Méid an Téacs

Comhaltachtaí Taighde – Fiontar

Márta 13, 2013

Sonrúchán na gComhaltachtaí Taighde PhD (2013-16)

Tá líon teoranta comhaltachtaí lánaimseartha taighde á dtairiscint ag FIONTAR i réimse na téarmeolaíochta agus na foclóireachta Gaeilge.

Beidh na comhaltaí taighde ag obair i bpáirt le meitheal na dtionscadal taighde atá á bhforbairt ag Fiontar: www.focal.ie, www.logainm.ie, www.ainm.ie, www.duchas.ie, na téarmaí Gaeilge ar www.iate.europa.eu agus acmhainní téarmaí dlí atá á dtiomsú as foinsí éagsúla.

Is fiú €16,000 sa bhliain na comhaltachtaí seo. Íocfaidh Fiontar na táillí clárúcháin freisin. Tréimhse 3 bliana (ag tosú Meán Fómhair 2013) a bheidh i gceist.

Ní mór an próiseas deimhnithe ar an gclár PhD a chur i gcrích go sásúil i ndeireadh bhliain 1. Beidh na comhaltaí lonnaithe in Fiontar, DCU, ar bhonn lánaimseartha.

Riachtanais:

Bunchéim onóracha sa Nua-Ghaeilge (2:1 ar a laghad i ngné na Nua-Ghaeilge) móide céim mháistreachta i réimse cuí.

Fáilteofar roimh iarratais ó mhic léinn atá ag gabháil de Chlár MA faoi láthair ach a gcuid scrúduithe go léir a bheith i gcrích faoi 31 Bealtaine 2013.

Próiseas Iarratais:

Ba chóir d’iarrthóirí CV a chur ar fáil mar aon le ráiteas gearr (faoi bhun 500 focal) faoi na cúiseanna ar mhaith leo tabhairt faoin taighde.

Is gá ainmneacha beirt mholtóirí acadúla a sheoladh chuig Fiontar ar fhoirmeacha a chuirfear ar fáil chuige sin. Níor chóir iarraidh ar mholtóirí iad a líonadh isteach. Pléifidh Fiontar an cheist sin leo ar ball.

Ba chóir tras-scríbhinn de thorthaí deiridh na bunchéime a chur ar fáil mar aon le torthaí na hiarchéime (má tá siad ar fáil).

Ba chóir plean taighde a sholáthar freisin (uasmhéid 2,000 focal) ina sonrófar (i) an cheist taighde; (ii) an mhodheolaíocht; (iii) plean sonrach ina luaitear tascanna agus sceideal ama; (iv) liosta gearr na bpríomhfhoinsí.

Ba chóir saothar scríofa críochnaithe amháin a rinneadh cheana a chur ar fáil mar shampla d’obair thaighde, eg. miontráchtas nó aiste thaighde.

Is gá d’iarrthóirí coinne a eagrú le Fiontar roinnt seachtainí roimh an spriocdháta chun breis eolais a fháil agus ábhar iarratais a phlé.

Spriocdháta deiridh chun iarratas iomlán a aighniú: 17 Bealtaine 2013.

Ina theannta sin, cuirfidh Fiontar fáilte ar bhonn leanúnach roimh iarrthóirí taighde iarchéime i gceann ar bith de shainréimsí acadúla na foirne agus d’fhéadfadh sé go mbeadh comhaltacht taighde ar fáil i gcásanna áirithe.

An Dr Caoilfhionn Nic Pháidín,
Fiontar,
Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath.
Fón: +353 (0)1 700 5173; R-phost: caoilfhionn.nicphaidin@dcu.ie