Méid an Téacs

Ag cuardach poist?

Deireadh Fómhair 30, 2012

Pléadh caighdeán teanga mhuintir na hÉireann sna meáin le déanaí nuair a tarraingíodh aird ar chóras earcaíochta PayPal.

Dar leis an gcomhlacht, is gá fostaithe a mhealladh ó thíortha thar sáile leis na folúntais a líonadh mar gheall ar an nganntanas atá in Éirinn i leith teangacha éagsúla domhanda.

Is léir an t-éileamh ar theangacha éagsúla i gcúrsaí reatha na hÉireann agus na hEorpa agus de réir mhír na bhfolúntas ar www.Gaelport.com, is cosúil go bhfuil an t-éileamh céanna ar chainteoirí Gaeilge i gcúrsaí fostaíochta reatha na tíre.

Tá 3 fholúntas le líonadh ag Foras na Gaeilge in ionaid éagsúla timpeall na tíre. Táthar ag earcú Ardoifigeach Feidhmiúcháin le saoire mháithreachais a chlúdach i Ráth Cairn; Tá Eagarthóir Cúnta á lorg don oifig i nGaoth Dobhair a bheidh freagrach as téacsanna a réiteach, a chur in eagar agus a ullmhú don chló agus tá folúntas freisin i gCeannáras an Fhorais i lár chathair Bhaile Átha Cliath d’Oifigeach Seirbhísí. Beidh Foras na Gaeilge ag glacadh le hiarratais ar na poist uile go dtí Dé hAoine, 9 Samhain 2012, poist@forasnagaeilge.ie.

Tá an próiseas comhairliúcháin phoiblí maidir le bunú straitéise don Ghaeilge faoi lán seoil i dTuaisceart Éireann faoi láthair agus beifear ag súil go dtabharfaí ról lárnach don Ghaelscolaíocht i straitéis ar bith a bhunófar amach anseo. Is comhlacht beag fuinniúil é Comhairle na Gaelscolaíochta atá lonnaithe i mBéal Feirste agus a bhfuil ionadaíocht Ghaelscolaíocht an Tuaiscirt faoina chúram. Tá trí fhostaí dhíograiseacha á lorg acu le tabhairt faoi obair an chomhlachta i leith chur chun cinn na Gaelscolaíochta sna sé chontae.

Táthar ag lorg Oifigeach Sinsearach Forbartha ag a bhfuil scileanna bainisteoireachta, eolas ar an ghaelscolaíocht agus cáilíocht 3ú leibhéal. Mar aon leis sin, tá Comhairle na Gaelscolaíochta ag earcú Oifigeach Forbartha Óige, ar chonradh 12 mhí agus Oifigeach Cléireachais le bheith mar bhaill den fhoireann spreagtha reatha. Glacfar le hiarratais ar na folúntais uile go dtí Dé Luain, 5 Samhain 2012, pomordha@comhairle.org.

Fógraíodh neart folúntas in earnáil na réamhscolaíochta ó dheas le déanaí freisin. Tá cúntóir naíonra á lorg ag Naíonra Chaitlín Maude atá lonnaithe i dTamhlacht, Deisceart Átha Cliath. Is post lánaimseartha é seo agus na huaireanta oibre a bheidh i gceist ná 8:30am – 4:30pm, Luan go hAoine agus íocfar €500 sa tseachtain leis an té a cheapfar, naionra.cm@gmail.com.

Tá cúntóir naíonra á earcú freisin ag Naíonra Phádraig na gCloch Liath, Co. Chill Mhantáin. Iarrtar ar chainteoirí líofa a bhfuil spéis acu ann teistiméireachtaí agus CV a bheith iniata le hiarratais, ciara_f@yahoo.com.

Tá feighlí páistí le Gaeilge á lorg ag teaghlach ina bhfuil beirt gasúr i gcathair Bhaile Átha Cliath. Post lánaimseartha atá ann thar 4/5 lá sa tseachtain agus cuirfear tús leis an bpost i lár mhí Eanáir 2013, feighlipaistibac@gmail.com.

Tá gach eolas maidir leis na folúntais seo agus eile le fáil anois ar www.gaelport.com/foluntais.