Turas Ghaelscoil Uí Éigeartaigh, An Cóbh go dtí Gaeltacht Chorca Dhuibhne
Bealtaine 31, 2011
Chuaigh Rang 6 ó Ghaelscoil Uí Éigeartaigh, An Cóbh ar thuras scoile speisialta go dtí Gaeltacht Chorca Dhuibhne i mí Bealtaine 2011 ós rud é go bhfuil an scoil ag comóradh 25 bliain ar an saol i mbliana. Turas ceithre lá a bhí ann agus d’éirigh leis an grúpa réimse mór imeachtaí a dhéanamh fad a bhí siad ann. (i.e. Turasanna chuig: Stiúidió Raidió na Gaeltachta chun clár raidió a dhéanamh, Ionad an Bhlaoscaoid, Séipéilín Ghallarais, Falla Dreapadóireachta, An t-Ionad Babhlála agus An Domhan Fothoinn sa Daingean, agus snámh san Aquadome i dTrá Lí ar an slí abhaile )
I measc na n-imeachtaí sin chomh maith thugadar cuairt ar bhunscoileanna Gaeltachta (Scoil Dhún Chaoin agus Scoil Naomh Eirc). Le linn na gcuairteanna sin tugadh deis do na daltaí araon amhráin a chanadh dá chéile, poirt a sheinnt , scéalta a insint agus gan dabht dreas súgartha a dhéanamh lena chéile chomh maith!
Eagraíodh Céilí Mór do cheann dos na h-oícheanta ansin agus tugadh deis eile do na daltaí as na trí scoil bualadh lena chéile arís agus píosa ‘craic’ a bheith acu. Baineadh an- sult go deo as an oíche agus gan dabht bhí raidhse sóláistí ar fáil chomh maith!
Táimid thar a bheith buíoch do gach éinne a chabhraigh linn an dturas seo a chur i gcrích…
- Príomhoidí & múinteoirí na scoileanna gaeltachta
- Na Mná Tí ( Bríd Uí Lúing & Annie Feirtéar)
- Fear an Bhus (John ó Chomhlacht Butlers sa Chóbh)
- Tuismitheoirí & daltaí a bhailigh an t-uafás airgid don turas ó thus na bliana
- Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne
- Gaelscoileanna Teo.