Méid an Téacs

Samhail Mhaoinithe #2: Comhairleoir á lorg

Iúil 13, 2012

Glacadh an chéad chéim i dtreo struchtúr maoinithe nua a thógáil  d’earnáil dheonach na Gaeilge Dé Luain nuair a d’fhógair Foras na Gaeilge go bhfuil comhairleoir le ceapadh acu.

Fógraíodh ar an suíomh gréasáin tairisceana etenders.gov.ie  go bhfuil an áisíneacht tras-teorainn ag lorg tairiscintí  ó shaineolaithe le cás gnó cuimsitheach a chur le chéile de réir threoir na Comhairle Aireachta Thuaidh Theas (CATT).

Beidh an té a cheapfar freagrach as múnla úr a mholadh  as liosta de roghanna féideartha chomh maith le hanailís a dhéanamh ar na rioscaí, na costais , na buntáistí agus éifeachtúlacht gach rogha atá molta aige/aici.

Iarrfar ar an gcomhairleoir na haidhmeanna atá leis an athrú ó bhunmhaoiniú go múnla maoinithe nua a soiléiriú agus molfaidh siad an bealach is fearr chun cinn don  earnáil dheonach.

I mí an Mheithimh d’fhógair Bord Fhoras na Gaeilge nach leanfar ar aghaidh leis an tSamhail Nua Mhaoinithe mar a bhí molta.

D’fhoilsigh Comhchoiste Oireachtais tuarascáil cúpla seachtain roimhe sin inar leagadh an bhéim ar thábhacht an bhunmhaoinithe do na heagrais Ghaeilge agus moladh go ngabhfaí i mbun taighde agus go bhforbrófaí ollstraitéis d’Fhoras na Gaeilge.

Mhol an Comhchoiste go mbeadh sé sonraithe san ollstraitéis sin conas a thacódh sin leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus Straitéis Ghaeilge Thuaisceart Éireann.

Tugtar le fios sa bhfógra go bhfuiltear ag lorg tairiscintí ó iarrthóirí a bhfuil tuiscint acu ar chásanna gnó ar ardchaighdeáin a dhéanamh agus a bhfuil tuiscint acu ar earnáil na Gaeilge agus ar chur chun na Gaeilge thuaidh agus theas. Is é an spriocdháta atá luaite do na tairiscintí ná 27 Iúil 2012.

Tá ráite ag Foras na Gaeilge go mbeidh cinneadh le glacadh ag an gComhairle Aireachta Thuaidh Theas i mí na Samhna maidir le múnla nua maoinithe don earnáil, ó Meitheamh 2013 ar aghaidh.

Fágann sé sin go bhfuil níos lú ná cúig mhí fágtha ag an bhForas múnla nua maoinithe a dhréachtadh agus a chur os comhair na nAirí.

Foilsithe ar Gaelport.com