An Seó tallainne náisiúnta ‘Scléip’ ag dul ar aghaidh i mBaile Munna
Márta 21, 2012
Beidh an craoltóir agus an ceoltóir Fiachna Ó Braonáin ag tuairisciú ón seó talainne náisiúnta, Scléip, atá á reáchtáil ag Gaelscoileanna Teoranta.
Beidh craobh cheannais an chomórtais ar siúl in Amharclann an Axis i mBaile Munna ar 24 Márta.
Tiocfaidh daltaí ó ghaelscoileanna as na ceithre hairde chun páirt a ghlacadh sa chomórtas atá mar bhuaicphointe na bliana d’aos óg na ngaelscoileanna.
“Tá 15 scoil le bheith rannpháirteach sa chraobh i mbliana agus muid ag súil le cur leis sin gach bliain”, a duirt Clár Spáinneach, Oifigeach Forbartha Gaelscoileanna Teo .
Craolfar an tsraith ar Raidió na Gaeltachta sna seachtainí atá amach romhainn.
Fóram úrnua ‘Abair leat’
Nollaig 14, 2011
Is gearr go mbeidh ár líonra sóisialta féin, dar teideal ‘Abair leat’. go h-iomlán as Gaeilge, a bhuíochas le Coláiste Lurgan.
Táthar ag súil go gcláróidh suas go 55,000 cainteoir Gaeilge sa chéad bhliain agus tá i gceist acu go mbeidh an chabaireacht go léir trí mheán na Gaeilge amháin. Deir Mícheál Ó Foighil go raibh an fóram bunaithe ar éileamh do sheirbhís lán-Ghaeilge a tháinig ón bpobal.
Foinse – Nuacht na hEarnála
Clár Fisiciúil ‘Spraoi-Spórt’
Nollaig 14, 2011
Tá clár fisiciúil nuálach anois ar fáil atá dírithe ar pháistí óga atá ag foghlaim na Gaeilge.
Ba í an tAire Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta, Carál Ní Chuilín a sheol an lámhleabhar agus an CD a ghabhann leis an gclár,’ Spraoi-Spórt’ i nDoire ar 7 Nollaig.
Tá meascán de cheol, amhráin, cluichí agus damhsa ann sa agus tá sé ar fáil ón eagraíocht Altram a thugann tacaíocht don earnáil réamhscolaíochta Ghaeilge. Eolas ó: eolas@altram.org.
Foinse – Nuacht na hEarnála
Daltaí dátheangach níos cliste – Foinse
Samhain 30, 2011
Is amhlaidh go n-éiríonn níos fearr le daltaí atá dátheangach sa mhata ag an dara leibhéal agus an tríú leibhéal ná daltaí a labhraíonn an Béarla amháin, dar le tuarascáil a foilsíodh an mhí seo.
Ba é an Lárionad náisiúnta Barr Feabhais um Matamaitic agus Theagasc agus Léann na hEolaíochta atá lonnaithe in Ollscoil Luimnigh a d’fhoilsigh an tuarascáil.
Foinse
Club nua Gaeilge i scoil i dTrá Lí
Samhain 9, 2011
Tá iarrachtaí ar bun ag roinnt óg-eagraíochtaí Gaeilge cur le líon na gclubanna óige atá atá ar fáil don aos óg.
D’fhógair Ógras gur éirigh leo club óige úr a bhunú i Meánscoil na Trócaire, i dTrá Lí agus táthar ag súil go mbainfidh an 55 dalta atá cláraithe leo taitneamh as imeachtaí an chlub a bhíonn á reáchtáil trí mheán na Gaeilge dhá lá sa tseachtain.
Foinse
Tionól teagaisc i Ma Nuad
Deireadh Fómhair 26, 2011
Tá athruithe suntasacha ar na bacáin do chóras measúnachta na scrúduithe stáit agus ní mór do mhúinteoirí iarbhunscoile a bheith ullamh dóibh.
Tionólfar an chéad tionól teagaisc do mhúinteoirí iarbhunscoile in Ollscoil Mhá Nuad ar an 11 agus ar an 12 Samhna. Reáchtálfar ceardlanna do mhúinteoirí iarbhunscoile ar ghnéithe de theagasc na Gaeilge. Eolas faoi chlárú: oifig@tionolteagaisc.com.9
Foinse – Nuacht na hEarnála
Seimineáir faoin siollabas nua Gaeilge
Deireadh Fómhair 12, 2011
Tá beartaithe go dtiocfaidh siollabas nua i bhfeidhm don scrúdú Gaeilge san Ardteistiméireacht in 2012.
Tá Comhar na Múinteoirí Gaeilge agus An Chomhdháil ag reáchtáil seimineáir do mhúinteoirí Gaeilge lena aghaidh. Chuirfidh ionadaithe seimineáir ar fáil i Sligeach ar 13 Deireadh Fómhair, i gCathair Luimnigh ar 27 Deireadh Fómhair, i gCill Airne ar 04 Samhain agus i Má Nuad 11 Samhain. Tá múinteoirí ó Chorcaigh a ghlac páirt i gceann de na seimineáir a bhí ar siúl le déanaí. Tá gach eolas ar fáil faoi seimineár thuas ó Saffron Rosenstock, 01 6398448.
Foinse
Teacht le chéile lucht na Naíonraí Gaelacha
Deireadh Fómhair 5, 2011
Tionólfar comhdháil agus cruinniú cinnbhliana na Naíonraí Gaelacha i bPortLaoise ón 7 – 9 Deireadh Fómhair.
Seolfaidh Dr. Máire Mhic Mhathúna an chomhdháil go hoifigiúil ar an 7 Deireadh Fómhair ag 6.30pm. Ba í an Dr Mhic Mhathúna a rinne taighde faoin aistriú ón naíonra go dtí an ghaelscoil agus mar thoradh ar sin foilsíodh an leabhrán ‘An Traein’. Táthar ag súil go mbeidh deiseanna líonraithe ann.
Foinse
Cruinniú in Ionad Chill Dara
Meán Fómhair 30, 2011
Cuirfear clabhsúr anocht le sraith de chruinnithe poiblí a bhí ar siúl an tseachtain seo maidir leis na deiseanna atá ann gaelscoileanna úra a bhunú.
Beidh an cruinniú deireanach á reáchtáil ag Aitheantas in Ionad Oideachais Chill Dara anocht 28 Meán Fómhair 2011 ag 9pm. Bhunaigh an comhfheachtas chun tacú le tuismitheoirí Ghaelscoil Ráth Tó i gCo. na Mí nuair a bhí aitheantas á éileamh acu don scoil i 2010
Foinse
28 Meán Fómhair 2011
DVD chun cabhrú le siollabas nua Gaeilge
Meán Fómhair 21, 2011
Tá athruithe móra tagtha i mbliana ar shiollabas Gaeige na hArdteistiméireachta.
Ó 2012 ar aghaidh, beidh 40 faoin gcéad de mharcanna ag brath ar an mbéaltriail leasaithe agus beidh na marcanna seo le gnóthú i dtréimhse ghairid ama, a mhairfidh 15 nóiméad. Chun cabhrú le múinteoirí agus le daltaí araon chun dul i ngleic leis na hathruithe seo, tá treoir phraiticiúil curtha ar fáil ó Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge agus ó Chomhar na Múinteoirí Gaeilge leis an DVD ‘Cuireadh Chun Cainte’.
Tugann sé eolas duit ar gach mír den bhéaltriail chomónta do dhaltaí atá ag tabhairt faoin ngnáthleibhéal nó faoin ardleibhéal. Tugann an clár seo léargas do mhúinteoirí agus do dhaltaí faoi cad le bheith ag súil leis sa scrúdú agus cén struchtúr a bheidh air. Cuirfear cóip in aisce chuig gach scoil sa tír, ar an tseachtain agus déanfar an DVD a sheoladh go hoifigiúil le linn Oireachtas na Samhna i gCill Airne.
Ta gach eolas ar fáil ag www.gaelport.com/cuireadhchuncainte.
Foinse