Méid an Téacs

Folúntas: Príomhoide – Pobalscoil Ghaoth Dobhair

Iúil 10, 2015

Tá Bord Bainistíochta Phobalscoil Ghaoth Dobhair ag lorg iarratais ó mhúinteoirí cuícháilithe do phost mar Phríomhoide. Tosóidh an té a cheapfar sa phost seo ar 1 Meán Fómhair 2015. Is scoil chomhoideachais í agus tá 375 dalta ag freastal uirthi. Is scoil Ghaeltachta í agus tá an teagasc go léir trí mheán na Gaeilge. Caithfidh an té a cheapfar a bheith ábalta a chuid/cuid oibre go léir a dhéanamh trí mheán na Gaeilge.

Is féidir sonraí an phoist agus foirmeacha iarratais a fháil trí ríomhphost chuig

pobalscoilgd.ias@eircom.net nó scairt a chur ar (074) 9531311

Ní mór d’iarrthóirí iarratas i gcruachóip amháin a chur ar aghaidh roimh an 4.00 i.n. an Luan 20ú Iuil 2015.

Is féidir breis eolais a fháil ag www.publicjobs.ie