Glór Uachtar Tíre ag neartú na Gaeilge i nDeisceart an Dúin
Feabhra 1, 2012
Tá go leor dul chun cinn déanta ag an Ghaeilge in Ultaibh le glúin anuas ach ní minic a luaitear Caisleán Uidhlín / Caisleán an Mhuilinn ar na háiteanna is mó chun cinn sa ghluaiseacht sin.
Tá cuma ar an scéal go bhfuil sé sin ag athrú anois áfach le go leor dul chun cinn déanta ar an bhaile seo agus sa cheantar máguaird le blianta beaga anuas.
“Creidim go raibh suim i gcónaí i gcursaí Gaeilge sa cheantar seo,” a deir Emer O’Hagan, an t-Oifigeach Forbartha Gaeilge atá fostaithe ag an ghrúpa Gaeilge áitiúil, Glór Uachtar Tíre.
“Mar shampla ba é Feis an Dúin ceann de na chéad fheiseanna socraithe in Éirinn agus bhí traidisiún ag cuid mór scoileanna sa cheantar béim a chur ar an Ghaeilge mar ábhar scoile le trí nó ceithre ghlúin anuas ar a laghad,” a deir sí.
“Is dóigh go raibh cuid mhór den ghnáthshaol iontach príobháideach i rith na dtrioblóidí agus bhí sé sin fíor go speisialta i gcás na Gaeilge de, nuair a rinneadh dlúthbhaint idir Gaeilge agus cúrsaí polaitiúla in intinn fhormhór na ndaoine. Dá bharr sin ní raibh sé de nós ag daoine Gaeilge a labhairt ná í a chéiliúradh go hoscailte go dtí le déanaí nuair atá gluaiseacht ar bun chun Gaeilge a scaoileadh de réir a chéile ón cheangailt pholaitiúil sin.
Tá an chuma ar an scéal go bhfuil rath tagtha ar íomhá na Gaeilge go ginearálta fud fad na tíre agus sílim go ndeachaigh sin i bhfeidhm i gceantar an Dúin Theas chomh maith.”
Ach go fóill féin, an bhfuil Contae an Dúin i bhfad siar ar cheantracha eile sa Tuaisceart?
“Níl aon amhras ann ná go bhfuil an-dul chun cinn déanta i mBéal Feirste ó thaobh Gaeilge de; níl comparáid ar bith le Bóthar Seoighe, Raidió Fáilte ná Cultúrlann McAdam ó Fiaich againn sa Dún Theas.”
“Is dóigh go bhfuil an mhais chriticiúil ar fáil sna cathracha nach bhfuil againn faoin tuath. Ach tá buntáistí ar fáil sna bailte beaga anseo, agus go bhfios domh, i gCaisleán an Mhuilinn go speisialta, atá riachtanach má tá pobal Gaeilge le tógail; tá dlúthchaidreamh i gcomhluadar an phobail, tá dinimic idirphearsanta iontach dearfach ar fáil sa phobal agus taithí agus traidisiúin sa phobal chun imeachtaí cultúrtha móra, suimiúla a eagrú. Agus sin ráite, níl muid i bhfad ar chúl shaothar Bhéal Feirste ach oiread!”
Luann Emer an dea-thionchar a bhí ag ‘G-Day’, a bhí mar chuid den chlár teilifíse ‘G-Team’ a bheas á chraoladh go luath ar TG4, ar chúrsaí Gaeilge ar an bhaile.
“B’iontach an deis é sin,” a deir sí. “Lá den scoth a bhí ann don bhaile ar fad, bhí gach uile dhuine páirteach ann.”
Tá grúpa Gaeilge ag feidhmiú ar an bhaile agus sa cheantar máguaird, Glór Uachtar Tíre a bunaíodh in 1993.
Bronnadh deontas £140,000 ar Ghlór Uachtar Tíre anuraidh faoin Scéim Phobail Gaeilge 2011-2013 atá socraithe ag Foras na Gaeilge. Faoi láthair tá 170 ball ag Glór Uachtar Tíre agus tá 11 duine ar choiste an ghrúpa.
Cad atá ar bun ag Glór Uachtar Tíre?
“Tá cuid mhór imeachtaí ar bun againn faoi láthair. Tá seacht rang eagraithe ag Glór Uachtar Tíre gach seachtain ar gach leibhéal; ó bhunranganna fá choinne tuismitheoirí na bpáistí ata ag freastal ar Bhunscoil Bheanna Boirche agus Naíscoil Uachtar Tíre, rang GCSE agus suas go dtí Ardrang.”
“Tá ranganna amhránaíochta agus cóir bunaithe againn agus tá scoil drámaíochta againn fá choinne páistí agus déagóirí .”
“Tugann muid cuidiú grúpa ‘Tuismitheoirí agus Tachrán’ le chéile gach maidin Dé hAoine.”
“Bíonn grúpa beag spraoi fá choinne páistí óga ar siúl gach maidin Sathairn le haghaidh na bpáistí ó Naíscoil Uachtar Tíre nach dtéann ar aghaidh go dtí Bunscoil Bheanna Boirche ar fháthanna éagsúla d’ainneoin go mbíonn fonn ar a gcuid tuismitheorí go mbeadh deis acu a gcuid Gaeilge a choimeád agus a fheabhsú.”
Tá súil ag Glór Uachtar Tíre ‘Scoil Samhraidh Litríochta’, dírithe ar thraidisiúin Gaeilge an Dúin, a thoiseacht i mí an Mheithimh i mbliana agus é a reáchtáil ar bhonn bliantúil ina dhiaidh sin.
Cé mhéad Gaeilgeoir laethúil agus teaghlach Gaelach atá agaibh sa cheantar?
“Níl mé róchinnte faoi sin. Tá suirbhé uainn chun sin a mheas i gceart. Tá aithne agam ar cheithre lánúin atá ag tógail a gcuid páistí trí mheán na Gaeilge. Tá gach seans go bhfuil tuilleadh ann. Ó thaobh Gaeilgeoirí laethúla de, déarfainn go bhfuil na céadta daoine a bhfuil Gaeilge ar a dtoil acu thart anseo.”
“Tá 36 páiste ag freastal ar Naíscoil Uachtar Tíre (idir dhá sheisiún) agus 75 páiste ag freastal ar Bhunscoil Bheanna Boirche.”
Cuireadh tús le hIonad Gaeilge sa mheánscoil ar an bhaile, Scoil Naomh Mhaolmhaodhóg, i mbliana. Déantar deich n-ábhar fríd an Ghaeilge, sin 75% de na hábhair, agus tá cúigear ag freastal air go dtí seo.
Tá suíomh idirlín snasta nua ag Glór Uachtar Tíre –http://www.gloruachtartire.com/
GAELSCÉAL
Daltaí Gaelscoile dearfach faoin nGaeilge
Eanáir 26, 2012
Tá daltaí i nGaelscoileanna i bhfad Éireann n ios dearfaí faoin nGaeilge ná páistí i mbunscoileanna Béarla de réir taighde nua
Léiríonn tuairisc de cuid na hInstidiúide Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta (ESRI) go dtaitníonn an Ghaeilge le 45% de dhaltaí na nGaelscoileanna i gcónaí i gcomparáid le 20% i scoileanna Béarla.
Deir 10% de pháistí na nGaelscoileanna nach dtaitníonn an Ghaeilge leo riamh, ach deir 30% de dhaltaí i scoileanna Béarla an rud céanna. Deir na daltaí eile go dtaitníonn an teanga leo anois is arís. Taitníonn an Ghaeilge le beagnach 40% de dhaltaí i scoileanna Gaeltachta i gcónaí ach ní thaitníonn an teanga le thart ar 16%.
Ta daltaí Gaelscoile níos dearfaí faoin nGaeilge ná faoi Mhata ach tá siad níos dearfaí faoi Léamh/Béarla ná an Ghaeilge. Tá daltaí i scoileanna Béarla i bhfad níos dearfaí faoi Mhata agus Léamh ná an Ghaeilge. Mar shampla deir 45% de dhaltaí gur maith leo an Mata i gcónaí agus 10% nach maith leo riamh é. Ní thaitníonn an Ghaeilge le 33% de dhaltaí le múinteoir fir agus 28% le múinteoir mná.
De réir an taighde tá daltaí Gaelscoile níos dearfaí faoin gcóras scolaíochta i gcoitinne. Tá curaclam níos leithne á mhúineadh i nGaescoileanna.
GAELSCÉAL
Méadú 60.8% ar an Ghaelscolaíocht
Eanáir 25, 2012
Léirigh figiúirí a thug John O’Dowd, Aire Oideachais an Tuaiscirt, sa Tionól an fás atá ar an Ghaeloideachas le deich mbliana anuas.
Thar an tréimhse tá méadú 54.2% ar líon na bpáistí atá ag fáil bunscolaíochta trí Ghaeilge ó thuaidh.
Bhí 1,421 i rang a trí sa scoilbhliain 2001/2. Ba 2,191 a bhí ag an chéim chéanna in 2011/2.
Níl an líon céanna páistí ag gabháil don mheánscolaíocht Ghaeilge. Mar sin féin, tá méadú 60.8% air sin.
Bhí 342 páiste ag fáil meánoideachais trí Ghaeilge in 2001/2. Is 550 atá i gceist don scoilbhliain reatha.
Thug O’Dowd an t-eolas i bhfreagra ar cheist ón gComhalta den Tionól Reachta Daithí McKay.
Dúirt Mícheál Ó Duibh, príomh-fheidhmeannach Chomhairle na Gaelscolaíochta, gur léirigh na figiúirí an t-éileamh ar an Ghaelscolaíocht.
“Sílim go bhfuil sé tábhachtach go ndéanfaí forbairt ar an iar-bhunscolaíocht Ghaeilge. Más ann don éileamh, tá an dúshlán sin romhainn.”
GAELSCÉAL
Tús curtha le tógáil ‘Gaeláras Mhic Ardghail’
Eanáir 13, 2012
CUIRFEAR go mór leis an Ghaeilge ar an Iúir an tseachtain seo nuair a chuirfear tús leis an obair tógála ar ‘Gaeláras Mhic Ardghail’.
Táthar dóchasach go mbeidh an obair críochnaithe agus go mbeidh an Gaeláras oscailte faoi Mheán an Fhómhair 2012 – in am do chomóradh ar Choláiste Bhríde Ó Meith (1912) a bheas á reáchtáil in Iúr Chinn Trá, agus in Ó Meith Mara.
“Lárionad oidhreachta agus oideachais a bheas ann” mar Ghaeláras Mhic Ardghail, “áit a bheidh ag riaradh ar riachtanais Ghaeilgeoirí cheantair an Iúir,” de réir Séamus Mac Dhaibheid ó Chraobh an Iúir de Chomhaltas Uladh atá taobh thiar den tionscadail.
Tá an Gaeláras á thógáil ag ‘Cnocán Phádraig Naofa’, Sráid an tSéipéil, ar an Iúir. Ba le clann Mhic Ardghail, May, Úna agus Tomás, an teach seo agus is ina n-ónóir a bheas an áras ainmnithe.
Bhronn an teaghlach gaelach seo an teach agus an suíomh seo ar Chonraitheoirí an Iúir – suíomh a bhí roghnaithe ag na Bráithre Críostaí breis is 150 bliain ó shin d’fhonn a gcéad scoil in Iúr Chinn Trá a lonnú ann, Scoil Phádraig Naofa.
Tá an comhlacht tógála Kelly McEvoy Brown, as Caisleán a’ Mhuilinn, Contae an Dúin, roghnaithe leis an obair tógála a dhéanamh, conradh atá bunaithe ar phleananna a rinne Milligan Reside Larkin, ailtirí áitiúla.
Déanfar sean-bhungaló chlann Mhic Ardghail a athchóiriú chun spás teagaisc agus leabharlann-dánlann a chruthú.
Ar chúl an tí beidh Halla an Chonartha agus taobh leis dhá sheomra do ranganna na Craoibhe.
Is é Ciste Infheistíochta Gaeilge príomh-mhaoinitheoir na scéime, dream úrbhunaithe a bhí sásta suim shubstaintiúil a infheistiú sa togra nuair a ba léir dóibh go raibh Comhairle an Iúir agus Mhúrn toilteanach deontas £100,000 a thabhairt.
Is le Craobh an Iúir de Chonradh na Gaeilge an Gaeláras agus thug Comhaltas Uladh £30,000 don tionscadal mar is dócha go mbeidh Gaeláras Mhic Ardghail ag feidhmiú mar áit chruinnithe do bhaill an Chomhaltais amach anseo.
Tá Bunscoil an Iúir suite gar don Ghaeláras agus chítear deiseanna chun seirbhísí breise iarscoile a chur ar fáil do Ghaeilgeoirí óga an Iúir.
“Beidh muid ag soláthar ranganna, imeachtaí sóisialta agus oideachais, lá agus oíche le linn na seachtaine. Déanfar freastal ar leith ar pháistí a bhfuil an Ghaeilge acu cheana ach nach bhfuil fóram iarscoile acu. Táimid ag smaoineamh go háirithe ar lucht Bhunscoil an Iúir, idir dhaltaí agus tuistí,” a deir Séamus Mac Dhaibheid.
“Tá tacaíocht faighte cheana ón Heritage Lottery Fund chun Oifigeach Forbartha Oidhreachta a cheapadh agus déanfar duine a cheapadh go luath,” a deir sé, “Beidh deiseanna fostaíochta eile ann gan aon agó.”
GAELSCÉAL
Gaelscoil i mbaol druidim
Eanáir 6, 2012
Tá Gaelscoil i gCo. Dhoire i mbaol a druidte an tseachtain seo – mar nach cinnte cé atá freagrach as cíos a dhíol.
D’aithin an Roinn Oideachais Gaelscoil na Spéiríní i mBaile na Scríne cúig bliana ó shin.
Maoiníonn an Roinn an scoil. Ach dar le polasaí de chuid na Roinne, ní thugtar maoiniú muna bhfuil ar a laghad 15 dalta nua ag dul isteach in aghaidh na bliana.
Tá an scoil faoi láthair in ionad phobail An Rath Dubh ar an bhaile. Ach tá an t-ionad pobail chun é a dhíbirt muna ndíoltar cíos. Ní raibh urlabhraí thar ceann na scoile ná thar ceann an ionaid phobail ar fáil.
GAELSCÉAL
Ó dhearbhnialas go tríocha: Tionchar dearfach na Gaelscoile ar an tSrath Bán
Mí na Nollag 8, 2011
DAR le Seán Ó Daimhín, fear atá ag gníomhú ar cheist na Gaeilge ar an tSrath Bán le fada – tá tionchar ag an Ghaelscolaíocht ar úsáid na Gaeilge sa teach. “Ní thig liomsa labhairt faoi cheantair eile, ach anseo ar an tSrath Bán, sular bunaíodh Gaelscoil Uí Dhochartaigh i 1997, níl mise eolach ar aon teaghlach a thóg a gclann le Gaeilge. An teaghlach deireanach atá ar eolas agam a thóg a gclann le Gaeilge sa cheantar ná muintir Uí Nualláin, is é sin tuismitheoirí Bhrian Uí Nualláin (Myles na gCopaleen) agus Chiaráin Uí Nualláin, agus ní inniu ná inné é sin,” ar seisean. “Bhí roinnt teaghlach ann i gcónaí a bhí báúil leis an Ghaeilge, agus a chuireadh a bpáistí chun na Gaeltachta sa samhradh is araile, ach is mór idir sin agus páistí a thógáil le Gaeilge.” An raibh tionchar ag an Ghaelscolaíocht ar an líon sin? “Bhí, gan amhras. Níl a fhios agam an bhfuil páistí á dtógáil i nGaeilge amháin ag an bheirt tuismitheoirí in aon teaghlach anseo, ach bheadh thart fá 20 teaghlach sa cheantar anois agus na páistí á dtógáil i nGaeilge ag tuismitheoir amháin, agus roinnt Gaeilge á húsáid ag an tuismitheoir eile. Bheadh thart fá 30 teaghlach eile ann ina mbeadh cúpla focal beo achan lá sa bhaile leis na páistí, leithéidí ‘oíche mhaith’ agus ‘ná déan sin’, ‘maith an cailín’, ‘go raibh maith agat’, ‘tabhair dom’ srl.
“I gcomparáid le líon iomlán na dteaghlach sa cheantar, is líon beag é an 20 teaghlach sin, agus is mionlach é fosta fiú taobh istigh de phobal na Gaelscolaíochta, ach is dul chun cinn suntasach é ar a raibh ann roimhe seo.”
“Nuair a bunaíodh an Ghaelscoil thug sin uchtach domsa mar thuismitheoir a labhair Gaeilge amháin le mo pháistí féin, agus is Gaeilge amháin a labhair siad liom go dtí an lá atá inniu ann, iníon amháin 10 mbliana agus iníon eile 14 bliana.”
“Sin an tábhacht atá leis na Gaelscoileanna in achan cheantar, chan amháin go bhfaigheann do pháistí oideachas trí Ghaeilge, ach go dtugann siad seasamh buan feiceálach don Ghaeilge sa cheantar, agus faigheann go leor tuismitheoirí uchtach agus dóchas uaidh sin Gaeilge a labhairt lena gcuid páistí sa bhaile.”
An bhfuil sé níos éasca páistí a thógáil le Gaeilge ó dheas? “Tá agus níl. Ní maith liom féin aon mhór-idirdhealú a dhéanamh idir taobh amháin den teorainn agus an taobh eile. Ach tá difear mór amháin nach féidir a shéanadh agus is dúshlán mór é. Tuigim go mbíonn roinnt daoine sna 26 chontae ag gearán faoin dóigh ar teagascadh Gaeilge dóibh ar scoil, deir siad nach bhfuil siad in ann Gaeilge a labhairt.”
“Ach creidimse go bhfuil Gaeilge éigin sa ghrágán acu uilig. Mar shampla, d’fhreastail mé ar cheolchoirm de chuid Choláiste Ailigh i Leitir Ceanainn cúpla bliain ó shin, an scoil a raibh m’iníon ag freastal uirthi ag an am. Bhí na tuismitheoirí ag bualadh bos ag an am ceart. Bhí leath-thuiscint ag na daoine is laige Gaeilge ar cad é a bhí ar bun ar an ardán.”
“Ach ar an tSrath Bán, ag seó mór scoile i nGaeilge amháin, nuair a deirtear rud éigin greannmhar ar an ardán, nó nuair a thugtar eolas tábhachtach, bíonn ciúnas mór. As thart fá gach 6 thuismitheoir againne ar an tSrath Bán, bheadh cúigear nach bhfuil oiread is focal Gaeilge acu, fiú ‘tá’ nó ‘agus’. Séanadh an Ghaeilge orthu sa chóras oideachais ar fad. Nuair a chluinim iriseoirí agus polaiteoirí ag caint faoin ‘an-dul chun cinn’ ó thuaidh, áit nach bhfuil an Ghaeilge ‘éigeantach’, smaoiním ar an chiúnas mór sin, tuismitheoirí ar mhaith leo Gaeilge a bheith ag a bpáistí féin, ach gan oiread is dhá fhocal acu féin le cuimilt in aghaidh a chéile.”
“Chomh maith leis sin, ní féidir rudaí bunúsacha bídeacha a fháil ón stát ó thuaidh. Dhiúltaigh siad teastas breithe, i nGaeilge ná dátheangach, a thabhairt dúinne dár n-iníonacha. Chuir duine de mo iníonacha ceist orm lá amháin roinnt blianta ó shin “A Dhaidí, cad chuige nach bhfuil An Srath Bán i nGaeilge ar na comharthaí bóthair anseo, ach go bhfuil An Srath Bán agus Leifear i nGaeilge thar an droichead?’. Aithníonn siad féin nach bhfuil an Ghaeilge le brath sa timpeallacht, go bhfuil rudaí ‘níos fuaire’ ó thuaidh. Rudaí beaga mar sin, tá tábhacht leo in intinn páiste.”
Gaelscéal
Tá an-rath ar an ghaelscolaíocht ach an raibh mórán de thionchar aige sin ar líon na dteaghlach Gaeilge sa tír?
Mí na Nollag 8, 2011
DEIR stiúrthóir eagraíochta a thacaíonn le daoine chun clann a thógáil le Gaeilge, Feargal Ó Cuilinn go bhfuil “Iarscolairí na scoileanna ag roghnú na Gaelscolaíochta dá bpáistí féin seachas Gaeilge a labhairt leo.”
Ní scéal mór nó iontach é go bhfuil líon na bpáistí atá á dtógáil leis an Ghaeilge sa Ghaeltacht ag titim i gcónaí, de réir na fianaise a léiríonn na staitisticí ó Scéim Labhairt na Gaeilge cibé ar bith. Glactar go forleathain go bhfuil rath ar an Ghaeilge sa Ghalltacht, áfach, agus is cinnte dearfa go bhfuil na Gaelscoileanna ag fás as cuimse le 30 bliain anuas. Ach an bhfuil tionchar á imirt ag an fhás sin ar líon na bpáistí atá á dtógáil leis an Ghaeilge sa Ghalltacht? Tá an tUasal Ó Cuilinn, stiúrthóir Chomhluadar, dóchasach go bhfuil dul chun cinn déanta, áfach. “Is é mo bharúil ná go bhfuil níos mó daoine ag iarraidh a bpáistí a thógaint le Gaeilge le 10 mbliana anuas, agus go bhfuil ardú beag ins an méid teaghlach atá á dhéanamh,” a deir sé. “10 mbliana ó shin bhí breis is 200 teaghlach cláraithe le Comhluadar agus b’fhéidir 80 díobh an-ghníomhach.” “Faoi láthair tá breis is 650 ar na leabhair againn agus b’fhéidir 200-250 ag baint úsáid ghníomhach, go míosúil, as seirbhísí sóisialta na heagraíochta. Ar a bharr sin bheadh teaghlaigh aonaracha eile agus grúpaí pobal i dteagmháil linn ag lorg comhairle srl.” Deir Feargal nach bhfuil obair s’aigesean agus Chomhluadar éasca áfach. “Tá sé deacair, gan tacaíocht ná straitéis ag an státchóras chun cur leis an líon teaghlach.” Ach nach bhfuil an Ghaelscolaíocht ag cabhrú leis an dul chun cinn?
“Maidir leis an nGaelscolaíocht, tá fós líon an-bheag de thuismitheoirí na ngaelscoileanna ag tógáil a bpáistí le Gaeilge.” “Cinnte, bheadh daoine áirithe á dhéanamh ach ní dóigh liom (agus ní fheictear dom) go bhfuil uimhreacha suntasacha i gceist.” “Tá an chuma ar an scéal go bhfuil iarscoláirí na scoileanna ag roghnú na Gaelscolaíochta dá bpáistí féin seachas Gaeilge a labhairt leo,” a deir sé.
Dar le hÁine Ní Shléibhín a oibríonn le Gael-Taca i gcathair Chorcaí, “De réir mo thaithí féin ó bheith ag bualadh le pobal na Gaeilge sa chathair, tá níos mó teaghlach ann ná a cheapas féin fiú a bheadh ag tógáil clainne le Gaeilge. Faraor, níl aon fhigiúr deimhneach nó faic mar sin agam, ach díreach ó thaobh daoine ag bualadh isteach anseo chugainn, tá daoine fós á dhéanamh.” Deir an Dr. Fearghal Mac Ionnrachtaigh, iardhalta Choláiste Feirste agus gníomhaire Gaeilge i mBéal Feirste, “tá mise cinnte de go bhfuil méadú suntasach ann ó thaobh líon na dteaghlach atá ag tógáil a gcuid páistí le Gaeilge ach níl taighde ceart déanta ar tionchar an Ghaeloideachais ó thuaidh nó ó dheas chun fianaise a chur le cibé tuairim atá ann…cad chuige seo? “Bá chóir go gcuirfí tionscadail taighde cuimsitheacha le chéile chun an scéal seo a fhiosrú agus plean ceart a chur le chéile bunaithe ar na dushláin a eascraíonn as. Ar ndóigh, beidh airgead, toil agus fuinneamh de dhíth chun seo a dhéanamh ach ní dócha go bhfuil muid ag caint ar riachtanas ró-uaillmhianach.” Ach an bhfuil sé go díreach “Iarscoláirí na scoileanna ag roghnú na Gaelscolaíochta dá bpáistí féin seachas Gaeilge a labhairt leo” Cá mhéad páiste a fhaigheann oideachas trí mheán na Gaeilge sa Ghaeltacht?
De réir figiúirí ó COGG An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta & Gaelscolaíochta, tá 5,100 in Iarbhunscoileanna ag fáil oideachas trí mheán na Gaeilge sa Ghaeltacht agus 9,500 ag fáil bunscolaíochta trí mheán na Gaeilge sa Ghaeltacht. De réir na staitisticí ó Scéim Labhairt na Gaeilge an uair dheireanach a rinneadh í, tá Gaeilge ag tuairim is 30% de pháistí na Gaeltachta.
G
Seimineáir ag spreagadh daltaí scoile chun na Gaeilge
Deireadh Fómhair 21, 2011
TÁ Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge ag eagrú seimineár do dhaltaí meánscoile i Luimneach ar an 22ú Samhain 2011 agus i nDún Garbhán i bPort Láirge ar an 23ú Samhain 2011.
“Buntáiste Breise na Gaeilge” an tainm atá ar na seimineáir agus pléifear na buntáistí breise a thugann an Ghaeilge duit agus tú ag dul i mbun do ghairme beatha a phlé. Beidh painéal de mhúinteoirí, ceoltóirí, léachtóirí, lucht spóirt,daoine óna meáin Ghaeilge agus gairmeacha eile a bhaineann leis an nGaeilge i láthair. Labhróidh siad faoina gcuid gairmeacha, an tslí ar éirigh leo é a bhaint amach agus conas a bhí an Ghaeilge ina chabhair leo. Déanann Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge iarracht cainteoirí dúchasacha amháin a fháil do gach seimineáir. I ndiaidh na cainte, beidh fáilte ríomh cheisteanna óna daltaí i mBéarla nó Gaeilge.Deir Brígíd Ní Ghríofa ó Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge, “Ar dtús, cheapamar go mbeadh an tseimineáir dátheangach ach go dtí seo, bhí siad beagnach go hiomlán i nGaeilge.”Scoileanna lán-Béarla den chuid is mó a bhí ann go dtí seo, ní raibh ach Gaelcholáiste amháin i láthair ag an gcuid is mó de na seimineáir go dtí seo. Ag deireadh an deireadh seachtaine seo, beidh 16 seimineár déanta acu agus faoi cheann deireadh na bliana, beidh 120 scoil i ndiaidh freastal ar na seimineáir seo. Deir Brígíd go bhfuair siad anchuid aiseolas dearfach ar na seimineáir. “Níor thuig na daltaí go raibh an oiread sin réimsí ann chun dul leis an nGaeilge. Cheap siad nach raibh ann ach an mhúinteoireacht,” a deir Brígíd. Más múinteoir scoile tú sna ceantair seo agus má tá spéis agat sna seimineáir, tá tuilleadh eolais ar fáil ó Bhrígíd Ní Ghríofa ar 01 6794780 nó brighid@comhdhail.ie
Foinse – Katie McGreal
Tionscnamh Oideachais ar chearta teanga
Meán Fómhair 30, 2011
Sheol an tAire Stáit Gaeltachta, Donnchadh Mac Fhionnlaoich tionscnamh nua oideachais ar chearta teanga do dhaltaí scoile dara leibhéal i gCathair na Gaillimhe an tseachtain seo.
Is tionscnamh nua, ilmheáin oideachais é a d’fhorbair Oifig an Choimisinéara Teanga chun deis a thabhairt do dhaltaí scoile eolas ” dátheangach ” a fháil ar a gcearta teanga tríd an gcúrsa Teastais Shóisearaigh san ábhar Oideachas Saoránach, Sóisialta agus Polaitiúil (OSSP). Painéal de mhúinteoirí OSSP a d’fhorbair an t-ábhar le cabhair ó raon leathan eagraíochtaí lena n-áirítear an tSeirbhís um Fhorbairt Ghairmiúil do Mhúinteoirí le cabhair ó COGG, ó Nuacht TG4/RTÉ agus tuilleadh freisin. Rinneadar tástáil anuraidh ar an tionscnamh i 15 scoil ar fud na tíre. Bhí meascán de scoileanna Béarla agus Gaelscoileanna ann. An tseachtain seo, fuair na meánscoileanna ar fad sa tír bosca le téacsleabhar lán le ceachtanna, dlúthdhiosca le físeáin faoi chearta teanga agus roinnt cártaí éagsúla chun cluichí a imirt sa rang. “Rinneamar iarracht na costais a choimeád íseal,” a dúirt Seán Ó Cuirreáin, an Coimisinéir Teanga. “Tá costas EUR24 ar gach bosca.”
Gaelscéal
Leabhrán faoi aistriú do phaistí ón naíonra chuig an scoil lán-Ghaeilge
Meán Fómhair 23, 2011
Sheol Forbairt Naíonraí Teoranta agus Gaelscoileanna Teo. leabhrán dar teideal ‘An Traein’ a scríobh an Dr Máire Mhic Mhathúna le hurraíocht ó Fhoras na Gaeilge agus ón Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige ar an Máirt seo caite i mBaile Átha Cliath.
Tá sé mar aidhm ag an leabhrán cabhrú le stiúrthóirí naíonra agus le múinteoirí gaelscoile agus ar an gcaoi sin, cabhrú le páistí agus le tuismitheoirí/caomhnóirí, an t-aistriú ón naíonra go dtí an Ghaelscoil a dhéanamh go réidh, socair, sásúil. Tá trácht sa leabhrán ar an príomhathruaithe sa timpeallacht fhisciúil, na hathruithe sóisialta agus féiniúlachta agus na hathruaithe oideachasúla a mbíonn páistí ag dul i ngleic leo agus iad ag aistriú ón naíonra/réamhscoil go dtí an bhunscoil. Tá cuntas inti ar an saintréithe a bhaineann leis an an luath-thmoideachas agus ar chúrsaí teanga sna naíonraí agus sna Gaelscoileanna. Déantar cur síos ar obair an naíonra agus ar shúgradh mar mhodh foghlama ag páistí óga. dar le Máire Uí Bhriain, cathaoirleach Forbairt Naíóinraí Teoranta, “Is tréimhse an tábhachtach i saol linibh í an tréimhse forbartha idir 0 agus 6 bliana d’aois. Trasnaíonn an tréimhse seo an t-am a chaitheann páistí i naíonraí agus i ranganna na naíonán sa bhunscoil. Mar sin beidh ana-chabhair sa leabhrán nua seo don dá leibhéal agus tá súil againn go rachaidh sé chun leasa na bpáistí.”
Chun an leas is fearr a bhaint as an taighde tá súil ag an dá eagraíocht scéim phíolótach a chur sa tsúil le linn 2012 chun an dea-chleachtas bunaithe ar thorthaí agus ar fhianaise a chinntiú. Beidh an scéim seo ina cabhair mhór do náionraí agus Gaelscoileanna sa todhchaí, leis an gcleachtas is fearr agus is úsáidí a aithint agus a chur i bhfeidhim chun an t-aistriú is oiriúnai agus is éasca a chinntiú do pháistí. Thoisaigh na heagraíochtaí an taighde don leabhrán seo in 2009 agus tá sé lán le moltaí agus eolas do mhúinteoirí agus do stiúrthóirí naíonra. Seolfaidh Gaelscoileanna Teo. an leabhrán go dtí na bunscoileanna agus na naíonraí agus tá sé ar fáil ó oifig Forbairt Naíonraí Teoranta (01 8535101) agus ó oifig Gaelscoileanna teo (01 8535191)
Gaelscéal – Katie McGreal



