Méid an Téacs

Folúntas: Bainisteoir in Ionad Cúram Leanaí Ráth Chairn

Feabhra 26, 2015

Fáiltíonn Coiste Cúram Leanaí Ráth Chairn roimh iarratais do phost mar Bhainisteoir ar Ionad Cúram Leanaí Ráth Chairn. Beidh an té a cheapfar freagrach as riaradh agus bainistiú na seirbhíse ina iomláine. Ní mór d’iarrthóirí taithí bainistíochta/riaracháin a bheith acu chomh maith le taithí agus cáilíocht sa réimse cúram leanaí. Tá cáilíocht FETAC Leibhéal 6 riachtanach agus bheadh cáilíocht tríú leibhéal sa réimse cúram leanaí ina bhuntáiste. Ní mór d’iarrthóirí Gaeilge líofa a bheith acu.

Is post lánaimseartha é seo, ag obair ó Luan go hAoine agus íocfar tuarastal de réir taithí agus cáilíochtaí.

Spriocdháta: 4ú Márta 2015

Sonraí ar www.educationposts.ie.