Méid an Téacs

Post i dteagasc na meán á thairiscint ag OÉ, Gaillimh

Iúil 23, 2015

Tá duine á lorg ag Ollscoil na hÉireann, Gaillimh do phost mar Fheidhmeannach Cumarsáide in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge. Ar na cúraimí a bheas ar an té a cheapfar beidh teagasc ar an mBA sa Chumarsáid agus ar an MA sa Chumarsáid, mar aon le taighde i réimse na cumarsáide. Beidh an té a cheapfar lonnaithe in Ionad an Acadaimh ar an gCeathrú Rua, Co. na Gaillimhe.

Post ar chonradh seasta ocht mí idir Meán Fómhair 2015 agus Aibreán 2016 a bheas ann. Ní mór iarratais a bheith faighte faoi 17.00, Déardaoin, an 30 Iúil. Ní mór cáilíocht iarchéime sna meáin, nó i réimse gaolmhar, a bheith aige nó aici, agus líofacht ard sa Ghaeilge.Is buntáiste é taithí iriseoireachta nó craoltóireachta a bheith aige nó aici.

Tuilleadh eolais: http://www.nuigalway.ie/about-us/jobs/