Méid an Téacs

SPRAOI ag Tuistí agus Leanaí ar ais don fhómhar

Meán Fómhair 3, 2013

Tiocfaidh SPRAOI, an grúpa dátheangach Tuistí/Leanaí, le chéile do théarma nua an fómhair ag tosnú an Satharn seo chugainn, 7ú Meán Fómhair ag 11 a chlog ar maidin.

Bunaíodh SPRAOI an samhradh seo caite agus tagann an grúpa le chéile gach dara Dé Sathairn in Ionad Phobal Darach Úr.
Bíonn tae agus caife do na tuismitheoirí agus comhrá dátheangach ar siúl acu fhad is a bhíonn na páistí ag spraoi. Cuirtear fíorchaoin fáilte roimh éinne go bhfuil suim acu Gaeilge a labhairt lena bpáistí agus iad i suíomh spraíúil, neamhfhoirmiúil. Ní gá a bheith líofa sa Ghaeilge ach díreach suim agus sásta triail a bhaint aisti!
Eagraithe i gcomhar le Comhluadar Teo tá an grúpa SPRAOI oiriúnach d’éinne le páistí suas go 5 bliana d’aois. Tiocfaidh an grúpa le chéile ar an 7ú agus 21ú Meán Fómhair agus ar an 5ú agus 19ú Deireadh Fómhair. Tá gach eolas ar fáil ó Emma i nGlór Cheatharlach ar (085) 1340047. Bígí linn agus beidh fáilte roimh cách!

www.carlow-nationalist.ie

Is Leor Beirt ar ais i gCeatharlach!

Lúnasa 27, 2013

Tar éis bhriseadh an tsamhraidh tá an ciorcal comhrá “Is Leor Beirt” ag filleadh ar ais i gCeatharlach.

Cuirfear tús arís leis an gCiorcal Gaeilge sa Leabharlann ar Shráid na Tulaí, Ceatharlach ar an Mháirt, 3ú Meán Fómhair agus tugtar cuireadh do dhaoine bualadh isteach ann aon am ó 10.30-11.30r.n. Leanfar le Is Leor Beirt gach maidin Mháirt as sin amach. Tugann ciorcal na maidine seo deis iontach do dhaoine nach n-oireann na ciorcail san oíche dóibh ar chúiseanna éagsúla. Cuirtear fáilte roimh gach éinne idir chainteoirí líofa, foghlaimeoirí agus iad siúd atá ar chúpla focal. Bíonn caint, comhrá agus comhluadar ann agus cupán tae ar fáil chomh maith! Buail isteach Máirt éigin agus bain triail as do Ghaeilge. Níl slua ag teastáil chun daoine a chur ag labhairt in áit ar bith ar domhan- Is Leor Beirt!

www.carlow-nationalist.ie

Campa Samhraidh 2013 i gCeatharlach

Iúil 23, 2013

Reachtáladh Campa Samhraidh trí Ghaeilge an tseachtain seo caite oiriúnach do pháistí ó seacht mbliana go haon bhliain déag d’aois.

Eagraithe ag Glór Cheatharlach, bhí an campa lonnaithe i nGaelscoil Cheatharlach. Chlúdaigh an táille €50 na himeachtaí uile.

Is campa ilghnéitheach é an campa samhraidh agus is gné an-tarraingteach é seo mar baineann na páistí an-taitneamh as éagsúlacht na n-imeachtaí a bhíonn ar chlár na seachtaine.

I measc na ngníomhaíochtaí i mbliana bhí cluichí agus spórt, ealaín, corpoideachas agus céilithe chomh maith le cuairteanna chuig Gairdíní Céadfaíocha in Ionad Delta. Bhí turas go Cill Chainnigh acu le haghaidh seisiún snámha sa Watershed chomh maith le picnic agus spraoi i bPáirc an Chaisleáin.

Chuir Glór Cheatharlach an-fháilte roimh na ceannairí a thug seachtain dá saoire suas chun na himeachtaí a eagrú do na páistí óga.  Bhí na páistí céanna béasach, dea-mhúinte agus rannpháirteach ins na himeachtaí uile.

Seachtain lán de ghníomhaíochtaí agus imeachtaí, lán de spiorad agus spraoi. Bhí an-spórt ag na páistí agus bhaineadar an-taitneamh go deo as an seachtain a chaitheamh le chéile trí Ghaeilge ag cruthú go ngabhann spraoi le foghlaim na teanga.

Is cinnte go mbeidh siad ar ais ag lorg níos mó fós an samhradh seo chugainn.

www.carlow-nationalist.ie

SPRAOI ag Tuistí agus Leanaí i gCeatharlach i Mí Iúil

Iúil 2, 2013

Tiocfaidh SPRAOI, an grúpa dátheangach Tuistí/Leanaí i gCeatharlach, le chéile ar an 6ú agus ar an 20ú Iúil sar a ghlacann siad saoire an tsamhraidh.

Bunaíodh SPRAOI breis is bliain ó shin agus tagann an grúpa le chéile gach dara Dé Sathairn ag 11 a chloig ar maidin ar feadh uair a’ chloig in Ionad Phobal Darach Úr.
Bíonn tae agus caife do na tuismitheoirí agus comhrá dátheangach ar siúl acu fhad is a bhíonn na páistí ag spraoi. Cuirtear fíorchaoin fáilte roimh éinne go bhfuil suim acu Gaeilge a labhairt lena bpáistí agus iad i suíomh spraíúil, neamhfhoirmiúil. Ní gá a bheith líofa sa Ghaeilge ach díreach suim acu agus sásta triail a bhaint aisti.

Costas €3 an chlann a bhíonn le n-íoc agus bíonn tae/caifé chomh maith le sú do na páistí san áireamh sacostas sin. Eagraithe i gcomhar le Comhluadar Teo tá an grúpa SPRAOI oiriúnach d’éinne le páistí suas go 5 bliana d’aois.Tá gach eolas ar fáil ó Emma i nGlór Cheatharlach ar (085) 1340047. Bígí linn i Mí Iúil agus cuirtear fáilte roimh dhaoine nua i gcónaí.

www.carlow-nationalist.ie

Cruinniú eolais i Naíonra Cheatharlach

Meitheamh 18, 2013

Reachtáilfear cruinniú eolais i Naíonra Cheatharlach anocht, Dé Máirt an 18ú Meitheamh ag 8.00i.n. agus beidh fáilte roimh chách.

Tá an Naíonra lonnaithe ins an Ionad Snámha, Gráigchuilinn agus cuirtear oideachas réamhscolaíochta trí mheán na Gaeilge ar fáil ann. Soláthraíonn Naíonra Cheatharlach an bhliain réamhscoile saor in aisce faoin Scéim um Chúram agus Oideachas Luath-Óige. De réir na scéime áirithe seo cuirtear bliain réamhoideachais ar fáil saor do gach páiste sar a fhreastalaíonn sé/sí ar an mbunscoil.

Feidhmíonn Naíonra Cheatharlach i gcomhar le Glór Cheatharlach agus faoi stiúir an eagrais Forbairt Naíonraí Teoranta a thacaíonn le seirbhísí , cúram agus oideachas a chur chun cinn do pháistí ó aois an chliabháin ar aghaidh.

Is cruinniú oscailte a bheidh i gceist sa Naíonra anocht chun eolas a roinnt le tuismitheoirí faoi mhodh an tsúgartha trí Ghaeilge do pháistí óga. Beidh roinnt aoíchainteoirí ann ina measc Laura Rawdon, Oifigeach Forbartha le Forbairt Naíonraí Teo. Cuirfear fáilte roimh chách.

www.carlow-nationalist.ie

Gaelscoil Cheatharlach ag Féile Peile Gael Linn

Meitheamh 11, 2013

Tionóladh Féile Peile Gael Linn do bhunscoileanna Gaeltachta agus Gaelscoileanna Chúige Laighean i nGaeltacht Ráth Chairn le déanaí.
Ghlac foireann Ghaelscoil Cheatharlach go fonnmhar leis an gcuireadh chun a bheith páirteach agus thaisteal siad chuig Gaeltacht ghlas na Mí.

Bhí suas le 150 scoláire, mar aon lena gcuid múinteoirí ó Ghaelscoil Phort Laoise, Gaelscoil Mhuileann gCearr, Gaelscoil Cheatharlach, Gaelscoil na hUaimhe, Gaelscoil Chill Choca, Gaelscoil Chill Dara, Scoil Santain, Tamhlacht agus Scoil Náisiúnta Ráth Chairn, páirteach san ócáid ráthúil.

Cuireadh tús leis an scléip nuair a tháinig na foirne le chéile i Ráth Chairn tráthnóna Dé Céadaoin, 29 Bealtaine. Ocht bhfoireann san iomlán a bhí i láthair, agus roinneadh i ndá ghrúpa iad. Bhí dhá chluiche le himirt ag gach foireann an tráthnóna sin. Bhí na foirne meascaithe, le naonúr imreoirí an taobh, agus de réir na rialacha, bhí sé éigeantach go mbeadh ar a laghad ceathrar cailíní ar an bpáirc ag gach foireann i rith an ama. Nuair a bhí na cluichí thart agus an dinnéar ite, ghlac na daltaí páirt sa quiz boird, ceolchoirm agus céilí a cuireadh ar siúl dóibh san Ionad Pobail. Socraíodh lóistín oíche dóibh le muintir na háite. Bhí an tríú cluiche le himirt ag na foirne uilig maidin lá arna mhárach. D’imir daltaí Cheatharlach go hiontach agus bhuadar a dtrí chluiche chun cáiliú don leathchraobh i gcoinne Ghaelscoil Chill Dara. Bua iontach eile acu agus bhíodar sa chraobh! An-chluiche go deo a bhí sa chraobh idir Ghaelscoil an Mhuilinn, An Muileann gCearr agus Gaelscoil Eoghan Uí Thuairisc, Ceatharlach, ach is ag An Muileann gCearr a bhí an bua ar deireadh, le scór 1-9 go 1-5.

Ba é Tadhg Ó Ceallaigh a bhí mar chaptaen ar fhoireann Cheatharlach. Bhí díomá orthu nár éirigh leo an corn a thabhairt abhaile leo ach bhíodar breá sásta go ndearnadar a ndícheall. Agus saoire álainn sa Ghaeltacht acu lena chois. Maith sibh a bhuachaillí agus a chailíní agus míle buíochas le Gael Linn.

www.carlow-nationalist.ie

A Busy July ‘as Gaeilge’ for young people in Carlow

Meitheamh 11, 2013

A very impressive summer programme of events ‘as Gaeilge’ suitable for all age groups from tiny tots to teenagers will be run by Glór Cheatharlach for Summer 2013.
A full diary will include a Coláiste Samhraidh for teenagers, Campa Samhraidh for primary school children and Campa na nÓg for preschoolers and infants.

Coláiste Samhraidh/ Summer College 2013 offers second level students the opportunity to have a taste of the Gaeltacht experience without leaving home. The Coláiste Samhraidh will consist of a two week course from 9.30am to 1.00pm daily commencing on the 1st of July and running until July 12th. Coláiste Samhraidh will once again be based in Gaelcholáiste Cheatharlach and will welcome participants ranging from 6th Class pupils to Leaving Cert students. In addition to daily Irish classes there will be a variety of fun activities including debating and singing, sport and games, dance and céilithe all conducted through Irish. The Coláiste fee is €200 and a deposit of €50 is necessary to reserve a place. Registration is almost full so anybody interested in taking part is advised to enrol as soon as possible as numbers are limited.

Always a popular addition to the broad range of Summer Camps on offer in Carlow, Campa Samhraidh 2013 will run from 15th to the 19th of July. It will be based in Gaelscoil Cheatharlach and will cater for 7 to 11 year olds from 10.00am to 2pm daily. The fee of €50 will cover all Campa activities including art and craft, sport and games, swimming and trips.

Carlow’s Irish Mini-Camp or Campa na nÓg, based at Naíonra Cheatharlach in Graiguecullen swimming complex, was a big success last year and will run once again this year for two weeks in July from July 8th-12th and July 15th-19th. Catering for 4 to 6 year olds Campa na nÓg will take place from10am to 1pm daily and include a variety of events and activities suitable for this particular age group. The fee is €40. Further details from Lorraine on 085 7377041 or from oifig Glór Cheatharlach.

Full details on all Gaeilge an tSamhraidh 2013 activities as well as application forms are available from Glór Cheatharlach on 059 9158105, 085 1340047 or emma@glorcheatharlach.ie.

www.carlow-nationalist.ie

Dialann Ghaeilge an tSamhraidh i gCeatharlach

Meitheamh 4, 2013

Seoladh Dialann Gaeilge an tSamhraidh i gCeatharlach le déanaí agus is léir go bhfuil rogha leathan d’imeachtaí ar siúl ann chun freastal ar fhoghlaimeoirí agus ar chainteoirí líofa araon.
Gach eolas ó oifig Glór Cheatharlach ar 059 9158105, 085 1340047 nó emma@glorcheatharlach.ie .

Is Leor Beirt: Tiocfaidh an Ciorcal Comhrá le chéile i Leabharlann Chontae Cheatharlach gach Máirt ag 10.30r.n. ar feadh uair a’ chloig. Cuirtear fáilte roimh chainteoirí agus fhoghlaimeoirí na teanga agus bíonn cupán tae ar fáil chomh maith. Fáilte isteach ar 4ú Meitheamh agus gach Máirt go deireadh Mhí an Mheithimh.

Gaeilge Le Chéile: Beidh an teacht le chéile sóisialta míosúil i dteach tábhairne Reddys, Sráid na Tulaí ar an Déardaoin, 6ú Meitheamh ag tosnú ag 9.00i.n. Tagann an grúpa le chéile ar an gcéad Déardaoin de gach mí ar mhaithe le caint, comhrá agus comhluadar trí Ghaeilge.

Turas Treoraithe ar an Músaem: Eagrófar turas treoraithe trí Ghaeilge ar Mhúsaem Chontae Cheatharlach ar Dé Máirt, 11ú Meitheamh ag 10.30r.n. Tabharfaidh Seán Mac Diarmada, Leas-choiméadaí an Mhúsaem, léargas ar phríomh mhíreanna na hiarsmalainne. Fáilte roimh chách.

SPRAOI: Tiocfaidh SPRAOI, an grúpa dátheangach Tuistí & Leanaí le chéile ar Dé Sathairn, 8ú agus 22ú Meitheamh ag 11.00r.n. in Ionad Phobal Darach Úr. Tugann an grúpa seo deis do thuismitheoirí a bhfuil suim acu a bpáistí a thógáil le Gaeilge bualadh le chéile uair sa choicís chun taitneamh a bhaint as cupán tae agus comhrá trí Ghaeilge fhad is a bhíonn a bpáistí ag spraoi le chéile.

Corn Peile Ghlór na nGael 2013: Eagrófar Chorn Peile Ghlór na nGael 2013 do bhunscoileanna i bPáirc Éire Óg. Beidh comórtas na gcailíní ar siúl ar an Mháirt, 4ú Meitheamh agus comórtas na mbuachaillí ar an gCéadaoin, 5ú Meitheamh ag 3.30i.n. Tá an comórtas bliantúil seo teoranta do dhaltaí i rang a cúig agus faoi agus tugann na cluichí deis iontach do na peileadóirí óga a gcuid scileanna a chleachtadh ag deireadh na scoilbhliana. Agus Gaeilge a labhairt chomh maith.

Spraoicheist: Reachtáilfear SPRAOICHEIST 2013 do dhaltaí ins na hardranganna i mbunscoileanna an cheantair ar an Deardaoin 13ú Meitheamh. Eagraithe i gcomhar le Gael Linn, tiocfaidh suas le daichead foireann le chéile i Halla na Gaelscoile agus bronnfar duaiseanna agus plaiceanna ar na foirne buachach.

Naíonra Cheatharlach: Tugann Coiste Naíonra Cheatharlach cuireadh do thuismitheoirí chuig cruinniú oscailte a thionólfar sa Naíonra, Ionad Snámha, Gráig Chuilinn ar an Mháirt, 18ú Meitheamh ag 8.00i.n. Solathraíonn an Naíonra oideachas réamhscolaíochta trí Ghaeilge do pháistí óga agus an bhliain saor in aisce san áireamh. Tá clárú don scoilbhliain nua ar siúl faoi láthair agus beidh gach eolas ar fáil ag an gcruinniú oscailte.

Aisteoirí an Lóchrainn: Tar éis dóibh trí ghradam a bhuachaint ag an bhFéile Drámaíochta Náisiúnta le déanaí, tá cuireadh faighte ag Aisteoirí an Lóchrainn an dráma “An Cráiteachán” a léiriú ag Tionól Gaeltachta an tSamhraidh in Áran Mhór ar an Satharn, 6ú Iúil. Comhgháirdeachas leo agus beidh an compántas ar ais i mbun aisteoireachta sa fómhar.

Coláiste Samhraidh: Reachtáilfear Coláiste Samhraidh do dhéagóirí ó 9.30r.n. go 1.00i.n. ar feadh choicíse ó 1-12 Iúil. Beidh an cúrsa lonnaithe i nGaelcholáiste Cheatharlach agus oiriúnach do mhicléinn suas go hArdteist. Táille €200.

Campa na nÓg: Eagrófar Campa do páistí ó 4-6 bliana d’aois. Beidh rogha de dhá seachtain i mbliana agus lonnaithe sa Naíonra, Gráigchuilinn. Dátaí: 8-12 Iúil agus 15-19 Iúil. Táille €40.

Campa Samhraidh: Beidh an Campa Samhraidh oiriúnach do dhaltaí 7-11 bliana. Lonnaithe i nGaelscoil Cheatharlach ar feadh seachtaine ó 15-19 Iúil. Táille €50.

Gaeilge ins na Meáin: Cuirtear “Tobar an Cheantair”, an clár seachtainiúil trí Ghaeilge i láthair ar Kclr96fm gach Céadaoin ó 7.00-8.00i.n. Agus leanfar leis an gColún Gaeilge gach seachtain ins an Carlow Nationalist. Cuirtear fáilte roimh nuacht agus scéalta don Chlár agus don Cholún i gcónaí.

SULT agus Seisiún: Beidh fáilte roimh cách ag an oíche SULT deireannach roimh saoire an tsamhraidh ar an Déardaoin, 27ú Meitheamh ó 9.00i.n. i dTeach Dolmain. Caint, comhrá agus ceol.

www.carlow-nationalist.ie

Ceiliúradh Cainte i gColáiste Leoin

Meitheamh 4, 2013

Tá 2013 ainmnithe mar Bhliain na Gaeilge.
Cuireadh tús le hathbheochan na Gaeilge 120 bliain ó shin le bunú Chonradh na Gaeilge sa bhliain 1893 agus dá bhrí sin tá ceiliúradh na teanga faoi lán seoil fud fad na tíre i mbliana. Tá na mílte deis úsáide Gaeilge ar fáil don dá mhilliún duine sa phobal a bhfuil Gaeilge ar leibhéil éagsúla acu, chomh maith le daoine a mhealladh chun an Ghaeilge a fhoghlaim ó thús.

Is féile bhliana ar son na teanga í Bliain na Gaeilge agus tá imeachtaí spraíúla éagsúla á n-eagrú chun an pobal a spreagadh lena gcuid Gaeilge a úsáid go rialta. Ceann de na tionscnaimh sin ná “Ceiliúradh Cainte i Scoileanna”. Roghnaíodh Dé Céadaoin, 17 Aibreán don tionscnamh áirithe seo agus iarradh ar scoileanna clárú don dushlán chun Gaeilge a labhairt thar 12 uair a’ chloig. B’é aidhm an tionscnaimh ná na daltaí agus pobal na scoile a spreagadh chun labhairt as Gaeilge amháin do lá iomlán sa bhaile, ar scoil, le cairde, ag siopadóireacht, ag spraoi agus eile.

I measc na scoileanna a ghlac páirt sa Cheiliúradh Cainte bhí na daltaí i mbliain 2 agus i mbliain 4 i gColáiste Leoin Naofa, Ceatharlach. An múinteoir Gaeilge Karen Ní Riain a d’eagraigh an ceiliúradh agus a threoraigh imeachtaí an lae. Bhí na daltaí féin an-tógtha leis an smaoineamh agus thugadar faoin dúshlán go fonnmhar. Chaitheadar t-léinte leis an manadh “Labhair Gaeilge Liom Inniu” curtha ar fáil ag Conradh na Gaeilge atá ag tiomáint Bhliain na Gaeilge i gcomhar le Bliain na dTóstal.

Bhí Iníon Ní Riain thar a bheith sásta leis an lá. “Bhí ceiliúradh iontach againn agus rinne na daltaí agus na múinteoirí iarracht an-mhór an Ghaeilge a labhairt go nádúrtha i rith an lae” arsa Karen. “Thar aon ní eile bhaineadar taitneamh as an nGaeilge agus thuigeadar gur teanga bheo í agus gur féidir í a usáid go nádúrtha lasmuigh den seomra ranga”.

Bhí am iontach ag gach éinne agus chomh maith leis an teanga a cheiliúradh sa scoil don lá d’eagraigh na daltaí bailiúchán ar mhaithe leis an eagras deonach Headstrong a dhíríonn aird ar shláinte intinne i measc daoine óga. Thug beirt mhac léinn as Bliain 2D, Ciara Céitinn agus Aoife Nic Aonghusa agus an múinteoir Karen cuairt ar Kclr chun tuairisc a thabhairt ar an gclár Tobar an Cheantair faoi Cheiliúradh Cainte i gColáiste Leoin. Ba léir gur bhaineadar taitneamh agus tairbhe as taithí an lae agus as labhairt faoi ar an raidió. Ba léir freisin go mbeidh siad réidh chun a thuilleadh Ceiliúraidh Cainte a eagrú sa scoil roimh dheireadh Bhliain na Gaeilge 2013.

www.carlow-nationalist.ie

Corn Peile Ghlór na nGael 2013

Bealtaine 28, 2013

Reachtáilfear Corn Peile Ghlór na nGael 2013 ar an 4ú agus 5ú Meitheamh.
’Séard atá i gceist leis an gcomórtas áirithe seo ná bliotzanna peile do pháistí bunscoile idir bhuachaillí agus cailíní. Coiste Ghlór Cheatharlach a eagraíonn an comórtas le tacaíocht ó na múinteoirí a chuireann peil Ghaelach chun cinn ina scoileanna féin.

Rud suimiúil faoi Chorn Peile Ghlór na nGael ná go bhfuil an comórtas teoranta do pheileadóirí atá i rang a cúig nó níos óige. Ní cheadaítear daltaí sinsearacha ar an bpainéal. Tá na comórtais ag dul ó neart go neart le níos mó agus níos mó scoileanna ag glacadh páirte bliain i ndiaidh bliana. Imrítear na cluichí ag deireadh na scoilbhliana agus tugtar cuireadh do bhunscoileanna uile an cheantair a bheith páirteach. Le roinnt foirne láidir go leor agus roinnt eile le himreoirí ar an bpáirc imeartha don chéad uair riamh baineann an-éagsúlacht leis na cluichí. Cuireann Corn Ghlór na nGael béim ar rannpháirtíocht, taitneamh agus spraoi seachas ar iomaíocht agus torthaí. Agus cuirtear fáilte roimh labhairt na Gaeilge chomh fada agus is féidir.

Chun cothrom na féinne a chinntiú eagrófar dhá chomórtas do na buachaillí i mbliana leis na scoileanna is láidre i Roinn 1 agus na scoileanna eile i Roinn 2. Déanann na páistí go léir a seacht ndícheall agus baineann siad taitneamh agus spraoi as na cluichí. Imreofar na cluichí uile tar éis scoile ar pháirceanna peile Éire Óg.

Tugann Glór Cheatharlach cuireadh do scoileanna a bheith páirteach aris i mbliana. Tá gach eolas agus foirmeacha iontrála ar fáil ach teagmháil a dhéanamh leis an oifig ar 059 9158105, 085 1340047 nó ríomhphost a sheoladh chuig emma@glorcheatharlach.ie

www.carlow-nationalist.ie

« Previous PageNext Page »