Méid an Téacs

Ag tacú leis an nGaeilge

Meitheamh 5, 2013

CHUAIGH na daltaí Ciara Céitinn agus Aoife Nic Aonghusa (ar chlé) as Coláiste Leoin Naofa i gCeatharlach chun cainte ar an stáisiún raidió Kclr96fm le déanaí chun tuairisc a thabhairt ar an imeacht, Ceiliúradh Cainte, a reáchtáladh ina scoil féin.

Is imeacht é a bhí eagraithe mar pháirt de Bhliain na Gaeilge. Ba é aidhm an tionscnaimh ná na daltaí agus pobal na scoile a spreagadh chun labhairt as Gaeilge amháin do lá iomlán sa bhaile, ar scoil, le cairde, ag siopadóireacht, srl.

www.foinse.ie

Tionchar mionteangacha orainn

Aibreán 3, 2013

CÉN TIONCHAR atá ag mionteangacha ar nós na Gaeilge ar ár dtuiscintí ar chultúr na n-óg in Éirinn agus san Eoraip?

Pléifear an cheist seo ag an tríú Comhdháil ar Litríocht agus ar Chultúr na nÓg ón 20-21 Meán Fómhair 2013 in Institiúid Oideachais Marino, Baile Átha Cliath.

Díreofar ar stair chultúr Gaelach na n-óg, ar an suíomh reatha, agus ar dhúshláin na todhchaí.

Iarrtar ar dhaoine a bhfuil spéis acu labhairt ag an gcomhdháil páipéir, achoimre (250 focal) agus beathaisnéis (50 focal) a sheoladh chuig litriochtnanog13@gmail.com roimh 5in ar an 14 Meitheamh, 2013.

www.foinse.ie

Tús curtha leis an bpróiseas clárúcháin do Ghaelcholáiste nua i mBÁC

Márta 20, 2013

Cuireadh tús leis an bpróiseas clárúcháin do Ghaelcholáiste nua le gairid, a osclófar i nDún Droma i mBaile Átha Cliath in 2014. Bhailigh slua mór le chéile i mBaile na Lobhar chun an t-eolas is déanaí faoi Ghaelcholáiste an Phiarsaigh a chloisteáil.

Tá An Foras Pátrúnachta ina phatrún ar an nGaelcholáiste nua. Freastalóidh an scoil, a bhfuil éiteas ilchreidmheach aici, ar an éileamh mór atá ar iarbhunscoileanna lán-Ghaeilge i ndeisceart Bhaile Átha Cliath.

Dar le Caoimhín Ó hEaghra, Ard Rúnaí ar an bhForas Pátrúnachta, tá an Foras Pátrúnachta agus an Roinn Oideachais ag obair le chéile faoi láthair chun suíomh sealadach agus suíomh buan a aimsiú don scoil.

Dúirt Cathaoirleach an ghrúpa bunaithe, Lorcán Mac Gabhann, go bhfuil siad ag súil go mbeidh an scoil in ann freastal ar an éileamh sa cheantar ar oideachas lán-Ghaeilge.

Tá an fhoirm chlárúcháin chomh maith leis an bpolasaí iontrála ar fáil ar an suíomh idirlín www.gaelcholaiste.com

www.foinse.ie

Aip úrnua de chuid Raidió na Life

Feabhra 20, 2013

BEIDH ceiliúradh á dhéanamh ag Raidió na Life nuair a bhuailfidh foireann an stáisiúin le hArdmhéara Bhaile Átha Cliath Naoise Ó Muirí ar 05 Márta, nuair a sheolfar aip úrnua.

Tá ceiliúradh á dhéanamh acu faoi láthair freisin mar gheall go bhfuil siad san iomaíocht leis na stáisiúin raidió is fearr sna tíortha Ceilteacha ag Féile na Meán Ceilteach i mbliana.

Beidh an stáisiún san iomaíocht le RTÉ Raidió na Gaeltachta, BBC Raidió nan Gaidheal agus BBC Radio Cymru ag na gradaim ón 24-26 Aibreán.

www.foinse.ie

COGG le feidhmiú trí Bhéarla?

Eanáir 23, 2013

I MÍ na Samhna, d’fhógair an Roinn Oideachais agus Scileanna (ROS) go mbeadh an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) le cónascadh leis an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM).

Ag tagairt don chónascadh seo, chuir Ard-Rúnaí na Roinne Oideachais agus Scileanna, Seán Ó Foghlú, litir chuig Cathaoirleach COGG ag tús na seachtaine seo caite ag cur in iúl nach mbeidh aon athrú láithreach ag teacht ar fheidhmeanna COGG dá bharr. Cuirtear in iúl freisin sa litir go bhféadfadh go mbeidh ar fhoireann COGG a bheith ag feidhmiú trí Bhéarla agus iad i mbun plé le foireann an CNCM in ainneoin gur chuir an tAire Oideachais in iúl don Dáil ar 18 Nollaig 2012 nach dtarlódh a leithéid. Tá buairt ar earnáil na Gaeilge gur céad chéim í seo i dtreo chúlú ar an struchtúr tacaíochta chun freastal ar riachtanais oideachais na scoileanna Gaeltachta agus na scoileanna lán-Ghaeilge.

www.foinse.ie

Neamhchinnteacht maidir le todhchaí eagraíochtaí Gaeilge

Nollaig 19, 2012

Ní léir fós cad atá i ndán do na 19 eagraíocht Ghaeilge atá bunmhaoinithe ag Foras na Gaeilge ó shocraigh Airí ón dá dhlínse thuaidh agus theas an cinneadh a chur ar athlá go dtí 2013.

Reáchtáladh cruinniú d’fhoras teanga na Comhairle Aireachta Thuaidh Theas in Ard Mhacha ar an 12 Nollaig 2012.

Bhí togra Fhoras na Gaeilge maidir le struchtúr úr maoinithe do na heagrais bhunmhaoinithe le plé ag na hAirí agus bhí an tuairim ann go forleathan go mbeadh sé faofa ag an gComhairle Aireachta.

Ní dhéanfar plé ar an struchtúr úr maoinithe go dtí céad chruinniú eile na Comhairle san earrach.

www.foinse.ie

Ag lorg príomhoide

Deireadh Fómhair 19, 2012

Chuirfeadh grúpa tuismitheoirí in Albain fáilte roimhe chainteoir Gaeilge, atá ag foghlaim Gaeilge na hAlban, mar phríomhoide i scoil a bhfuil neart cainte tarraingthe aici.

Theip ar Bhunsgoil Ghaihlig Inbhir Nis, ceann de dhá bhunscoil Ghaeilge na hAlban ata sa tír, príomhoide leis an teanga a earcú seacht n-uaire le trí bliana anuas.

Dar le Comann nam Pàrant Inbhir Nis, ta an cur chuige mícheart ag an gcomhairle áitiúil duine le taithí bainistíochta a cheapadh don ról in áit duine a bhfuil Gaeilge na hAlban ar a dtoil acu.

“Níl sé réalaíoch duine nach bhfuil an teanga acu a cheapadh sa phost agus beidh drochthionchar aige ar na páistí. Ta an Ghaeilge agus Gaeilge na hAlban an-ghar dá chéile agus ní bheadh na deacrachtaí céanna ag cainteoir Gaeilge aistriú go dtí an teanga,” arsa an cathaoirleach, Dawn Morgan.

www.foinse.ie

Maoiniú de €750,000 do Chúntóirí Teanga

Meán Fómhair 19, 2012

D’fhógair Aire Stáit na Roinne Ealaíon Oidhreachta agus Gaeltachta, Donnchadh Mac Fhionnlaoich T.D. an tseachtain seo caite breis agus €750,000 mar mhaoiniú do chúntóirí teanga sa Ghaeltacht.

Is mar chuid den Chlár Tacaíochta Teaghlaigh a cuireadh an maoiniú seo ar fáil do Mhuintearas i gConamara agus d’Oidhreacht Chorca Dhuibhne i gCiarraí chun Scéim na gCúntóirí Teanga a reáchtáil sa Ghaeltacht sa scoilbhliain 2012/13.

Agus é ag fógairt an deontais dúirt an tAire Stáit “Is cinnte go n-eascróidh tairbhe as an deontas méadaithe atá curtha ar fáil do pháistí na Gaeltachta agus dá dtuismitheoirí atá tiomanta do chur chun cinn na Gaeilge ina dteaghlaigh”.

Ranganna beo Gaeilge ar líne

Cuirfidh Gaelchultúr tús le ranganna Gaeilge an mhí seo, ach ní sa seomra ranga a bheidh an teagascóir ach ar scáileán agus na ranganna ar fáil ar fud an domhain.
Dar le Gaelchultúr go bhfuil méadú mór ag teacht ar líon na ndaoine atá ag foghlaim na teanga, le breis agus 4,000 duine ag déanamh staidéir uirthi sa tríú leibhéal i gCeanada agus i Meiriceá.

Cuirfear tús leis na ranganna ar líne ar 24 Meán Fómhair 2012, agus tá gach eolas ar fáil ag www.gaelchultur.com.

 Dátaí áisiúla do mhúinteoirí

Ar an gCéadaoin 17 Deireadh Fómhair agus ar an Déardaoin 18 Deireadh Fómhair beidh seimineáir Buntáiste Breise na Gaeilge, á reáchtáil ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge i nDúrlas Éile agus i mBaile Loch Garman agus i lár mhí na Samhna beidh seimineár i Nás na Ríogh.

Le linn na seimineár pléifear na buntáistí breise a thugann an Ghaeilge duit agus tú ag dul i mbun do ghairme beatha. Is ar dhaltaí iar-bhunscoile sna ranganna sinsearacha a bheidh na hócáidí seo ag freastal.

Tá dátaí uile na camhchuairte le fáil ar www.gaelport.com/bbnag

Gaeilgeoirí ag súil le #Gtuít

An tseachtain seo chugainn, baileoidh twitterati na Gaeilge lena chéile don chéad tweetup as Gaeilge, an #Gtuít sa Culture Box, 12 Sráid Essex Thoir i mBarra an Teampaill, Baile Átha Cliath, Déardaoin 27 Meán Fómhair ón 6.00-7.15.

I measc na n-ábhar a bheidh faoi chaibidil ag an ócáid neamhfhoirmiúil seo beidh na treochtaí agus na forbairtí is úire ar an idirlíon agus sna meáin dhigiteacha.

Is faoi stiúir phríomhshuíomh eolais na Gaeilge, Gaelport.com atá an ócáid. Deir Niamh Ní Shúilleabháin, Eagarthóir Gaelport.com, go bhfuil i gceist “deis a thabhairt do Ghaeilgeoirí agus do dhaoine a bhfuil suim acu i gcúrsaí teicneolaíochta, gréasánú a dhéanamh lena chéile agus aithne phearsanta a chur ar na daoine a bhíonn ag tuíteáil as Gaeilge agus a bhíonn ag glacadh páirte sna líonraí sóisialta eile trí mheán na Gaeilge”.

Fáilte roimh chách!

www.foinse.ie

An-tóir ar scrúdú béil

Meán Fómhair 12, 2012

Tháinig ardú 72 faoin gcéad ar líon na ndaltaí a chinn scrúdú béil a dhéanamh mar chuid den Teastas Sóisearach i mbliana.

Dar le figiúirí ó Choimisiún na Scrúduithe Stáit, d’ardaigh líon na ndaltaí a rinne na scrúduithe Gaeilge, Béarla agus Mata ag an ardleibhéal freisin.

Rinne an tAire Oideachais Ruairi Quinn comhghairdeas le beagnach 59,000 dalta a bheidh ag ceiliúradh inniu agus a dtorthaí á bhfáil acu ag scoileanna timpeall na tíre.

Ta daltaí ón gcéad 24 scoil a rinne staidéar ar Project Maths, ina measc siúd a gheobhaidh a gcuid torthaí inniu. Beidh ar gach dalta staidéar a dhéanamh ar ghnéithe den churaclam sin ón mbliain seo ar aghaidh.

www.foinse.ie

Scrúdú Gaeilge á dhéanamh ag níos lú daltaí

Lúnasa 10, 2012

Duine as gach deichniúr díolmhaithe ó staidéar a dhéanamh ar an teanga.

Bhí díolúine ón scrúdú Gaeilge ag breis agus 7,000 dalta a rinne an Ardteistiméireacht i mbliana, is féidir le Foinse a nochtadh.

Léiríonn na figiúirí seo go bhfuil ardú 35 faoin gcéad tagtha ar líon na ndaltaí Ardteistiméireachta nach ndearna staidéar ar an nGaeilge don Ardteistiméireacht ó 2007.

Ta imní á léiriú maidir leis an ardú 25 faoin gcéad atá tagtha ar líon na ndaltaí meánscoile a bhfuil díolúine ón scrúdú Gaeilge faighte acu – ní dhearna 32,792 dalta staidéar ar an ábhar i rith na scoilbhliana seo caite.

Dúirt Michael McCarthy TD gur údar imní é gur in airde atá na figiúirí ag dul.  Dar leis, caithfear teacht ar chúiseanna an ardaithe: “Bíonn cúiseanna dlisteanacha ag cuid mhór de na daltaí a fhaigheann díolúine ón ábhar seo.  Tá an baol ann go bhfuil an córas ag éirí níos boige, rud nach mór aghaidh a thabhairt air.”

Dúchas

Tugtar díolúine ón nGaeilge do dhaltaí a chaith tréimhsí i dtíortha eile, do dhaltaí ó thíortha eile ó dhúchas nó do dhaltaí a bhfuil míchumas foghlama acu.  Ta athbhreithniú ar bun ag an Roinn Oideachais ar an gcúrsa reatha.

Léiríonn staitisticí na Roinne go ndearna beagnach 16,000 dalta as an 32,792 a raibh díolúine ón nGaeilge acu i mbliana, staidéar ar theanga Eorpach eile.

Dar leis an Teachta McCarthy ba cheart tuilleadh airde a thabhairt ar an argóint, gur cheart nach mbeadh ar aon duine a bhfuil díolúine ón nGaeilge acu, staidéar a dhéanamh ar theanga iasachta.

“Má deir daltaí go bhfuil deacrachtaí acu staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge, luífeadh sé le réasún go mbeadh na deacrachtaí céanna acu le teangacha iasachta.  Tá gá le cothromaíocht sa chóras áfach toisc nach bhfuil an luach céanna ag an nGaeilge do dhaltaí a bhfuil fonn orthu slí bheatha a bhaint amach taobh amuigh d’Éirinn.”

www.foinse.ie

Next Page »