Méid an Téacs

Fondúireacht Jack and Jill

Aibreán 29, 2011

Tá scéim Phones for Boards ar bun ag an gcumann carthanachta Jack & Jill a théann chun leasa na carthanachta agus na scoileanna a chabhraíonn leo.

Tá sean-fóin póca á bhailiú ag Jack and Jill ó scoileanna. Déanann siad athchúrsáil ar na gutháin agus díolann siad iad. Téann dhá thriain den bhrábús uaidh seo ar aghaidh chuig an charthanacht agus fillean an triain eile ar ais ar na scoileanna. Anuas air seo, beidh deis ag an dá scoil a bhailíonn an líon fón póca is airde bualadh le Jedward i mí an Mheithimh, spreagadh eile dóibh páirt a ghlacadh!

De ghnáth, dáileann Jack and Jill brábúis na scéime seo ar na scoileanna i bhfoirm táirgí cosúil le: cláir bhána idirghníomhacha, ríomhairí glúine, leabhair, geansaithe agus trealamh spóirt agus rudaí eile den chineál sin. Sa chás nach bhfuil táirgí ar bith de dhíth ón scoil, tugtar airgead tirim dóibh.  Tá breis eolais ar fáil ó www.jackandjill.ie/phonesforboards nó 1850-525545. Tá fáilte roimh ghlaonna as Gaeilge agus is é Shane Whelan a bhíonn ag déileáil le glaonna ó na scoileanna lán-Ghaeilge.

Oibríonn fondúireacht Jack and Jill chun curaimí faoisimh agus tacaíochtaí a sholáthar do pháistí le tinnis fhoircheanta acu agus dá gclanna.