Méid an Téacs

Folúntais: Feidhmeannach Rith 2016

Nollaig 3, 2015

Feidhmeannach Rith 2016 (faoi oiliúint)

Is féile náisiúnta teanga é Rith 2016 a bheidh ar siúl ón 4-14 Márta 2016 mar cheann de phríomhimeachtaí Sheachtain na Gaeilge. Is bliain faoi leith í 2016 agus chun ról na Gaeilge in imeachtaí stairiúla 1916 a chomóradh, tá cúrsa dúshlánach leagtha amach agus tabharfar cuairt ar gach contae ar an oileán.
Is é cuspóir Rith 2016 ná an Ghaeilge agus cultúr na hÉireann a cheiliúradh go feiceálach i bpobail ar fud na hÉireann.
Is tréimhse taithí oibre neamhíoctha é an post seo ó mhí Eanáir 2016 – Aibreán 2016. Beidh an té a cheapfar ag plé le Rith 2016 ach beidh deiseanna comhoibriú ann le feachtais Chonradh na Gaeilge ar nós Sheactain na Gaeilge agus Plé ’16.

Cur Síos Poist:
• Tacaigh le scríobh agus i ndáileadh ábhar poiblíochta ar líne agus i bhfoirm clóite
• Bainistigh na bealaí digiteacha ar fad, meáin shóisialta san áireamh a bhaineann le Rith 2016
• Tacaigh le seoltaí poiblíochta agus imeachtaí/gníomhaíochta ábhartha

Riachtanais Poist:
• Gaeilge scríofa agus labhartha d’ardchaighdeán
• Suim sna meáin digiteacha
• Cúrsa tríú leibhéal ábhartha
• Meon spreagúil agus fuinniúil

Gheobhaidh an té a cheapfar:
• Taithí ar bhainistíocht tionscadail agus ama
• Taithí ar riarachán, díolacháin agus bainistíocht airgeadais
• Scileanna ríomhaireachta agus teicniúla
• Scileanna cumarsáide agus idirphearsanta
• Taithí Ríomhaireachta – scileanna bainistíochta inneachair

Beidh an ról suite i mBaile Átha Cliath ach beidh an gá ann taisteal go dtí na contae ar chúrsa Rith 2016 ó ham go chéile. Íocfar costais ábhartha.
Is féidir iarratas a dhéanamh trí C.V. agus litir clúdaigh a sheoladh chuig sinead@cnag.ie
Tuilleadh Eolais: Rith 2016 01 475 7501 nó sinead@cnag.ie