Méid an Téacs

Seachtain na Gaeilge i Scoil Gharbháin

Aibreán 2, 2012

Céilí Mór

Ní gá dul chun River Dance’ a fheiscint bhí ‘Riverdance’ againn anseo sa chlós ar an Déardaoin seo chaite chun Seachtain na Gaeilge a chéiliúradh. Ní Michael Flatley amháin a bhí againn ach breis ‘s céad. Bhain na páistí an-thaitneamh as an spraoi agus as an rince a chur críoch iontach le seachtain na Gaoluinne. Is ócáid bhliantúil é anois agus ár mbuíochas ó chroí le Múinteoir Muireann. Ní amháin gur eagraigh sí an imeacht dhein sí cleachtadh ar na rincí le gach rang agus a chruthaigh Muireann atmaisféar iontach inár measc mar Mháistreás na searmanas mar is ghnáth. Buíochas chomh maith le Múinteoir Máire an teicneoir fuaime. Bíonn iomaíocht do chreidthe gach bliain nuair a thosnaíonn an Rinnce Deilbhe agus comhgháirdeachas leis na buaiteoirí.

Tráth na gCeist Boird

Ba mhaith linn ár mbuíochas ó chroí a ghabhailt leis na scoileanna áitiúla a thug tacaíocht dúinn an imeacht seo a chur ar bun don chéad uair riamh ar son Seachtain na Gaeilge. Thug sé misneach agus árdú meanma  dúinn an slua a fheiscint a bhí i láthair. D’eirigh thar barr linn. Tá ard mholadh tuillte ag na páistí bhíodar ar fheabhas agus bhaineamar an thaitneamh astu,  Bhí an iomaíocht do chreidthe eatarthu. Tá ard mholadh tuillte ag an bhfoireann scoile agus ag rang 5 agus ag rang 6 as duthracht a gcuid oibre an imeacht seo a eagrú agus ag Coiste na dTuismitheoirí a chabhraigh linn na duaiseanna a eagrú. Buíochas ó chroí le Gaelscoileanna a dhein urraíocht ar an imeacht seo. Tá cinneadh déanta againn gur imeacht bhliantúil a bheidh i gceist agus go mbeidh oíche againn do rang 3 agus rang 4 chomh maith an bhliain seo chugainn. Sin dáta cinnte daoibh don dialann.

Comhgháirdeachas leis na Buaiteoirí : Rang 5 1ad Scoil Náisiúnta an Gharán Bháin, 2ú áit : Scoil Náisiúnta na Carraige Liath, 3ú áit Scoil Mhuire, Dún na Mainistreach. Rang 6: 1ad áit: Scoil Mhuire, Dún na Mainistreach, 2ú áit : Scoil Náisiúnta na Carraige Liath, 3ú áit Scoil Náisiúnta an Gharán Bháin.

Seachtain Cheilteach agus Banc na hÉireann

Ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabhailt le Banc na hÉireann i nDúngarbhán as an gcuireadh a thug siad dúinn a bheith páirteach i Seachtain na gCeilteach i mbliana agus as an bhfáilte ‘s fiche a chuireadar romhainn. Chaith Múinteoir Máire agus Múinteoir Muireann agus na páistí an tseachtain ag cleachtadh agus ag ullmhú don ócáid. Bhí maidin iontach againn sa bhanc ag seinnt ceoil idir boscaí ceoil, veidhlíní, banjos, bodhráin agus feadóga stáin. Ba bhreá an rud é an ceol iontach a chloisint. Chasadar na hamhráin agus Múinteoir Máire á stiúriú ar an ngiotar agus dheineadar droichead Áth Luain a thaispeáint dóibh agus Múinteoir Múireann á stiúriú. Bhíomar ana bhródúil go deo astu. Ár mbuíochas leo agus le tuismitheoirí na scoile a tháinig chun tacaíocht a thabhairt dúinn.