Cúntóirí Taighde
Nollaig 12, 2013
Tá Foclóir na Nua-Ghaeilge, tionscnamh taighde de chuid Acadamh Ríoga na hÉireann, ag lorg iarratas do phoist mar Chúntóirí Taighde (3 phost), ar thionscadal maoinithe ag an gComhairle um Thaighde in Éirinn agus Rialtas na hÉireann, faoin scéim deontas ar thionscadal taighde 2013.
An Tionscnamh
“Focail Fholaithe ón bhFichiú Aois – Bailiúcháin Neamhfhoilsithe den Ghaeilge Labhartha”
Tiomsófar na bailiúcháin chanúna neamhfhoilsithe seo i bhfoirm dhigiteach, ionas go mbeifear in ann corpas inchuardaithe a chruthú astu.
Cuideoidh an Cúntóir Taighde:
- Taighde a dhéanamh ar chanúintí na hÉireann
- Lámhscríbhinní a dhigitiú agus a phróiseáil
- Corpas ar líne a chruthú
Sonraíocht faoin bpearsa
Beidh na cáilíochtaí seo a leanas ag an té a cheapfar:
- Céim onóracha sa Nua-Ghaeilge
- Eolas ar cheann de mhórchanúintí na Gaeilge
- Spéis sa Ghaeilge agus sna daonnachtaí digiteacha
- Súil ghéar don chruinneas
- Ardscileanna ríomhaireachta
- Cumas oibre mar chuid d’fhoireann agus as a stuaim féin
Tuilleadh Eolais: Beidh conradh sé mhí i gceist le gach post. Tá tuarastal €19,665 in aghaidh na bliana leis an bpost seo, (Scála d’iontrálaithe nua). Tá sonraí faoin bpost agus faoin bpróiseas iarratais ar fáil ar www.ria.ie.
Spriocdháta: Ní ghlacfar le hiarratais i ndiaidh Dé Luain 23 Nollaig 2013 ag 11am.
Is fostóir comhionannas deiseanna é Acadamh Ríoga na hÉireann
Foilsithe ar Gaelport.com