Méid an Téacs

TOGHA NA TALLAINNE AG CRAOBHCHOMÓRTAS SCLÉIP GAEL LINN 2016 !

Feabhra 8, 2016

Bhí togha na tallainne ag Craobhchomórtas Scléip 2016 a d’eagraigh Gael Linn, Déardaoin seo caite, 4 Feabhra, 2016.  Thaistil suas le 300 scoláire ó iar-bhunscoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta ó cheann ceann na tíre, mar aon lena gcuid múinteoirí agus tuismitheoirí, go hamharclann Clasach,  Cluain Tarbh, Baile Átha Cliath don ócáid.  Cháiligh na hiomaitheoirí uilig trí réamhbhabhtaí réigiúnacha roimh Nollaig do bhuaicphointe seo an chomórtais, ina mbíonn an bhéim ar na healaíona comhaimseartha.  Ba iad Seán Ó Ceallaigh, Gael Linn, agus Niamh Ní Chróinín, Raidió Rí-Rá, a bhí mar láithreoirí ar an seó.

GRADAM NaFomhuireáin, GC Mhuire, An Mhainistir Thuaidh

Cuireadh tús breá leis an lá leis na comórtais Rince Cruthaitheach do dhaoine aonaracha agus do ghrúpaí rinceoirí, idir shóisir agus shinsir.  Bhí scoláirí ó Ghaelcholáiste Chiarraí, Trá Lí, Coláiste Oiriall,  Muineachán, Pobalscoil Ghaoth Dobhair, Meánscoil Gharman, Inis Córthaidh, Scoil Chaitríona, Glasnaíon agus ó Choláiste Cois Life, Leamhcán, páirteach iontu, agus bhaineadar uilig ardchaighdeán amach.  Ina dhiaidh sin, bhí deis ag aisteoirí óga ó chuid de na scoileanna céanna, mar aon le haisteoirí ó Ghaelcholáiste Reachrann, Domhnach Míde a gcuid scileanna a léiriú sna comórtais Sceitse Nuachumtha.  Bhí sé in am ansin do na comórtais Shlua-Amhránaíochta, a reáchtáladh don chéad uair i mbliana.  Bhí Coláiste Lú, Dún Dealgan agus Coláiste an Phiarsaigh, Gleann Maghair, i measc na scoileanna a chuir taispeántais de ardchaighdeán i láthair an lucht féachana! Bhí na moltóirí, an léiritheoir Síle Ní Dhuibhne, an rinceoir Sibéal Davitt agus an ceoltóir Méabh Ní Thuathaláin, an-tógtha leis na míreanna ar fad a chonaic siad i rith na maidine.

I ndiaidh an lóin, bhí scoláirí ó Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua agus ó Choláiste de hÍde, Tamhlacht ar chuid de na hiomaitheoirí

sna comórtais Ceol Aonair Comaimseartha agus Amhránaíocht Aonair Chomhaimseartha le Féintionlacan.  Bhí iomaíocht ghéar ansin sna rannóga sóisearacha agus sinsearacha den chomórtas Grúpa Amhránaíochta Comhaimseartha le Féintionlacan.  An t-am seo, chuaigh grúpaí ó Ghaelcholáiste Luimnigh, Coláiste Chilliain, Cluain Dolcain, Coláiste Chroí Mhuire, An Spidéal agus ó Ghaelcholáiste Mhuire, An Mhainistir Thuaidh, Corcaigh ar stáitse, mar aon leis na rannpháirtithe eile.  Bhí slua mór sa halla agus cuireadh ar a gcosa iad leis an gceol agus amhránaíocht ó na grúpaí iontacha uilig !

Tháinig deireadh leis an lá agus am na ciniúna róscioptha! Ba iad na ceoltóirí agus cumadóirí Cian Mac Cárthaigh, Enda Reilly agus Méabh Ní Thuathaláin a bhí ag moltóireacht ar na comórtais seo.  Ar dtús, thugadar léirmheas ar a raibh feicthe acu ar ardán agus thugadar ardmholadh do phobal óg na Gaeilge as siamsaíocht den scoth a chur i láthair.  Bhí buaiteoirí le roghnú i ngach comórtas, agus an dara háit le roghnú, chomh maith, ins na rannóga ina raibh cúig (5) iomaitheoir nó níos mó.

Is iad seo a leanas na duaiseoirí:

Rince Cruthaitheach Aonair ( Sóisear): Ellen Ní Chonchra, Gaelcholáiste Luimnigh

Rince Cruthaitheach Aonair ( Sinsear ): Cian Ó Conraoi, Coláiste Oiriall, Muineacháin

Rince Cruthaitheach Grúpaí ( Sóisear ): Shauna agus Shannon, Coláiste Cois Life, Leamhcán

Rince Cruthaitheach Grúpaí ( Sinsear ): Grúpa Choláiste Oiriall, Muineachán

Sceitse Nuachumtha ( Sóisear ): Joe Mac Aoidh agus a Chairde, Pobalscoil Ghaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall

Sceitse Nuachumtha ( Sinsear ): An Coiste Cróinéara, Gaelcholáiste Chiarraí, Trá Lí

Slua-Amhránaíocht le Fuaimriain Taca  ( Sóisear ): Na Reibiliúnaigh, Coláiste Lú, Dún Dealgan

Slua-Amhránaíocht le Fuaimriain Taca  ( Sinsear ): Idirbhliain, Scoil Chaitríona, Glasnaíon

Ceol Aonair Comaimseartha ( Sóisear ): Ruairí Mac Closcaí, Coláiste Lú, Dún Dealgan

Ceol Aonair Comaimseartha ( Sinsear ): Jack O’ Callaghan, Gaelcholáiste Luimnigh

Amhránaíocht Aonair Chomhaimseartha le Féintionlacan ( Sóisear ): Caoimhe Nic Raghnaill, Scoil Chaitríona, Glasnaíon

Amránaíocht Aonair Chomhaimseartha le Féintionlacan ( Sinsear ): Sonny Ní Chathasaigh, Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua

Grúpa Amhranaíochta Comhaimseartha le Féintionlacan ( Sóisear ) An Chéad Áit: Clú, Coláiste Lú, Dún Dealgan An Dara hÁit: Anne Marie, Emma agus Róisín, Coláiste Íosagáin, Co Bhaile Átha Cliath

Grúpa Amhránaíochta Comhaimseartha le Féintionlacan ( Sinsear ) An Chéad Áit: Na Fomhuireáin, Gaelcholaiste Mhuire, An Mhainistir Thuaidh An Dara hÁit: Na Painéil Bhána, Coláiste Oiriall, Muineachán

Bronnadh duaiseanna, a bhí deartha go speisialta don ócáid ag an seodóir Neil Conway, orthu uilig. Tabharfar cuireadh do bhuaiteoirí na gcomórtas amhránaíochta páirt a ghlacadh i bhféile siamsaíochta Ravelóid sa samhradh.

Chomh maith leis sin, bhí Gradam Scléip le bronnadh ar an amhránaí/ceoltóir aonair nó ar an ngrúpa is mó a sheas amach as na buaiteoirí uilig sna comórtais cheoil/amhránaíochta. Bhí na moltóirí ar aon fhocal go raibh an duais seo tuillte go mór ag Na Fomhuireáin, a raibh buanna ar leith ceoil, cumadóireachta agus amhránaíochta acu! Bhí lúcháir an domhain ar na réalta óga glacadh leis an ngradam speisialta seo ó Bhainisteoir Scéimeanna Gael Linn, Seán Ó Ceallaigh. Ghabh an tUasal Ó Ceallaigh buíochas leis na múinteoirí as a dtacaíocht don chomórtas agus dúirt: ‘Tá traidisiún fada ag Gael Linn i gcur chun cinn na Gaeilge tríd na healaíona. Ag Scléip, tugtar deis do dhéagóirí an Ghaeilge a chleachtadh agus a dtallainn a léiriú in atmaisféar taitneamhach. Bhí líon ard iontrálacha don chomórtas i mbliana, agus bheadh súil againn tuilleadh scoileanna fós a mhealladh le bheith rannpháirteach ann sna blianta amach romhainn’.

Tuilleadh eolais:  Niamh de Búrca 01 6753303