TG4 AR THÓIR AR LÁITHREOIRÍ ÓGA AIMSIRE DO SHEACHTAIN NA GAEILGE
Feabhra 13, 2017
TG4 AR THÓIR AR LÁITHREOIRÍ ÓGA AIMSIRE DO SHEACHTAIN NA GAEILGE
Tá TG4 ag eagrú comórtais a thabharfaidh an deis do chúigear dalta bunscoile (6-12 bliain) a bheith mar chomh-láithreoirí ar an Aimsir Láithreach, seirbhís aimsire an chainéil, le linn Sheachtain na Gaeilge 13-17 Márta. Beidh na buaiteoirí le feiceáil ag craoladh i bpáirt le láithreoirí aitheanta an chainéil ar an gcraoladh aimsire ag 6.55pm gach tráthnóna.
Roghnófar na láithreoirí óga is fearr a bhfuil teacht i láthair agus Gaeilge líofa acu. Caithfidh na buaiteoirí a bheith ar fáil le teacht go Ceannáras TG4 i nGaeltacht na Gaillimhe ar cheann de na dátaí seo: 13 Márta nó 14 Márta.
Iarrtar ar dhaltaí ar suim leo a bheith páirteach, físeán gearr a sholáthar dúinn ina míníonn siad cén fáth gur mian leo An Aimsir Láithreach a chur i láthair, a chur chuig cula4@tg4.ie roimh 3 Márta 2016. Is gá uimhir teileafóin tuismitheora/caomhnóra fásta a chur leis an iarratas. Gach eolas le fáil www.cula4.com/aimsir
Is é Cúla4 an zón don óige ar TG4 a chraoltar ar an gcainéal gach lá Luan-Aoine 7–10am agus 2- 6pm. Bíonn an t-ábhar ar fáil freisin ar Sheinnteoir TG4 ar AIP APP nó ag www.cula4.com.
Cuir aithne orainn
Twitter @CULA4_TG4
YouTube: Cúla4
TG4 SEEKS YOUNG WEATHER PRESENTERS FOR SEACHTAIN NA GAEILGE
After its success last year, TG4 is offering 5 primary-school pupils (age 6-12 years) the fantastic and exciting opportunity again this year to present the TG4 weather during Seachtain na Gaeilge March 1-17. The lucky winners will work alongside TG4 weather presenters and get a taste of what presenting the TV Weather forecast is like.
The lucky TV stars of the future will be selected from their short video entries (sent via. Cula4@tg4.ie) and must have a good level of conversational Irish and be available to travel to TG4 headquarters in the Galway Gaeltacht on one of these dates: 13 or 14 March to record their TV Weather Forecast.
Entries should include a parent’s/guardian’s telephone contact.
Closing date is 3th March at 5pm. Successful applicants will be contacted by parent/guardian phone. More information available on www.cula4.com/aimsir
Cúla4 is TG4’s slot for younger viewers and airs weekdays on the TV channel 4- 6pm and also programmes are available on the TG4 player which is accessible via Cúla4 IOS app orwww.cula4.com.