Méid an Téacs

Éascaitheoir á lorg le tionscnamh ‘Scéal na Gaeilge’ a fhorbairt

Eanáir 28, 2013

Tá Comhairle Cathrach Dhoire ag lorg éascaitheoir le tionscnamh Scéal na Gaeilge a fhorbairt i gcomhar le pobal na Gaeilge i nDoire.

Is éard atá i gceist le Scéal na Gaeilge ná taispeántas nua léirmhínitheach a fhorbairt i gcomhar le scoileanna, eagraíochtaí pobail agus réimse páirtnéirí eile in earnáil na Gaeilge le scéal na teanga sa cheantar seo a insint go físeach. Díreoidh an taispeántas agus lámhleabhar a théann leis, ar an teanga sa stair, an teanga sa lá atá inniu ann, agus ar an teanga inár gcomhthodhchaí.

Is é is cuspóir le tionscnamh Scéal na Gaeilge ná feasacht an phobail ar an Ghaeilge agus ar phobal na Gaeilge a mhúscailt, go mór mór i measc pobal nua. Forbrófar an tionscnamh i gcomhar leis an phobal agus bainfidh sé feidhm as cur chuige cruthaitheach le hábhair chartlannaíochta a bhailiú don taispeántas: íomhánna, téacs agus grianghraif a ndéanfaidh cur síos físeach ar éabhlóid na teanga agus a pobail san am atá caite, sa lá atá inniu ann agus sa todhchaí.

Tá lúcháir ar Chomhairle Cathrach Dhoire go mbeidh tacaíocht ar fáil don tionscadal seo ó thionscnamh BT Portrait of a City. Ní amháin go guideoidh an tacaíocht luachmhar seo le pobal na Gaeilge ábhair a chartlannú ach cuideoidh sé leis an tionscnamh seo ábhar nua closamhairc i nGaeilge a thaifeadadh le cur ar bhanc cuimhne na cathrach atá á fhorbairt ag BT Portrait of a City.
Má tá suim agat cur isteach ar an phróiseas seo is féidir leat teagmháil a dhéanamh le Pól Ó Frighil, Oifigeach Gaeilge, Comhairle Cathrach Dhoire le foirm iarratais a iarraidh ar T: 028 71 376 579 nó seol ríomhphost chuig pol.ofrighil@derrycity.gov.uk. Is í an Aoine an 8ú Feabhra ag 12:00in an spriocdháta d’iarratais.

Tá tionscnamh Scéal na Gaeilge maoinithe ag clár Culture for All a chuireann tacaíocht ar fáil do phobail éagsúla ar mian leo tionscnaimh a fhorbairt mar cheiliúradh ar ghradam Chathair Chultúir 2013 agus tá an clár maoinithe ag the Big Lottery Fund agus an Chomhairle Ealaíon ó Thuaidh.