Méid an Téacs

Seachtain Na Gaeilge – Gaelscoil Mhic Easmainn 2012

Bealtaine 9, 2012

Cuireadh tús le imeachtaí Seachtain na Gaeilge 2012 i nGaelscoil Mhic Easmainn le Aifreann na nÓg i Séipéal Naomh Éoin maidin Domhnaigh ag 9 r.n.  An tAthair Proinsias Ó Nualláin a dúirt an tAifreann agus ghlac tuismitheoirí agus daltaí na Gaelscoile páirt sna léachtaí, paidreacha , iomainn agus ceol.  B’ocáid scoile aoibhinn spioradálta í.

Maidin Dé Luain dhúisíomar go léir le Raidió Chiarraí agus daltaí na Gaelscoile ag rá na “ads” as Gaeilge.  Buachaillí agus cailíní ó Naíonáin Bheaga go Rang a 6 a bhí mar “Guth na Ríochta” ag cur na cláracha in aithne don lucht éisteachta le linn na seachtaine.  Dé Máirt d’fhágamar slán le Rang a 5 a bhuail an bóthar go hInis, Co. an Chláir lena dhráma “Goid Asal an Rí”. In amharclann bhreá ‘Glór’ a bhí Féile na Mumhan agus fair play dóibh – dheineadar an bheart.  Thugadar an trófaí abhaile leo agus anois táid ag ullmhú do Chraobh na hÉireann sa Mhuileann gCearr ag deireadh Mí Aibreáin.

Maidin Dé Céadaoin bhí Gaelscoil Mhic Easmainn ar fad ar an stáitse leis an Seó Ardáin Bhliantúil ina raibh mír bheag ó gach rang idir ceol, amhránaíocht, scéalaíocht agus filíocht.  Arís taispeántas den scoth ó ghach éinne agus an-atmaisféar timpeall na scoile.

Ba lá mór é an Déardaoin nuair a bhí an Ghaelscoil oscailte don bpobal. Chuireamar céad míle fáilte roimh na cuairteoirí go léir go dtí Lá Oscailte 2012  lenár gCór Scoile a chan go binn soiléir. Bhí na cuairteoirí an-thógtha lenár scoil tar éis tamall á chaitheamh ag éisteacht, ag ceistiú agus ag siúl timpeall na scoile.  Oíche Déardaoin d’eagraigh ár gComhairle na dTuismitheóirí Tráth na gCeist Teaghlaigh ina raibh ard oíche spóirt agus craic ag gach éinne idir óg agus aosta. .

Osclaíodh doirse na scoile maidin Dé hAoine do Thráth na gCeist agus Céilí idirscoileanna.  Ghlac tuairim is 30 bord páirt i  dTráth na gCeist. Iar mhúinteoir Máistir Seán Ó Dónaill a bhí mar Máistir na gCeisteanna agus tar éis cúpla ceist cruaidh ag an deireadh b’í Scoil Ard Fhearta a bhuaigh an chéad duais.  Comhghairdeas le muintir Ard Fhearta arís. Buíochas chomh maith  leis na foirne a tháinig chugainn ar an lá ó Scoil an Teaghlaigh Naofa, Trá Lí, Gaelscoil Faithleann, Cill Áirne agus Gaelscoil Aogáin, Oileán Chiarraí.  I ndiaidh lóin breá blasta cuireadh tús leis an gCéilí.  Máistir Deaglán agus Máistir Colm a bhí mar “fhear a’ tí”.  Ard-chéilí a bhí ann inar mheasc na leanaí an mhaith lena chéile ag déanamh Ionsaí na hInse, Fallaí Luimní agus Bróg ar an Asal ar feadh an tráthnóna.  Tugadh an chuid  duaiseanna amach dos na rinceoirí is fearr agus na h-amhránaithe éagsúla chomh maith.  Bhí sólaistí tuillte go maith acu faoin dtráth seo agus thug na cuairteoirí aghaidh ar an mbóthar abhaile, caite traochta i ndiaidh la an thaitneamhach i nGaelscoil Mhic Easmainn – ach ní raibh daltaí na Gaelscoile seo críochnaithe fós mar bhí an Banna Ceoil ag siúl i bParáid Lá le Pádraig ar an Satharn ag seinnt go haoibhinn, ag féachaint go hálainn – le cótaí nua i mbliana – bhí gach éinne an bhródúil as an breis is 70 dalta a ghlac páirt i bParáid Lá Fhéile Pádraig 2012.

Chun deireadh a chur le imeachtaí na seachtaine deineadh clár Raidió le Méabh Lawlee ar Raidió Chiarraí, Caint Chiarraí a bhí craolta beo oíche Dé Domhnaigh ar a dhein leanaí na Gaelscoile scéalaíochta, agallamh beirte, amhránaíocht agus cúpla píosa ceoil . Níl aon dabht ach go raibh seachtain ghníomhach ach taitneamhach  ag muintir na Gaelscoile le linn Seachtain na Gaeilge 2012.