Méid an Téacs

Intéirneacht Iarchéime, Foclóir na Nua-Ghaeilge

Feabhra 11, 2013

Intéirneacht Iarchéime leis an Foclóir na Nua-Ghaeilge (6 mhí)

Fáilteoidh Acadamh Ríoga na hÉireann roimh iarratais ar intéirneacht sé mhí do Chuntóir Oifige le Foclóir na Nua-Ghaeilge, 19 Sráid Dásain, Baile Átha Cliath 2 faoin scéim JobBridge.

An Post:
Cuideoidh an t-intéirneach leis an gClárbhainisteoir agus leis an Eagarthóir Cúnta téacsanna a ullmhú do Corpas na Gaeilge 1882-1926 agus do Corpas na Gaeilge 1927-1958.
I measc dualgas an intéirnigh beidh:

  • Cuidiú le próiseas táirgeachta FNG
  • Téacsanna Nua-Ghaeilge a phrofáil
  • Téacsanna Nua-Ghaeilge a dhigitiú
  • Ullmhú do sheoladh Corpas na Gaeilge 1882-1926
  • Poiblíocht a dhéanamh do sheoladh Corpas na Gaeilge 1882-1926
  • Iniúchadh a dhéanamh ar na féidearthachtaí a bhaineann leis an tionscnamh a fhorbairt ar líne

I rith na tréimhse seo, gheobhaidh an t-intéirneach taithí ar a bheith ag obair ar thionscnamh taighde agus forbróidh sé/sí scileanna inaistrithe. Ina measc beidh taighde ar théacsanna Gaeilge, cruthú corpais, profaí a léamh, poiblíocht agus ról a ghlacadh i bpróiseas na foilsitheoireachta ar líne. Beidh sé/sí freagrach don Chlárbhainisteoir agus don Eagarthóir Cúnta.

Cuirfear sceideal traenála le chéile don intéirneach ina mbeidh traenáil phroifisiúnta agus oiliúint ar an láthair oibre.

Sonraíocht faoin bpearsa
Beidh suim ag an intéirneach i scileanna taighde a fhorbairt, cuir lena (h)eolas faoi na daonnachtaí digiteacha agus tabhairt faoi ghairm bheatha in earnáil na Gaeilge.

Beidh na cáilíochtaí seo a leanas ag an té a cheapfar:-

  • Céim onóracha sa Nua-Ghaeilge
  • Súil ghéar don chruinneas
  • Ardscileanna ríomhaireachta
  • Suim in earnáil na Gaeilge
  • Cumas oibre mar chuid d’fhoireann agus as a stuaim féin

Conas iarratas a dhéanamh
Caithfear iarratais ar an intéirneacht seo a chur isteach in aon cháipéis amháin san ord seo a leanas:
1. Curriculum Vitae a chuireann síos go hachomair ar do chuid cáilíochtaí, scileanna agus taithí ábhartha. (2 leathanach ar a mhéid)
2. Ráiteas faoin ról a bheadh ag an intéirneacht seo i d’fhorbairt gairme féin agus cad iad na scileanna atá agat a bheadh oiriúnach don ról.

Caithfear iarratais a chur ar ríomhphost go hr@ria.ie.

Is é 22 Feabhra 2013 an spriocdháta. Eagrófar agallaimh i ndiaidh an dáta sin.

Is foras uile-Éireann, neamhspleách, acadúil é Acadamh Ríoga na hÉireann a chuireann scoláireacht agus feabhas sna heolaíochtaí, sna daonnachtaí agus sna heolaíochtaí sóisialta chun cinn. Príomhchumann léannta na hÉireann is ea é agus tá níos mó ná 420 ball ann a toghadh in aitheantas dá mórghníomhartha acadúla.
Is fostóir comhionannas deiseanna é Acadamh Ríoga na hÉireann

Foilsithe ar Gaelport.com