Folúntas: Gaelscoil an Chuilinn
Meitheamh 26, 2014
Is Gaelscoil nua lánghaeilge, idirchreidmheach í Gaelscoil an Chuilinn a d’oscail i 2012.
Beidh trí phost buan le líonadh againn.
Is post faoi stádas forbartha ar théarma seasta ceann de na poist seo, mar sin, buanófar é le cead na Roinne Oideachais i mí Dheireadh Fómhair, ag braith ar uimhreacha 30/09/14.
Is post mar mhúinteoir Tacaíocht Foghlama ceann eile de na poist seo. Beidh an post lonnaithe i nGaelscoil an Chuilinn ach roinnte le Gaelscoil eile áitiúil ar feadh dhá lá.
Is féidir go ndéanfaí liosta d’iarrthóirí oiriúnacha a bhunú as a ndéanfaí folúntais sa todhchaí a líonadh laistigh de thréimhse 4 mhí ón dáta ar a bhfaomhann an Bord an t-iarrthóir rathúil.
Beifear ag súil go mbeidh ard-chaighdeán Gaeilge labhartha & scríofa ag iarrthóirí na postanna seo. Tá muid ag lorg múinteoirí fuinniúil, eagraithe le sárscileanna teicneolaíochta, ceoil agus corp oideachais ach go háirithe.
Iarratas trí Ghaeilge amháin chuig postannagsc@gmail.com le bhur dtoil.
Sonraí ar www.educationposts.ie.