Méid an Téacs

Bainisteoir Forbartha á lorg ag Comhlacht Forbartha na nDéise Teo

Eanáir 22, 2013

Tá duine le paisean agus fís á lorg chun post bainisteora a líonadh le comhlacht pobalbunaithe, Comhlacht Forbartha na nDéise Teo, atá lonnaithe i nGaeltacht na nDéise, Contae Phort Láirge.
Beidh an té a cheapfar faoi stiúr bhord Chomhlacht Forbartha na nDéise.

Riachtanais:

– Beidh cumas maith cumarsáide ag an duine agus beidh sé/sí sásta obair as a stuaim féin i measc an phobail.
– Beidh líofacht sa Ghaeilge labhartha agus scríofa riachtanach.

Ba chabhair é chomh maith oideachas 3ú leibhéal agus/nó taithí ar obair fhorbartha pobal a bheith ag duine.

Iarratais:

Seol litir iarratais agus CV roimh an Aoine, 1 Feabhra 2013, chuig:
Tadhg Ó Maoileoin
Cathaoirleach Chomhlacht Forbartha na nDéise Teo.
An Rinn,
Dún Garbhán,
Co. Phort Láirge.