Oifigeach Cléireachais Gaeilge – Coláiste Mhuire gan Smál, Ollscoil Luimnigh
Bealtaine 13, 2013
Is mian le Coláiste Mhuire gan Smál, Ollscoil Luimnigh an post mar Oifigeach Cléireachais – Gaeilge, Oifig an Oideachais, a líonadh ar bhonn buan, lánaimseartha, conartha, ag tosú Lúnasa 2013.
Is ról tábhachtach riaracháin é seo in Oifig an Oideachais sa Choláiste. Cuirfidh an t-iarrthóir rathúil tacaíocht riaracháin ghinearálta ar fáil trí mheán na Gaeilge don Cheann Roinne sa Roinn Teanga, Litearthachta agus Matoideachais. Beidh baint lárnach aige/aici le feidhmeanna riaracháin laethúla Oifig an Oideachais.
Beidh an t-iarrthóir rathúil in ann déileáil le freagrachtaí éagsúla i suíomh casta agus beidh sé/sí in ann teagmháil a dhéanamh le baill foirne, le mic léinn agus le cliaint an Choláiste. Tá sé mar riachtanas an phoist go mbeidh sé ar chumas an té a cheaptar déileáil le faisnéis atá thar a bheith rúnda ar bhonn an-discréideach.
Beidh na scileanna seo a leanas ag an iarrthóir a éireoidh leis/léi:
- Cur amach den chéad scoth ar Ríomhairí (Microsoft Office le pacáistí Microsoft Word, Excel & Access san áireamh)
- Ard-chaighdeán sa Ghaeilge labhartha agus scríofa
- Taithí ábhartha riaracháin oifige – tacaíocht rúnaíochta a sholáthar, tuarascálacha a dhréachtadh, miontuairiscí a thógáil, léamh profaí agus mar sin de.
- Taithí roimhe seo ar obair riaracháin a dhéanamh laistigh de shuíomh oideachais.
- A bheith in ann oibriú go héifeachtach laistigh de thimpeallacht foirne bunaithe le fada.
- Scileanna idirphearsanta, eagrúcháin agus cumarsáide den scoth.
Is gá d’iarrthóirí a léiriú go soiléir ina n-iarratais conas a chomhlíonann a gcuid scileanna gach ceann de na critéir thuasluaite.
Spriocdháta: 24 Bealtaine 2013
Foilsithe ar Gaelport.com