Folúntas: Gaelscoil Ros Eo
Meitheamh 26, 2014
Is Gaelscoil Caitliceach í Gaelscoil Ros Eo faoi phatrúnacht an Fhorais Pátrúnachta.
Duine fuinniúil, le sár-scileanna ceannasaíochta, múinteoireachta, cumarsáide agus riarachán atá uainn. Tá ard chaighdeán Gaeilge, idir labhartha agus scríofa ag teastáil ó iarratasóirí. Beifear ag súil go bhfuil suim mhór sa Ghaeloideachas ag iarratasóirí a chuireann isteach ar an bpost seo.
Iarratais i nGaeilge amháin led’ thoil.
Cuirfear painéal d’iarratasóirí le chéile agus má tá aon fholúntas sa scoil taobh istigh de thréimhse 4 mhí is féidir leis an bpost a bheith líonta ón bpainéal sin.
Sonraí ar www.educationposts.ie.