Méid an Téacs

 Taispeántas faoi Athbheochan na Gaeilge agus Éirí Amach na Cásca ag Músaem an Túir  

Eanáir 26, 2016

Beidh taispeántas dátheangach dar teideal ‘Athbheochan na Gaeilge agus Éirí Amach na Cásca’ ag Músaem an Túir, Doire ón Luan 1ú go dtí an Aoine 5ú Feabhra 2016.

Is taispeántas é seo, a forbraíodh ag Conradh na Gaeilge, le léargas a thabhairt ar stair na Gaeilge ó aimsir an Ghorta Mhóir suas go dtí aimsir na hathbheochana teanga sa 19ú haois, ach díríonn an taispeántas go mór mór ar ról na Gaeilge san fhís agus san idé-eolaíocht a ghin Éirí Amach na Cásca, ag fiosrú scéalta na bpríomhcharachtar sa tréimshe seo staire, idir fhir agus mhná.

Tá an taispeántas seo á cur i láthair ag Seirbhís Iarsmalann Chomhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin i gcomhar le Clár Sheirbhísí Gaeilge na Comhairle.

Tuilleadh eolais ó Mhúsaem an Túir, T: 028 71 372411, tower.reception@derrystrabane.com nó ón Oifigeach Gaeilge, T: 028 71 376 579, gaeilge@derrystrabane.com