Folúntas: Riarthóir airgeadais á earcú ag Gaelscoileanna Teo.
Deireadh Fómhair 3, 2016
RIARTHÓIR AIRGEADAIS (páirtaimseartha) de dhíth, a bheidh freagrach as airgeadas laethúil na heagraíochta a riar.
Duine le sárscileanna eagrúcháin mar aon le líofacht sa Bhéarla agus sa Ghaeilge. Taithí ar bheith ag plé le hairgeadas riachtanach.
Is ceanneagraíocht í Gaelscoileanna Teo. atá freagrach as an réimse Tumoideachas/Gaeloideachas agus Réamhscolaíocht lán-Ghaeilge a chur chun cinn.
Seol iarratas trí litir agus CV a chur chuig blathnaid@gaelscoileanna.ie.
Spriocdháta le haghaidh iarratas comhlánaithe:
Meánlae Aoine, 14 Deireadh Fómhair 2016
Ní ghlacfar le haon iarratais i ndiaidh an spriocdháta seo.