Méid an Téacs

Scléip 2012 – Rialacha

Nóta Tábhachtach: Tá rannóga agus rialacha an chomórtais athraithe i mbliana chun feabhas agus forbairt a dhéanamh ar an gcómórtas. Le do thoil, bí cinnte agus na rialacha a léamh go mion. Má tá aon cheist ina leith nó aon amhras ort faoin rannóg is feiliúnaí duit, tá gach fáilte romhat teagmháil a dhéanamh le Clare Spáinneach ar 01 8535193 nó cspainneach@gaelscoileanna.ie.

Coinníollacha Ginearálta

  • Tá an comórtas oscailte do dhaltaí sna hiar-bhunscoileanna lán-Ghaeilge amháin agus caithfidh gach iomaitheoir a bheith ag freastal go lánaimseartha ar iar-bhunscoil lán-Ghaeilge.
  • Tá an comórtas seo á reáchtáil trí mheán na Gaeilge agus is í an Ghaeilge teanga chumarsáide agus teanga fheidhmeach an chomórtais. Ní ghlacfar ach le míreanna trí Ghaeilge agus iarrtar ar mhúinteoirí/caomhnóirí cinntiú go bhfuil Gaeilge á labhairt ag na rannpháirtithe le linn imeachtaí Scléip.
  • Ní cheadaítear do gach scoil ach beirt iomaitheoir/dhá ghrúpa a chur chun cinn thar ceann na scoile i ngach rannóg. Ní ligfear don tríú iomaitheoir/ghrúpa ó aon scoil ar leith dul ar stáitse in aon rannóg amháin.
  • Is gá a chur in iúl ar an bhfoirm iontrála an iomaitheoirí/grúpaí sóisir nó sinsir atá i gceist i ngach cás. Ceadófar do gach scoil uasmhéid de dhá mhír in aghaidh na rannóige a chur chun cinn; dhá mhír sóisir, dhá mhír sinsir nó mír sóisir agus mír sinsir. I gcás go bhfuil daltaí sóisir agus sinsir in aon ghrúpa le chéile, rangaigh de réir tromlach an ghrúpa iad.
  • Ba cheart nach mbeadh ach múinteoirí in iar-bhunscoileanna lán-Ghaeilge luaite mar theagmhálaithe ar na foirmeacha iontrála.
  • Ní féidir ord reatha an chomórtais a athrú.
  • Iarrtar ar gach scoil bheith i láthair don chomórtas iomlán, oiread agus is féidir, agus a bheith mar lucht féachana nuair nach bhfuil siad ar stáitse.
  • Ní féidir glacadh le hiomaitheoirí a thagann i ndiaidh deireadh a rannóige.
  • Ní cheadófar rannpháirtíocht thuismitheoirí nó múinteoirí ar an stáitse féin.
  • Ní mór na grúpaí go léir a ainmniú go soiléir le go mbeidh an fear/bean an tí in ann iad a chur in aithne don lucht féachana: i. Ní ghlacfar le ‘Grúpa A’, ‘Grúpa Sinsir’, srl.
  • Glacfar le téama ar bith, ach caithfidh liricí amhrán, míreanna drámaíochta, srl. a bheith in oiriúint do chomórtas scoile (ní cheadaítear píosaí ciníocha, díobhálacha, nimhneacha, srl).
  • Tá cead éadaí scoile nó gnáth éadaí a chaitheamh. Luíonn sé sin faoin scoil.
  • Is ar na hiomaitheoirí atá sé aon fheisteas, uirlis cheoil, aimplitheoirí nó taca atá de dhíth orthu a eagrú.
  • Má tá fuaimrian taca in úsáid ag na hiomaitheoirí, iarraimid orthu dlúthdhiosca nó iPod lipéadaithe i mBéarla a thabhairt dúinn nuair a chláraíonn siad ar maidin, le hainm dalta (nó grúpa), le hainm scoile agus le huimhir agus ainm an amhráin sonraithe air don teicneoir fuaime.
  • Is féidir go mbainfear marcanna d’aon scoil a théann thar am. Tá uasmhéid ama luaite le gach rannóg.
  • Níl cead an stáitse a ghléasadh le seit ach tá cead frapaí láimhe a úsáid.
  • Cuirfear cathaoireacha agus bord ar fáil ar stáitse más gá, ach é a bheith luaite ar an bhfoirm iontrála.

Má tá aon amhras ort faoin rannóg is feiliúnaí duit, tá gach fáilte romhat teagmháil a dhéanamh le Clare Spáinneach ar 01 8535193 nó cspainneach@gaelscoileanna.ie.

Ceol Nua-Aimseartha (aonair)

  • Glacfar le guth agus/nó le ceoltóireacht le huirlisí.
  • Glacfar le liricí nuachumtha nó le liricí aistrithe go Gaeilge.
  • Beidh marcanna sa bhreis ag dul do shaothair nuachumtha agus iarrtar ar na hiomaitheoirí é a chur in iúl ón stáitse más saothar nuachumtha atá i gceist.
  • Ní ghlacfar le ceol traidisiúnta nó clasaiceach sa rannóg seo, ach bheadh eilimintí de inghlactha.
  • Glacfar le stíl ceoil ar bith nach ceol traidisiúnta ná clasaiceach í: rac-cheol, pop cheol, rap, srl.
  • Glacfar le fuaimrian taca sa chúlra (ie. dlúthdhiosca, iPod, srl.) ach ní le ceoltóir ar bith eile ar an stáitse.
  • Glacfar le meascraí (medleys)
  • Glacfar le hiomaitheoirí aonair amháin sa rannóg seo.
  • Is gá a chur in iúl ar an bhfoirm iontrála an iomaitheoirí sóisir nó sinsir atá i gceist i ngach cás. Ceadófar do gach scoil uasmhéid de dhá mhír in aghaidh na rannóige a chur chun cinn; dhá mhír sóisir, dhá mhír sinsir nó mír sóisir agus mír sinsir.
  • Uasmhéid ama – ceithre nóiméad.

[barr]

Ceol Nua-Aimseartha (grúpaí)

  • Glacfar le guth agus/nó le ceoltóireacht le huirlisí.
  • Glacfar le liricí nuachumtha nó le liricí aistrithe go Gaeilge.
  • Beidh marcanna sa bhreis ag dul do shaothair nuachumtha agus iarrtar ar na hiomaitheoirí é a chur in iúl ón stáitse más saothar nuachumtha atá i gceist.
  • Ní ghlacfar le ceol traidisiúnta nó clasaiceach sa rannóg seo, ach bheadh eilimintí de inghlactha.
  • Glacfar le stíl ceoil ar bith nach ceol traidisiúnta ná clasaiceach í: rac-cheol, pop cheol, rap, srl.
  • Glacfar le fuaimrian taca sa chúlra (ie. dlúthdhiosca, iPod, srl.).
  • Glacfar le meascraí (medleys)
  • Glacfar le bannaí (beirt go deichniúr) sa rannóg seo.
  • Is gá a chur in iúl ar an bhfoirm iontrála an grúpaí sóisir nó sinsir atá i gceist i ngach cás. Ceadófar do gach scoil uasmhéid de dhá mhír in aghaidh na rannóige a chur chun cinn; dhá ghrúpa sóisir, dhá ghrúpa sinsir nó grúpa sóisir agus grúpa sinsir. I gcás go bhfuil daltaí sóisir agus sinsir in aon ghrúpa le chéile, rangaigh de réir tromlach an ghrúpa.
  • Uasmhéid ama – ceithre nóiméad.

[barr]

Rince Cruthaitheach (aonair)

  • Glacfar le haon chineál rince cruthaitheach sa rannóg seo.
  • Ní ghlacfar le rince ar an sean-nós, rince céime (step dancing/Irish dancing) nó ballet ann féin. Glacfar le heilimintí dóibh mar chuid de léiriú cruthaitheach.
  • Glacfar le ceol beo nó le fuaimrian taca sa chúlra (ie. dlúthdhiosca, iPod, srl.)
  • Níl cead an stáitse a ghléasadh le seit ach tá cead frapaí láimhe a úsáid.
  • Glacfar le hiomaitheoirí aonair amháin sa rannóg seo.
  • Is gá a chur in iúl ar an bhfoirm iontrála an iomaitheoirí sóisir nó sinsir atá i gceist i ngach cás. Ceadófar do gach scoil uasmhéid de dhá mhír in aghaidh na rannóige a chur chun cinn; dhá mhír sóisir, dhá mhír sinsir nó mír sóisir agus mír sinsir.
  • Uasmhéid ama – ceithre nóiméad.

[barr]

Rince Cruthaitheach (grúpaí)

  • Glacfar le haon chineál rince cruthaitheach sa rannóg seo.
  • Ní ghlacfar le rince ar an sean-nós, rince céime (step dancing/Irish dancing) nó ballet ann féin. Glacfar le heilimintí dóibh mar chuid de léiriú cruthaitheach.
  • Glacfar le ceol beo nó le fuaimrian taca sa chúlra (ie. dlúthdhiosca, iPod, srl.)
  • Níl cead an stáitse a ghléasadh le seit ach tá cead frapaí láimhe a úsáid.
  • Glacfar le grúpaí (beirt go deichniúr) sa rannóg seo.
  • Is gá a chur in iúl ar an bhfoirm iontrála an grúpaí sóisir nó sinsir atá i gceist i ngach cás. Ceadófar do gach scoil uasmhéid de dhá mhír in aghaidh na rannóige a chur chun cinn; dhá ghrúpa sóisir, dhá ghrúpa sinsir nó grúpa sóisir agus grúpa sinsir. I gcás go bhfuil daltaí sóisir agus sinsir in aon ghrúpa le chéile, rangaigh de réir tromlach an ghrúpa iad
  • Uasmhéid ama – ceithre nóiméad.

[barr]

Drámaíocht / Mím (aonair agus grúpaí)

  • Glacfar le sceitsí, le míreanna drámaíochta, le mímeanna, le lúibíní, le hagallaimh beirte, srl.
  • Ní ghlacfar ach le saothair nuachumtha ag na daltaí.
  • Níl cead an stáitse a ghléasadh le seit ach tá cead frapaí láimhe a úsáid.
  • Glacfar le ceol beo nó le fuaimrian taca sa chúlra (ie. dlúthdhiosca, iPod, srl.)
  • Glacfar le grúpaí (beirt go deichniúr) nó le hiomaitheoirí aonair sa rannóg seo.
  • Is gá a chur in iúl ar an bhfoirm iontrála an iomaitheoirí/grúpaí sóisir nó sinsir atá i gceist i ngach cás. Ceadófar do gach scoil uasmhéid de dhá mhír in aghaidh na rannóige a chur chun cinn; dhá mhír sóisir, dhá mhír sinsir nó mír sóisir agus mír sinsir. I gcás go bhfuil daltaí sóisir agus sinsir in aon ghrúpa le chéile, rangaigh de réir tromlach an ghrúpa.
  • Uasmhéid ama – fiche nóiméad.

[barr]

Comórtas Ilchineálach (aonair agus grúpaí)

  • Clúdaíonn an rannóg seo gnéithe den chomórtas nach gcuimsítear sna rannóga eile, msh. draíocht, greann, scéalaíocht, filíocht, cleasaíocht agus eile.
  • Beidh marcanna sa bhreis ag dul do saothair nuachumtha agus iarrtar ar na hiomaitheoirí é a chur in iúl ón stáitse más saothar nuachumtha atá i gceist.
  • Ní ghlacfar le ceol traidisiúnta nó clasaiceach sa rannóg seo, ach bheadh eilimintí de inghlactha mar chuid de léiriú cruthaitheach.
  • Ní ghlacfar le rince ar an sean-nós, rince céime (step dancing/Irish dancing) nó ballet ann féin. Glacfar le heilimintí dóibh mar chuid de léiriú cruthaitheach.
  • Níl cead an stáitse a ghléasadh le seit ach tá cead frapaí láimhe a úsáid.
  • Glacfar le grúpaí (beirt go deichniúr) nó le hiomaitheoirí aonair.
  • Is gá a chur in iúl ar an bhfoirm iontrála an iomaitheoir/grúpa sóisir nó sinsir atá i gceist i ngach cás. I gcomórtais aonair, is féidir leis an scoil beirt iomaitheoirí sóisir, beirt iomaitheoirí sinsir nó iomaitheoir sóisir agus iomaitheoir sinsir a chur chun cinn. I gcomórtais do ghrúpaí, is féidir dhá ghrúpa sóisir, dhá ghrúpa sinsir nó grúpa sóisir agus grúpa sinsir a chur chun cinn. I gcás go bhfuil daltaí sóisir agus sinsir in aon ghrúpa le chéile, rangaigh de réir tromlach an ghrúpa.
  • Uasmhéid ama – cúig nóiméad déag.