Méid an Téacs

Folúntas: Oifigeach Cléireachais (Airgeadais) le Oireachtas na Gaeilge

Deireadh Fómhair 20, 2014

Ról: Oifigeach Cléireachais (Airgeadais)
Scála: Meán Leibhéal
Tréimhse: Post Buan
Tuarastal: Ag brath ar cháilíochtaí
Fostóir: Oireachtas na Gaeilge
Áit: Baile Átha Cliath/ Gaillimh/ Tuaisceart Éireann

Cuirfidh an tOifigeach Cléireachais (Airgeadais) tacíocht chléireachais agus riaracháin ar fáil do bhaill na foirne. Beidh sé/sí freagrach as chuntasaíocht na heagraíochta ó lá go lá. Beidh taithí chuimsitheach ag an té a cheapfar ar gach gné a bhaineann le tacaíocht riaracháin a sholáthar agus beidh caílíocht chuntasaíochta aige/aici.

Cúraimí:

• Tacaíocht riaracháin a sholáthar d’fhoireann Oireachtas na Gaeilge
• Bainistíocht a dhéanamh ar bhuiséid agus ar chaiteachas laethúil na heagraíochta
• Déileáil le Foras na Gaeilge agus le páirtithe leasmhara eile i ngach réimse airgeadais ó lá go lá

Riachtanais:

• Ní mór céim tríú leibhéal a bheith ag an iarrathóir (m.sh., Stair, Polaitíocht, Staidéar Gnó)
• Ardchaighdeán Gaeilge agus Béarla idir scríofa agus labhartha
• Caílíocht chuí sa chuntasaíocht
• Sárscileanna ríomhaireachta
• Súil ghéar anailíseach
• A bheith in ann obair a chur i gcrích faoi bhrú sprioc-amanna
• Scileanna láidre eagrúcháin
• Is gá go mbeidh taithí ghairmiúil chuí ag an iarrthóir
• Taithí ar thuairiscí a scríobh.

* Tá an post seo á fhógairt ar 15 Deireadh Fómhair 2014. Reáchtálfar agallaimh ag tús mhí na Samhna agus beidh an té a cheapfar ag tosú sa phost i mí Eanáir 2015.