúpaí) – Sinsear

  1. Idirbhliain SPMD, Scoil Phobail Mhic Dara, Carna
  2. ‘Fraoch’, Coláiste an Eachréidh, Baile Locha Riach

Ceol Comhaimseartha ( Aonair ) – Sóisear
1. Ruby Ní Chuinn, Coláiste na Coiribe, Gaillimh

Ceol Comhaimseartha ( Aonair ) – Sinsear

  1. Oisín Dilger, Coláiste an Eachréidh, Baile Átha an Rí

Slua-amhránaíocht

  1. ‘Idir’, Coláiste an Eachréidh, Baile Átha an Rí

Rince Cruthaitheach ( Grúpaí ) – Sóisear

  1. ‘Speirling’, Coláiste Naomh Feichín, Corr na Móna

Rince Cruthaitheach ( Grúpaí ) – Sinsear

  1. Dara Ó Ceallaigh & RónánÓ Conaill, Coláiste na Coiribe, Gaillimh

Sceitse Nuachumtha

  1. Grúpa A, Idirbhliain Choláiste na Coiribe, Gaillimh

Beidh réamhbhabhtaí réigiúnacha eile á n-eagrú sna laethanta amach romhainn , san Ionad Óige, Mainistir Fhear Muí, Co. Chorcaí ar an gCéadaoin, 22 Samhain,  in Amharclann an Gharáiste,  Déardaoin, 30 Samhain, 2017 agus in amharclann Clasach, Baile Átha Cliath ar an Aoine, 1 Nollaig, agus  fógrófar na torthaí  anseo in am tráth !  Coinnigh i dteagmháil le Scléip ar Twitter – #Scléip2018, nó beidh grianghraif ó na hócáidí éagsúla le feiceáil ar  leathanach Facebook Scléip Gael Linn amach anseo.