Obair pháirtaimseartha do mhúinteoirí Gaeilge
Feabhra 20, 2014
Tá painéal á chur le chéile ag Gaelchultúr de mhúinteoirí Gaeilge a bheidh ar fáil (go háirithe i rith an lae) le bheith ag múineadh ar chúrsaí an chomhlachta do dhaoine fásta.
Cáilíocht riachtanach: bunchéim sa Ghaeilge nó san oideachas
Cáilíochtaí inmhianaithe: céim mháistir sa Ghaeilge, cáilíocht mhúinteoireachta
Má tá spéis agatsa san obair seo agus má tá na cáilíochtaí cuí agat, seol CV agus litir iarratais chuig Riarthóir Ghaelchultúir, Róisín Ní Mhaolchallann, ag roisin@gaelchultur.com.
Foisithe ar Gaelport.com