Méid an Téacs

Folúntas: Oifigeach Foirne (le Freagrachtaí Oifigigh Gaeilge) le Comhairle Cathrach na Gaillimhe

Eanáir 15, 2016

Táthar ag lorg iarratais ó dhaoine atá cáilithe go cuí chun an post thuas le Comhairle Cathrach na Gaillimhe a líonadh.

Tuarastal: (Íosphointe) €40,213 go (Uasphointe) €45,458 leis an 1ú LSI €46,977 &
an 2ú LSI €48,495

Is féidir na foirmeacha iarratais agus na sonraí iomlána don phost thuas a fháil ón Rannóg Acmhainní Daonna, Halla na Cathrach, Bóthar an Choláiste, Gaillimh. Cuirfear iarratais ar ghearrliosta bunaithe ar an eolas a chuirfear ar fáil ar an bhfoirm iarratais.

Ní mór na foirmeacha iarratais a chomhlánú go hiomlán i nGaeilge.

Is é an dáta deiridh a nglacfar le foirmeacha iarratais chomhlánaithe don phost seo tráth nach déanaí ná 4.00p.m. Déardaoin, 28ú Eanáir, 2016. Caithfidh gach foirm iarratais chomhlánaithe go hiomlán a bheith sa Rannóg Acmhainní Daonna faoin dáta sin.

Uimh. Theil. (091) 536596 Rphost: personnel@galwaycity.ie Suíomh Idirlín: www.galwaycity.ie

www.galwaycity.ie