Méid an Téacs

Cleamhnas Gasta in Eochaill

Bealtaine 9, 2012

Ar an 15ú Márta tháinig an dá scoil Gaelscoil na Tríonóide, Eochaill agus Coláiste Daibhéid, Corcaigh le chéile le haghaidh ócáid mhór Sheachtain na Gaeilge, sé sin Comórtas Cleamhnas Gasta. B’é seo an chéad uair a eagraíodh comórtas idirscoile do Sheachtain na Gaeilge i bPobalscoil na Tríonóide agus bhí sceitimíní áthais ar na daltaí go léir. Meascadh na daltaí le chéile i naoi ngrúpaí agus tugadh cúpla nóiméad dóibh an oiread eolais agus ab fhéidir a fháil amach faoi na daoine eile sa ghrúpa, iad ag imeacht ó dhuine go duine. Nuair a bhí an t-am istigh ghlaoigh Fear an Tí, Liam Ó Laochdha ar dhaltaí ó gach grúpa agus tugadh pointí dóibh do gach aon phíosa eolais a bhí aimsithe acu. Tar éis an chomórtais cuireadh sólaistí ar fáil do gach éinne agus bhí deis ag daltaí aithne níos fearr a chur ar a chéile.  Bhain na daltaí go léir ard-taitneamh as an ócáid agus táimid go léir ag tnúth cheana féin le Mí na Márta 2013! Míle buíochas ag dul chuig Iníon Ní Fhlatharta a d’eagraigh an ócáid, chuig mhúinteoirí Choláiste Daibhéid as an dtacaíocht a thug siad dúinn agus chuig dhaltaí Idirbhliana a chabhraigh go mór ar an lá.