Méid an Téacs

Folúntas: Scríbhneoir Cónaithe i Roinn na Gaeilge, Coláiste Phádraig

Deireadh Fómhair 20, 2014

Fáilteofar roimh iarratais ó scríbhneoirí Gaeilge ar phost mar Scríbhneoir Cónaithe i gColáiste Phádraig, Droim Conrach, faoi scéim atá comhurraithe ag an gComhairle Ealaíon agus ag Coláiste Phádraig. Beidh an Scríbhneoir Cónaithe a cheapfar faoin scéim seo ag obair i Roinn na Gaeilge sa Choláiste i rith na bliana 2015 agus tabharfaidh sé/sí léachtaí, ranganna agus ceardlanna ar ghnéithe éagsúla de scríbhneoireacht chomhaimseartha na Gaeilge. Chomh maith leis sin, cuirfidh an scríbhneoir le hobair Roinn an Oideachais, Roinn an Bhéarla, agus Léann Litríocht na bPáistí, de réir mar is cuí. Tabharfaidh an scríbhneoir tacaíocht do scríbhneoirí cruthaitheacha phobal an Choláiste agus déanfar teagmháil leis an bpobal áitiúil agus le pobal na tíre trí léamha poiblí agus rannpháirtíocht in imeachtaí litríochta eile a eagrófar. Tá sé i gceist go gcuirfeadh an tréimhse mar Scríbhneoir Cónaithe deis luachmhar ar fáil don scríbhneoir a s(h)aothar cruthaitheach féin a fhorbairt agus a chur chun cinn i suíomh tacúil oideachais.

Tá tuilleadh eolais ar fáil ar an suíomh idirlín: www.spd.dcu.ie/vacancies.

Ní mór foirmeacha iarratais a bheith istigh faoi: 12 meán lae, Deardaoin, 23 Deireadh Fómhair 2014.

Chuig:

Roinn Acmhainní Daonna,

Coláiste Phádraig,

Droim Conrach,

Baile Átha Cliath 9.

Táthar ag súil go mbeidh agallaimh don phost seo ar siúil sa seachtain dar tús 10 Samhain 2014
Ní mór don iarrthóir dul faoin bhráid phróiseas imréitigh agus grinnfhiosrúcháin an Gharda Síochána sula dtosaíonn siad sa phost seo leis an gColáiste.
Ní ghlacann Coláiste Phádraig le hiarratais leictreonacha
Is fostóir comhdheiseanna é Coláiste Phádraig