Méid an Téacs

Oifigeach Forbartha á lorg ag Feachtas: Óg-Ghluaiseacht na Gaeilge

Deireadh Fómhair 10, 2014

Tá Feachtas ag earcú Oifigeach Forbartha ar conradh bliana. Duine fuinniúil agus cumasach, le scileanna iontacha idirphearsanta, cumarsáide agus eagrúcháin, atá ag teastáil, chun clár oibre na heagraíochta a chur i gcrích ar ardchaighdeán.

Is eagraíocht óige é Feachtas, a bhfuil sé d’aidhm aige an Ghaeilge a chur chun cinn i measc daoine óga agus chun cuidiú lena bhforbairt phearsanta agus shóisialta. Is balleagraíocht de Chomhairle Náisiúnta na nÓg é Feachtas agus glacann muid páirt ghníomhach i gcúrsaí óige agus i gcúrsaí Gaeilge. Oibríonn muid le daoine óga san aoisghrúpa 8-18 mbliana d’aois.

Misean
An Ghaeilge a chur chun cinn i measc daoine óga agus tacú lena bhforbairt phearsanta agus shóisialta trí chlár fiúntach, taitneamhach agus dúshlánach a chur ar fáil.

Fís
Go spreagtar daoine óga, trí rannpháirteachas in imeachtaí Feachtas, bheith féinmhuiníneach, gníomhach agus bródúil as an nGaeilge agus go mbeidh pobal na Gaeilge níos saibhre dá bharr.

Riachtanais:

  • Scileanna láidre idirphearsanta agus cumarsáide
  • Scileanna maithe eagrúcháin agus riaracháin, ar a n-áirítear scileanna ríomhaireachta
  • Taithí ar Obair Óige
  • Ardchaighdeán Gaeilge, idir labhairt agus scríobh
  • Ceadúnas Glán Tiomána agus teacht ar charr

Inmhianaithe:

  • Cáilíocht 3ú leibhéal sa Ghaeilge, sa Phleanáil Teanga, san Obair Óige, nó a comhionann
  • Taithí ar chúrsaí poiblíochta & margaíochta
  • Taithí ar pholasaithe a fhorbairt

Beidh an post lonnaithe in Oifig Feachtas i mBaile Átha Cliath agus ní mór don té a cheapfar a bheith ar fáil chun dul i mbun oibre gan mhoill.

Iarratas: Ba chóir (i) litir iarratais agus (ii) CV iomlán a chur chuig eolas@feachtas.ie faoi 12.00 i.n. 17 Deireadh Fómhair 2014. Ní ghlacfar le haon iarratais i ndiaidh an spriocdháta.

Tuilleadh eolais ar fáil ó: Ciara Ní Bhroin, Feachtas, Oifig a 8, Teach Coghill, 64 Sráid an Dáma, Baile Átha Cliath 2. Átha Cliath 2. Teil: 01 6725940 nó ciara@feachtas.ie

Fostóir comhdheiseanna is ea Feachtas.

Tá obair Feachtas á maoiniú ag an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige