Méid an Téacs

Folúntais le Glór na nGael

Deireadh Fómhair 8, 2014

Is gluaiseacht náisiúnta é Glór na nGael, a bhfuil sé d’aidhm aige an Ghaeilge a fhorbairt i dtrí réimse lárnacha: forbairt phobail, forbairt eacnamaíochta, agus ar bhealach speisialta, tógáil páistí le Gaeilge.Tá foireann á lorg do na folúntais seo a leanas:

Bainisteoir Acmhainne Daonna (Comhroinnte le Conradh na Gaeilge)
Scála tuarastail: Ard-Oifigeach Feidhmiúcháin, (scála caighdeánach), de réir 28/2009 – Aguisín 2A – €46,081 – €58,254

Bainisteoir Forbartha – Cúige Uladh agus Tuaisceart Laighean
Le ceapadh láithreach
Scála tuarastail: Tuaisceart Éireann SO 195 – £31.500 – £34,135

Oifigigh Forbartha x 6
Scálaí tuarastail (ag braith ar áit chónaithe an té a roghófar)
Tuaisceart Éireann – SO 193 £28,500 – £31,135
Ó dheas EO – 28/2009 -Aguisín 2A €30,516 – €47,975

Seol rphost chuig post@glornangael.ie le haghaidh sonraíocht poist.

Más mian leat cur isteach ar na poist seo, is gá iarratas móide CV reatha a sheoladh chuig post@glornangael.ie roimh 5.30 in, Dé hAoine, 24 Deireadh Fómhair 2014.

Tá Glór na nGael maoinithe ag Foras na Gaeilge

Tá sé i gceist ag Glór na nGael painéal fostaíochta a chur le chéile do phostanna ag leibhéal Oifigeach Forbartha agus ag leibhéal Bainisteoir Forbartha. De réir mar a thagann folúntais aníos roghnófar fostaithe oirúnacha ón bpainéal seo, a bheas i bhfeidhm go dtí 31/12/2015.